AN GAOḊAL.
197
do ċaiṫ í i g-conne a máṫar. Ar d-tui¬
tim anuas ar an d-talaṁ di d'ḟás líne
snáṫad fad do raḋairc suas go d-ti
an spéir ar ṁóḋ na'r ḟeud an ċailleaċ
an ḃeirt eile do roċtain nó fós iad d'
feicsint nó go ḃfuair sí a tuaġ draoi¬
ḋeaċta & gur ġeárr sí raon di féin.
Fad a ḃí sí ag a ḋéanaṁ san do
ṫeiṫ an cailín & an buaċaill aċt níor
ċian gur rugaḋ orra arís. Do ḃain an
cailín fáinne ḃuiḋe óir ḃí ar a méir di
& do ċaiṫ é a g-coinne a máṫar arís.
Gan aon aṁrus ḃí an fáinne beag aċt
ar n-dul tríd an an aer do, ċuaiḋ sé
an oiread san i leiṫead go raiḃ sé mór
a ḋóitin ċum teaċt timċcall colna na
cailliġe & ar d-tuitim ċum a cos d'ḟás
an fáinne suas i n-glinntiḃ. Smuain sí
lúṫaireaċ ar an tuaġ draoiḋeaċta do
ṫógḃáil amaċ arís aċt ḃí an fáinne
cóṁ fáisgṫe 'na timċeall go raiḃ sí a
ḃfad sul ar ḟeud sí raon do ġearraḋ
di féin.
Ar d-teaċt amaċ as an ḃfáinne di
ḃí sí i rioċt muice. Do lean sí rian na
beirte eile ḃí teiṫeaḋ roimpi. Fa ḋeire
ṫáinic sí suas leo, a béal ar leaṫaḋ
ċum iad do slugaḋ. "Seo uḃ duit," ar
an cailín leis an m-buaċaill, "caiṫ lem'
ṁáṫair í & má ḟeudann tú cur isteaċ
in a sgórnuiġ é, óir má ċuireann tú tá¬
maoid sáḃálṫa"
Ḃeir sé ar an uḃ & do ċaiṫ í; go áḋ¬
ṁaraċ d'aimsiġ sé an ball ceart & do
ṫuit an ṁuċ gan éiriġe go bráṫ. "Tá
go maiṫ & ní'l go h-olc," ar an ḃeirt i
m-béal a ċéile.
"Cread ḋéanfam anois," ar an buaċ¬
aill?" D'ḟeuċ sise air go géar & do
ċuir smiota gáire airṫi. "Caiṫfir-se
dul aḃaile dod ṫig féin." Ar ċlos sin
do, ṡaoil sé gur ṡiuḃal an bás air & b'
ḟeárr leis go m-beiḋeaḋ an fód do ḃí
faoi os a coinn. "Má ṫéiḋim aḃrile, ar
sé, "beiḋead ag cuiṁne ort-sa." "Ag
cuiṁne orm-sa!" ar sé Ní ḃeiḋir ag
cuiṁneaḋ orm-sa! óir ní túisge ḃeiḋir
sa ḃaile a g-ceart ná slíobfaiḋ cú ḃán
t'aṫar do láṁa & as san amaċ ní ċuiṁ¬
neóċair orm-sa nó go ḃ-feicfir mé an
lá sul a ṗósair! Slán leat!"
As léiṫe go bráṫ. D'imiġ seiseas a
ṡliġe féin faoi ḃrón & buaiḋirt. Ba
ṁinic d'ḟeuċ sé ar a ċúlaiḃ le súil go
ḃ-feicfeaḋ sé an spéirḃean aċt ní ḟac¬
aiḋ. Ċum cinn leis gur ráinig sé ceann
a riain. D'ḟearaḋ feiltiḋe roiṁe. D'
ḟeuċ sé timċeall air d'ḟeuċain a ḃfeic¬
feaḋ sé an ċú bán. Do ċonnairc; ṫáin¬
ig sí ċuige, & ḃí ag líopáil timċeall air
& d'éis caradas ḋéanaḋ leis do ṡlíob
sé a láṁa.
I g-cionn sé bliaḋna 'na ḋiaiḋ san
ḋéan sé cleaṁnas le cailín do ċóṁnuiġ
san m-baile céadna leis. Tar éis an
ċleaṁnais do réiteaċ, d'aiṫin sé fleaḋ
do ḋéanaṁ, & cuireaḋ ċur ar gaċ uile
ógán & cailín do ṁair mór-timċeall air.
Ṫáinic gaċ uile duine; ḃí fleaḋ gléas¬
ta rómpa; ṡuiḋeadar cum iṫte & óil;
na ḋiaiḋ san ḃí ceól & rínceaḋ aca.
'Nuair a ḃíodar tuirseaċ ó 'n rín¬
ceaḋ ṫosnuiġeadar ag ínnsint sgéal;
ċaiṫ gaċ uile ḋuine sgéal ḃeiṫ aige. A
n-deire ar fad d'éiriġ cailín ar a raiḃ
folt níos duiḃe ná sgiaṫán an ḟiaiċ
duiḃ & cncas níos glaine ná bláṫ draiġ¬
in. ġorm niaṁṁaraċ in a súiliḃ & las¬
aḋ mar scáil na g-caor in a gruaiḋ. Is
é an sgéal d'innis sí aċt mar atá ínn¬
ste agam-sa ḋíḃse. Annsan do ṫug an
buaċaill ċum a ċuiṁne a imeaċta san
doṁan t-soir. Do léim sé as a ċaṫaoir
& do ċuaiḋ & do ċuir céad míle fáilte
róimpi, & do ḃeir bróg airri & do póg
í trí h-uaire. Agus d'innis sé do 'n
ċóiṁṫionól uile gaċ niḋ mar do ḃí ó
ṫús go deire.
Ar an máraċ ḃrís sé an cleaṁnas
ḃí réitiġṫe leis an g-cailín eile & do
ṗós an ḃean do ṡaor ó'n m-bás go min¬
ic é. Agus níor aiṫreaċas do san, óir
do ċaiṫeadar an ċuid eile dá saoġal
gan brón ioná mí-áḋ ar biṫ.
Críoċ an ċéid sgéil.
The Colorado Catholic, Denver, is ably edited.
Father Malone is a strong advocate of a Catholic
arena. Could there be a more fitting matter for
such than that discussed in the leading articles in
the two last issues of THE GAEL Was the Fath¬
er afraid to touch it?
The Tuam News and the Clonmel Nationalist
should be supported by Irishmen, both having
Gaelic departments.
