(30)
9Ṁaḋ Rol. Uiṁ. 6.
SEAĊT-ṀÍ
1892.
DÁN AIR "MAĊ-AN-ULTA."
Fonn — Ríġ Oileán na g-Cairniṫeor.
Ababú! ar ċualais an sgeul
Tá curṫa i leiṫ gaċ Gaoḋal
Ṫainic ariaṁ air an saoġal,
Leis'n g cleasaiḋ, Mac-an-Ulta, —
'Sé sin é naċ ḃ-fuil 'nar b-pór
Aċ spailpíniḋe, beag a's mór,
Naċ laḃrann Béarl' mar is cóir,
Aċ Gaoḋailge Ċon-na-mara!
Súd é an te luaiḋ an sgeul,
Ḃí dul ṫart ó ḃeul go beul,
Go suiḋfeaḋ síos air an nGaoḋal,
Gan oiread a's rúinne truaiġ', —
Go leagfaḋ 'ṫóin air ċó trom
'Snaċ ḃ-fuiġṫiḋe é g-clais nó d-tom
Dá siúḃ'lṫaiḋe 'n doṁan air a ḃonn,
Ó ṡin go lá an t-sléiḃe!
Is fur's d'aiṫne, ó n-a ráḋ,
Nár ṫug Pan dó solus fáḋ'
Óir tá 'n Gaoḋal 'na ṁalraċ ḃreáġ,
Ag riṫ air fad na tíre, —
'Snár "Suiḋ sé síos air go teann,
Aċt (fúiġeall-fíona in a ċeann)
Laḃair na focla sin i ngreann,
Nó, le n-a aḋarc do ṡéideaḋ.
Tá sé 'nois gan ḃriġ gan ċáil,
A's lúṫ a ḃéil d'a ḟágḃáil,
Aċ oibreann fós faoi ḋroiċ scáil'
Ḋorċadais ḋuiḃ na h-oiḋċe; —
Maslúġ' Gaoḋal ó oiḋċ' go ló
Tá go cráíḃṫeaċ ins an ngleo
Ċum a d-teanga ṁilis, ḃeoḋ'
Árdúġaḋ suas in áirde.
'Nois ag críoċnúġ' bun mo sgéil,
Cuirim impiḋe air ṡlioċd Ġaoḋail
Cur le ċéile 'r fad an t-saoġail,
'San t-sean náṁaid a ruagaḋ, —
'Sa d-teanga ṁín ṁáṫ'rḋa féin,
Tá 'n-a measg ó aimsir séin,
Ċleaċda 'rís i ḃ-foirm léiġin,
Mar bí 'sna laeṫiḃ ársa.
