210
AN GAOḊAL
a ḋóiṫin. "Anois," ar san bullán le
Seáġanaċ, "teiḋir anáirde ar an g-
crann-san taoḃ leat & feuċ an ċíonn
tú aon iongna." Suas leis go luaṫléir.
"Cím," ar sé, "neul mór duḃ'' "An
neul mór duḃ a ċíonn tú," ar an bull¬
án, "is tarḃ mór duḃ é tá ag teaċt
ċum troda liom-sa, aċt is beag an ma¬
ṫas do-san, oir ḃéarfad sa buaḋ air;
fan-sa mar ataoi no go m-beiḋ an caṫ
ar g-cúlaiḃ; tar anuas annsan & iṫ
croiḋe & aoḋ an tairḃ duiḃ & beiḋ do
neart féin mar aon le neart an tairḃ
ionnat."
Baḋ ró-ġeárr dóiḃ go d-táinic an
tarḃ mór duḃ i láṫair an ḃulláin ḃric.
Seo ċum a ċéile an ḃeirt. Do riġnea¬
dar ball bog de'n ḃall cruaiḋ, ísleán
do'n árdán, & árdán de'n ísleán & da
d-tiocfaḋ íoċtar na hÉireann le h-uaċ¬
tar na h-Éireann is ar an m-bullán
ḃreac & ar an d-tarḃ duḃ ċóir Rug
an bullán buaiḋ ar an tarḃ faoi ḋeoiḋ;
ṫáinic Seáġanaċ anuas & d'iṫ sé an
ċroiḋe & na h-aoḋa mar d'aiṫin an bul¬
lán do & ḃí a neart féin ann mar aon
le neart an tairḃ duiḃ.
An lá ar n-a ṁáraċ do ċuaiḋ Seáġ¬
anaċ ar ṁuin an ḃulláic ḃric arís & as
leo go bráṫ. Do rugndar ar an ngaoiṫ
ḃí rómpa & níor ḃeir an ġaoṫ ḃí nna n-
diaiḋ orra & níor stadador riaṁ ná
ċoiḋċe nó go raiḃ drúċt an ċeoiḋ &
meirg na h-oiḋċe ag teaċt & do ṫriall¬
adar isteaċ i g coill ṁóir "An ḃ-fuil
ocras ort?" ar an bullán. "Tá," ar
Seáġanaċ, & do ḃuail an bullán breac
buille de cois dá ċosaiḃ & ṫáinic aníos
ċuige bórd lán de'n ḃiaḋ baḋ ḃreáġṫa
ḃlas béal duine ariaṁ roiṁe san & d'
iṫ Seáġanaċ a ḋóiṫin de. "Anois," ar
an bullán breac, "téiḋir anáirde ar an
g-crann san taoḃ leat & feuċ an ḃfeic¬
eann tú aon iongna!" "Ċim" ar Seáġ¬
anaċ, "neul mór dearg." "An neul
mór dearg a ċíonn tú is tarḃ mór
dearg é tá ag teaċt ċum troda liom¬
sa, aċt is beag an maṫas do san; ḃéar¬
fad-sa buaiḋ air. Fan-sa mar taoi nó
go m-beiḋ an caṫ ar g-cúlaiḃ, tar anuas
annsan & iṫ croiḋe & aoḋ an tairḃ
deirg & beiḋ do nearn féin & neart an
dá ṫarḃ ionnat."
Baḋ rói-ġeárr dóiḃ go d-táinic an
tarḃ mór dearg — coṁ mór le cnoc —
i láṫair an ḃulláin ḃric Seo ċum a
ċéile an ḃeirt; do riġneadar ball bog
de'n ḃall cruaiḋ, ísleán de'n árdán &
árdán de'n ísleán; & dá d-tiocfaḋ
íoċtar na hÉireann le h-uaċtar na h-
Éireann is ar an m-bullán breac & ar
an d-tarḃ dearg baḋ ċeart. Rug an
bullán buaḋ ar an d-tarbh faoi ḋeireaḋ,
ṫáinic Seáġanaċ anuas & d' iṫ sé an
ċroiḋe & na h-aoḋa & ḃí a neart féin
& neart an dá ṫarḃ ann.
Maidin an treas lae ċuaiḋ Seáġan¬
aċ ar ṁuin an ḃulláin ḃric & ar leo a¬
raon. Do rugadar ar an n-gaoiṫ ḃí
rómpa & níor ḃeir an ġaoṫ ḃí nn a n-
diaiḋ orra & níor stadadar nó go raiḃ
drúċt an ċeoiḋ & meirg na h-oiḋċe ag
tuitim & do ṫrialladar isteaċ i g-coill
ṁóir "An ḃ-fuil ocras ort?" ar an
bullán breaċ. "Tá," ar Seáġanaċ, & do
ḃuail an bullán breac buille de cois d'a
ċosais ar an d-talaṁ & ṫáinic aníos
ċuige bórd lán de'n ḃiaḋ ḃaḋ ḃreáġṫa
ḃlas béal duine riaṁ roiṁe-san, nó ó
ṡoin anuas, & d'ith Seáġanaċ a leor-ḋói¬
ṫin de. "Anois,' ar an bullán breac,
"téiḋir anáirde ar an g-crann san
taoḃ leat & feuċ an ċíonn tú aon ion¬
gna." Suas leis go luaṫ léir. "Ċím,"
ar sé, "neul mór bán." "An neul mór
bán a ċíonn tú," ar an bullán breac,
"is tarḃ mór geal é atá ag teaċt ċum
troda liom-sa; tuitfimíd araon le
ċéile aċt fan-sa mar atá agat nó go
m-beiḋ an caṫ ar g-cúlaiḃ. Tar anuas
annsan & iṫ croiḋe & aoḋa an tairḃ
ḃáin & beiḋ do neart féin & neart an
tairḃ duiḃ, an tairḃ deirg & an tairḃ
ḃáin ionnat. D'éis é sin bain an seaṫ¬
aḋ ḋíom-sa; cas timċeall ort é aċt ar
do ḃás nó do ḃeaṫa ná caiṫ ḋíot é go
deó. Annsan cuir mé mar a ṫuitfead
& má ġaḃann tú an t-sliġe go bráṫ nna
ḋiaiḋ san caiṫfir léim tar m'uaiġ ċum
ċinn & ċum deiriḋ trí h-uaire & eireóċ¬
ad arís am ḟear áluinn óg."
(Le ḃeiṫ ar leanaṁuin).
Russia has forbidden the teaching of the Polish
language in Poland. Why? We address this in¬
terrogatory to "Irish patriots."
