(32)
9Ṁaḋ Rol. Uiṁ. 8. GIONḂAR 1893.
OĊÓN agus an FREAGRAḊ.
(Leis an nGaḃar Donn.)
Oċón! oċón! a's fós oċón!
Tá brón mór duḃ am' ċroíḋe,
Tá Éire ḋíl a m-brón, oċón!
A n-oiḋċe ḋuiḃ 'n a luiḋe.
A n-oiḋċe ḋuiḃ 'n a luiḋe, oċón!
A ngéiḃionn fáisgṫe teann,
Gan dóṫċus geal 'n a croíḋe, oċón!
Gan sult gan sóġ, gan greann.
Gan sult, gan sóġ, gan greann, oċón!
Gan cara nearṫṁar, treun,
A ċuirfeaḋ Éire ṡean, oċón!
'N a ceart arís le seun.
A! na deun brón mar sin, a ḟir,
Aċt gaḃ do lann gan spás
A's troid go calma, grinn, a ḟir
Air son ar g-cirt go bás,
Air son ar g-cirt go bás, a ḟir,
Go m-béiḋ sinn saor gan cráḋ
A's faoi n-ar m-brataċ ġlas, a ḟir
Ag seasaṁ saor go bráṫ
Ag seasaṁ saor go bráṫ, a ḟir,
Corónta le síoṫċáin;
A's Éire ḋíl ar ngráḋ, a ḟir,
'N a ceart faoi ṡaoirse ġlain.
'N a ceart faoi ṡaoirse ġlain, a ḟir,
Faoi ṡólás mór go bráṫ,
A's sinn de ġáire lán, a ḟir,
Gan geiḃionn a's gan cráḋ.
BRÓN agus GÁIRDEAĊUS.
(Leis an nGaḃar Donn.)
Do ṫáinic brón dom' ċroíḋe, oċón!
A's rinne ann a ċóṁnuiḋe,
'S do ċuir air g-cúl gaċ uile dúil
A líon ariaṁ mo smuainte.
Aċt ṫáinic dam arís le glám
Gealġáirdeaċus aos áluinn,
Ḃí sult gaċ tráṫ, a's gráḋ go bráṫ
'N a ḃ-folaċ faoi n-a ḟaluing
'Nuair ṫáinic sé le beannaċt Dé
Mar ġréin ḋil ins an n-earraċ
Do ċuir sé sóġ am' ċroiḋe go deó
Sóġ glórṁar, geal, grinn, gáireaċ.
