33.
9Ṁaḋ Rol. Uiṁ. 9.
FAḂRA.
1893.
GO MOĊ air MAIDIN.
Fonn — Sweet Innisfallen
(Leis an nGaḃar Donn)
Tá glóir na maidne 'nois 's an spéir,
Tá 'n drúċt ag driṫleaḋ air gaċ bláṫ,
Tá aṫas air gaċ níḋ go léir;
A! músgail as do ṡuan, a ġráḋ.
Tá feoiṫne ciúin ag séideaḋ 'nois,
Tá éin ag seinim ceoil go binn,
Tarr liom, siúḃólaiḋ sinn arís
Le h-ais an t-sruṫa 's béiḋmíd grinn
Is mín an feur, 'nois tig linn ṡiúḃal
Le ċéile seal atá an lón
Ag cantain ceoil; 's é seo mo ḋúil —
Tú d'ḟeicsint; aċt táir bóḋar, oċón!
'Feaḋ uaire táim faoi d'ḟuinneoig árd
Ag feiṫeaṁ ort aṁáin, mo stór.
Oċ! músgail, tarr, taḃair póg dod' bárd;
Oċón! nar ċodail tú go leór?
A n-áit do ġlóir-se cluinim cú
Ag taṫfaint; oċ! dob' ḟeárr lem'
[ċroíḋe
Tú d'éisteaċt laḃairt liom féin go dluṫ
Faoi sgáil na g-crann le ċéile 'g suiḋe.
Oċón-í-eó! is éigin dam
Air m'ais dom' ṫiġ 'nois dul go treiṫ,
Buḋ súil lem' ċroiḋe go m-béiḋṫeá liom;
Aċt is brónaiġe a's is eagnaiġe mé.
Ní raċfaiḋ mé air maidin ṁoċ
Ṫú músgailt as do ċodlaḋ sáṁ
Aċt fanfaiḋ mé am' leaba, oċ!
Giḋ mór mo ṁian do ḃaint led' láiṁ.
Aċt 'nuair a ṫigeas oíḋċe ċiúin
Béiḋ mé led' ṫaoiḃ, mo ṁíle ġráḋ
Coigeóraiḋ mé, béiḋ 'n t-am sin m'uain,
Ad' ċluasaiḃ-se go d-tiucfaiḋ 'n lá.
Oċón! tá 'n oiḋċe fada uaim;
Is fada liom an lá, monuar
Is lán astiġ mo ċroiḋe de ġruaim;
Cá h-uair a ḃ-feicfead ṫú, mo stór.
