258
AN GAOḊAL.
Cloċar N. Pádraig,
Maġ Nuaḋat' 27. 2. '93.
A Ṡaoi Ionṁuin,
Is náireaċ liom ċoṁ fada a's atáim
gan laoiḋ nó litir do ċur ċugat. Ba
ṁaiṫ liom feicsint ins an nGaoḋal
ṫáinic air maidin andiu go ḃ-fuil a lán
Gaeḋilge maiṫe blasta ar láiṁ agat.
Cogar duit, nár ṁaiṫ an ċoṁairle
míniuġaḋ do ċur lé foclaiḃ éigin naċ ḃ-
fuil él faġáil i ḃfoclóir ar biṫ? D'ḟeud¬
faḋ na daoine sgríoḃas iad an míniuġ¬
aḋ do ċur ins an gceud Ġaoḋal eile.
Le tosaċ do ċur ar an obair, so focla
as an uiṁir ḋeiḋeanaiġ, ar son Faḃra
'93 Leaṫanaċ 240, líne 10, lasguiniġ;
líne 23, cor (corr, b'ḟéidir); líne 27,
rucán, ó'n Beurla rick; líne 37 cos¬
taḋ. Feuċaḋ ar gcara P. A. O'Doċuir
leo sin.
Leaṫanaċ 243, "garlaċ coileánaċ" &
"ċur isteaċ air." Atá mór ċuid de'n
t-sean Ġaeḋilge ḃlasda ag P. O'L i g¬
coṁnuiḋe.
Leaṫ. 246, "is geárr go m-beiḋ tú ag
áirneán, raċaiḋ mise faoi, puinntiḋe,
áideoig" — sin cuid an t-sean laoiċ as
Geata an Óir; 249, cnáid; 250, bróta.
San uiṁir Gionḃaraiġ, 227, glám;
232, crosda; ba ċiallṁar mar do ṁín¬
iġ an Doṫartaċ ó Oileán na Cruite a
aḃrán, dá ndéanaḋ gaċ uile ḋuine mar
sin, níor ḋeacair Foclóir do ḃailiuġ¬
aḋ. Do ċiḋfiḋ tú ins an Irisleaḃar
go ḃ-feicṫear ḋomsa gur 'crodh' atá
san aḃrán so, in áit 'cruth'.
Leaṫanaċ 237, doin agus donuais,
meann ; gadaraiġe? rushes; 238, fuiḋ¬
riḃ, seiġṫe.
Ní'l rud ar biṫ is mó ċruṫuiġeas an
dul ar aġaiḋ atá ar ċúis na Gaeḋilge,
ioná briġ agus blas na sgríḃinn atá
ins an nGaoḋal beag.
Do ċara Gaeḋalaċ,
E. O'G.
The Gael is very proud of our Rev. Celtic Prof¬
essor's words of encouragement, as should also our
Gaelic contributors, who share in his encomiums.
We hope contributors will send the meaning of
words not found in the dictionaries, as suggested by
the learned professor. We made the mistake with
regard to cosadh, it should be casadh, to turn.
The Rev. Prof. has sent us a copy of two pam¬
phlets issued recently by him — one containing an
elaborate synopsis of Irish Grammer Rules; the o¬
ther, modern Irish composition with copious expla¬
natory notes; both are very useful to the Gaelic stu¬
dent.
AN FHIDIL.
Leis an nGaḃar Donn.
Ar ċualuiḋ tú ceol leaṫ ċóṁ binn
Le ceol na fidle nuair atá
A gúṫ ag seinim sultṁar, grínn
Do'n ċroiḋe tá lán de ḃrón nó cráḋ.
Is liom a ceol mar ċeol na m-bárd
Ag molaḋ Éirean, nuair a ḃí
A céim, a clú, a glóir air árd,
'S a fir a g-caṫ ró-ċalma, groíḋe.
Is liom a ceol mar ċeol na mná
Ag cur a leinḃ ḃig ċum suain,
Mín, ísiol, suairc, a's lán de ġráḋ,
Gráḋ fíor a ḃuanas aici buan.
Is liom a ceol mar ċeol a tá
A d-tonntaiḃ mara 'g seinim suairc,
Nuair tá an saṁraḋ 'g lonnraḋ breáġ;
'S an speur gan smuit, gan gruaim,
gan duairc.
Is liom a ceol mar ċeol na ngaoṫ
Ag séideaḋ 'measg na g-crann air
t-sléiḃ,
Nuair tá an ġrian ag fainne 'n lae
Ag lonnraḋ geal ameasg na g-craoḃ.
Is liom a ceol mar ġáire geal
A ḃíḋeas ag cailín óg a ċoíḋ'
A croíḋe ag gáiriuġaḋ liom gan feall;
Mo ṁúirnín ḋíl, mo ġráḋ is sí.
Is liom a ceol mar ċeol na n-eun
Air maidin ḃreáġ os cionn an t-sruṫ'
Ag molaḋ Dé a líon de ṡeun
A's gáirdeaċus a g-croiḋṫe i n-diú.
'Seo é an ceol is feárr lem' ċroiḋe —
An ceol ó 'n ḃ-fidil ṡulṫṁair, ġrinn,
A teuda 'sgapaḋ ceoil a ċoíḋ';
Ní'l ceol le faġáil ann leaṫ ċoṁ binn.
A ḟidil ḋíl is neaṁ liom é,
A ḃeiṫ ad' ċuideaċt-sa gaċ lá,
Ní 'l brón orm nuair a éistiġeas mé
Le d' ġúṫ ṁin, ṁilis, ċeolṁar, tlá.
