(31)
9Ṁaḋ Rol. Uiṁ. 7.
DEIĊ-ṀÍ
1892.
AN BULLÁN BREAĊ.
[Le P. Ó'L.]
Leanta.
Buḋ róiġeárr gur ṫáinic an tarḃ
mór bán — cóṁ mór le sliaḃ — i láṫair
an ḃulláin ḃric. Seo ċum a ċéile an
ḃeirt; do riġneadar ball bog de'n ḃall
cruaiḋ, ísleán de'n árdán ⁊ árdán de
an ísleán, ⁊ dá d-tiocfaḋ ioċtar na h-
Éireann le uaċtar na h-Éireann is ar
an m-bullán breac agus ar an m-bullán
bán baḋ ċeart ⁊ baḋ ċóir fa ḋeire do
ṫuiteadar araon le ċéile; ṫáinic Seáġ-
anaċ anuas de 'n ċrann agus d' iṫ sé
croiḋe agus aoḋ an tairḃ ḃáin ⁊ ann-
san ḃí a neart féin agus neart na trí
tairḃ ann
Bain sé an seaṫaḋ de'n bullán ḃreac,
do ċas timċeall air é ⁊ do ṫoċail poll
nar ċuir sé an bullán breac go duḃaċ,
deóraċ ⁊ d'ḟoluiġ é le críon na coille.
Tráṫ ḃí an méid sin déanta aige seo
ag gol go fada fuiḋeaċ é ⁊ níor stad
de' gol nó go raiḃ sé cóṁ curṫa san
gur ṫuit sé anuas ar an uaiġ go tuir-
seaċ tnáiṫte agus d'ḟan in a ċodlaḋ
ann san trí lá agus trí oiḋċe.
Ar ḋúiseaċt dó, ċuimil sé a ṡúile,
d'éiriġ in a ṡeasaṁ agus d'ḟeuċ tim-
ċioll air; ní ḟeaca sé duine 'ná beiṫ-
eaċ in aon áird Uime san ó naċ raiḃ
gnó air biṫ aige fuireaċ san áit sin
ṫug sé a ḃóṫar air. Ar d-teaċt na h-
oiḋċe ḃuail fear uime noċ do ċuir caint
air, ag fiafruiġe de ar tiġearna ag
iarraiḋ buaċalla nó buaċaill ag iarr-
aiḋ tiġearna é. "Tá sé dealraċ gur
buaċaill ag iarraiḋ tiġearna mé," ar
Seáġanaċ. Tá go maiṫ agus ní'l go h-
olc," ar an fear a ḃuail uime. "Táim
ag cuartaḋ de ḃuaċaill ded' ṡaṁail-se
le fada ⁊ ní ḃ-fuaireas é, aċt tá súil
agam anois gur ḃuail an fear ceart
liom a n-diu ionnad-sa má's féidir linn
réiḋteaċ le ċéile." "Is furus go leor
