Fá ḋeiriḋ buḋ meas a lán gur mó a
maiṫ ná a díoġḃáil do ḃriġ gur aḋan
sí an oiread san faitċíosa i g-croiḋṫiḃ
luċt ṁeisgiḋ ḃíoḋ ag an-ċaiṫeaṁ a g¬
coda, gur ċuir sí iad ar lorg a leas,
rud na'r ḃ'féidir do ṡagart ná bráṫ¬
air ar biṫ do ḋéanaṁ le seanmóraḋ
an t-soisgéil nó scrúdaḋ na scriop¬
túire." Aċt nuair a ḃí na meisgeoir¬
iḋe go léir ar ċaoi céille do ṫosnuiġ,
sí ag imirt a cleas cealgaċ ar gaċ aon
duine do ġaḃaḋ i rian a réime, gan
géilleaḋ do ḃáiḋe ná gráḋ, lag ná lái¬
dir, boċt ná noċt.
Annsan go deiṁin dob é céadfaiḋ
coiṫċionn gaċ n-aoin gur ċeart dóiḃ
iad féin d'ḟágáil glan di & cé go raḃ¬
adar ag caint & ag cur ṫársa níor
léir dóiḃ in aon leiṫ de árd ná máġ an
té ḃí acfuineaċ ċum dul & an ċúis d'
ḟeuċainn léi. Do riṫ ráfal a ró-sgris
fada & geárr; fa ḋeoiġ ċualaiḋ curaḋ
calma tráċt ar ṁéid a mí-ġníoṁarṫaḋ.
Do ġléas sé eaċ, do ġaḃ uime a éide &
do ġlunis roiṁe go tiuġ tapaiḋ gan
stad ná staonaḋ ná gur ṡroiċ sé um
árd-ṫráṫnóna áit ḃí n-gar míle 'ná ḋó
do 'n áṫ
In uaignios na h-oiḋċe luaiḋ sé gus
an áṫ. Léim an ainspioraid amaċ
ċuige & do rug suas ar sriain an eiċ;
ṫarraing an curaḋ ċloiḋeaṁ ġléineaċ
glan-ḟaoḃar as an truaille & d'ḟógair
airri coméad amaċ uaḋ. "Coméad¬
fad," ar sí, ag daingniuġaḋ a greama
ar an srian, "an uair ṫiuḃrair freag¬
ra cóir ar na trí ceistionna-so a ċuir¬
fead ċugat," & ar n-a ráḋ san di, a
duḃairt,
"Coinneall & cionnleoir ann, tá ḃ-
fuil a leaṫ ċeann"?
"Muilion go m-beiḋeaḋ uisge ag a
ċeann sgilligeaḋ ṫáll 's aḃus," ar sei¬
sean.
"Coinneall & coinneall ann, cá ḃ-fuil
a leaṫ ċeann san" ? ar sí arís.
"Cor de 'n ġad ar ceann na cuinge
is geárr ó stiur na luinge ar lár," ar
seision.
"Coinneall & coinnealleoir ann, cá ḃ-
fuil a leaṫ ċeann san" ? ar sí, arís ei¬
le.
"Dá n-déanfá t'aiṫriġe in am ní
ḃeiḋṫeá ad' oilt annsan," ar seision.
"Tar slán! tar slán"! ar an ain-
spioraid, "táim saor sáḃálta anois &
is ortsa a ḃuiḋeaċas."
"Agus cad do ṫug annsan ṫú," ar
an curaḋ.
"Uisge na díge,
Aistior na ḃ-fíor-ḃoċt,
Agus iṫeaḋ na n-daoineaḋ
Do ċuir mise san t-sliġe-seo,"
ar sí leis, ag a ḟreagairt.
"Ciannos san" ? ar seisean, "ní ṫuig¬
im ṫú."
"Ḃiḋinn ag díol uisge beaṫa & ċuir¬
inn a leor-ḋóiṫin d'uisge na díge ṫríd;
níor rinneas déirce ná daonaċt riaṁ;
ḃiḋinn ag díol blaiṫċe anois 's arís &
dob é mo nós uisge do ṁeasga léi san
leis. Ċuir Dia mar ṗugadóireaċt
orm fuireaċ annsan áit so nó go ḃ-
ḟreagóraḋ neaċ na ceistionna d'ḟreag¬
ruis-se anois díreaċ. Tá mo ċuid
maoine go léir i ḃ-folaċ; lean mé &
taisbeánfad duit mar a ḃ-fuil sé."
Do lean sé í go sean-ċollaiġ. "Tóg
suas an leac san," ar sí. Do ṫóg. Is
aṁlaiḋ do ḃí aċt trí prócaiḋ fúiṫi.
"An próċa san taoḃ leat," as sí, "is
airgead ruaḋ atá ann: ní ḃeiḋ raṫ
leis san óir is as an ḃláṫaiġ do ċárnál¬
as é. An próca láir is airgiod bán a
tá ann: ní ḃeiḋ raṫ leis aċt cóṁ beag
leis an g-ceann san taoḃ leat mar is
as díol an uisge-beaṫa bailiġeaḋ é. An
próca san ṫáll is ór buiḋe atá ann :
beiḋ an-raṫ leis sin, mar is de ṡaoṫar
na g-capall & sláinte na ḃ-fear ṫiom¬
argas é."
Ansan do ġaḃ sí buiḋeaċas leis i d-
taoḃ teaċt cóṁ fada ó n-a ḋúiṫċe féin
& dul in ionaċ a ċaillte ag déanaḋ cóṁ¬
braic léi. Ar n-a ráḋ sin di d'imṫiġ sí
uaḋ ion a splannc tínntiġe, & ní ḟac¬
aiḋ sé a miṫ nó a maiṫ ó 'n am-san go
uain a euga.
(Críoċ an ċeaṫraṁaḋ sgéil)
Every Irishman should make an effort to circulate
the Gael in the interest of his children.
