208
AN GAOḊAL
Do ċailleamair, mo ḋeacair ḃruid ár
ḃ-fíor leoġain,
Do sgaipeadar ṫar fairge de ḋruim
boċnaḋ,
Ċum caṫaiġṫe le danaraiḃ, d'a síor
leoġna,
Ní ṁairid sin, 'sní ṁairfeamna aċd
fíor ṁóimeint.
Cá ḃ-fuilid na fearaċoin buḋ ġníoṁ'
cróḋa?
'S buḋ ċalma d'a ḃ-feacamuir 's an
rinn Eorpa,
A's gaċ faraire buḋ ċeannasaċ, do
ṡín leo san.
Ní ṁairid sin, 'sní ṁairfeamna aċd
fíor ṁóimeint.
Cá ḃ-fuilid ár n-Eagluis buḋ ċeann
treoraḋ,
'San aicme sin do ṫeagasgaḋ ár n-aois
óga,
Flaṫa ceart na Banba 'sa príóṁ
sluaiġte?
Ní ṁairid sin, 's ni ṁairfeamna aċd
fíor ṁóimeint.
Aṫċuingim air eagna an Ríġ ċóṁaċtuiġ,
An t-anam san do ġalaruiġ do ċroiḋe
brónaċ,
Gan dearmuid, gan easbaḋ air biṫ, gan
míoċóṁṫrom,
Go n-deaċaiḋ sin go Parrṫas na prioṁ
ġloire.
Tomás D. de Norraḋ.
BRAON AN n-ÓIL.
By P. A. DOUGHER.
Buḋ cleaċtaċ liom ó rugaḋ mé a's mo
ṡinsir i ḃ-fad roṁam,
'D-talaṁ glas na h-Éireann ḃiḋeaḋ ag¬
ainn punċ go-leor;
Níor ṁill sé 's níor ṁarḃaiḋ sé 's níor
ġortuiġ sé mé go fóill,
Ó ṫug Bibacus Mór dúinn cead braon
ól.
Ní'l mé caint fa an g-crúisgín 'nois
Ná meisge air biṫ de 'n t-sórt,
Aċ an nádúr breáġ 'san ġeanaṁlaċt
Tá leis an m-braon an n-óil,
Tá leis an m braon an n-óil,
Tá leis an m-braon an n-óil,
Aċ an nádúr breáġ 'san ġeanaṁlaċt
Tá le linn an ḃraoin an óil.
'S tá cuiṁne liom air m' aṫair agus
aṫair m' aṫair ṁór,
'Gus seandaoine an ḃaile, g-cuideaċt
a t-aos óg;
Lá saoire, aonaiġ 's margaiġ ba taiṫ¬
neaṁaċ liom an gleo
Biḋeaḋ acu teaċt a ḃaile díoḃ tar éis
braon ól.
Ní'l mé caint, &c.
Do ċualas tráċt air ḃaintreaḃaċaiḃ
dul 'steaċ go teaċ an óil,
Leis an ngaḃa 'gus an táilliúr go com¬
ortaċ le na stór;
A m-beiḋeaḋ dúil agad ḋul i g-cleaṁ¬
nus le cailín deas na m-bó,
Is beag an sásaḋ ġeoḃṫá-sa go m-beoċ
agad braon le n-ól.
Ní'l mé caint, &c.
Seo sláinte do mo ṁuintir agus sláin¬
te do mo ġráḋ,
Sláinte do na coṁarsanaiḃ g-cuideaċt
a mar tá;
Sláinte do na h-Éireannaiġiḃ, béiḋ
saoirse acu fós,
Is ní ḃéiḋ an lá cainte fa ḃraon beag
ól.
Ní'l mé caint, &c.
AN BULLÁN BREAC,
(Le P. O'L.)
Ḃí riġ in Éirinn fad ó & is fod ó
ṡoin a ḃí & beiḋ arís leis. Do ṗós sé
bean ḃreáġ & ḃí mac aige lei ar a tug¬
aḋ mar ainm Seáġanaċ Riġ Éireann,
oir ḃi a aṫair ċum an riġeaċt do ṫaḃ¬
airt do tar éis a ḃáis féin. Fuair an
rioġan bás sealad nna ḋiaiḋ san, aċt
má fuair níor ċoiméad an riġ a cuiṁ¬
ne a ḃ-fad; do ṗós sé bean eile & ḃí
beirt ṁac aige léiṫe. Ní raiḃ sí nna
ceann ró-ṁaṫaċt ar a ṡon-san féin ní
raiḃ sí ró-olc — dá leas mac nó gur
eiriġ an triúr suas nna m-bioránaiġiḃ
