AN GAOḊAL.
269
"Agus tá mise ag dul leis an g-corpán
do cuireaḋ andé a ṫógḃáil," ars an
fear eile, ag insint a sgéil ḋó ó ḃun go
bárr "Maeseaḋ fan ṫusa liomsa,"
arsa fear na caoraċ, "agus béiḋmid a
ḃaile in éinfeaċt." "Tá ġo maiṫ" arsa
mo ḋuine; & d'imṫiġ gaċ ċeann acu 'n
a ḃealaċ féin.
Do ċuaiḋ ann fear do ḃí air ṫóir na
g-cnó do 'n roilig ; d'ḟosgail sé an uaiġ
& an ċóṁra, fuair sé 'n mála cnóḋ, &
nuair a ṡocruiġ sé 'n áit arís, ṡuiḋ sé
síos air ṁullaċ na h-uaiġe ag briseaḋ
na g-cnóḋ & ag iṫe na n-inteaḋ, & é ag
fanaṁaint le fear na caoraċ.
Ṫarla go raḃ an sagart amuiġ an
oiḋċe sin ag ċur ola air ḋuine a ḃí
tinn. Nuair a ṫainic sé a ḃaile ṫuir¬
ling sé d'a ċapall & duḃairt sé le n-a
ḃuaċaill é ṫiomáint amaċ san b-páirc.
Rinne sé sin; aċt ca ḟaid a's ḃí sé ag
cur buairṫín air an g-capall ċualaiḋ
sé 'n cognaḋ do ḃí ag an ḃ-fear amuiġ
san roilig. Ḃreaṫnuiġ sé ṫar 'n g-claḋ
'na ṫimċioll go ḃ-facaiḋ sé 'n fear 'na
ṡuiḋeaḋ air ḋruim na h-uaiġe. Riṫ sé
a ḃaile 'na h-an-rása, & d'innis do 'n t-
sean-ḃean go raḃ an duine marḃ 'nna
ṡuiḋe air an uaiġ amuiġ.
"O, cuir air do ḋruim mé," ars an
ċailleaċ, "agus taḃair leat mé go d-ti
an uaiġ go ḃ-fáġaiḋ mé tuairisg air an
áit atá aige air an t-saoġal eile."
"Deaṁan cos ; ḃeiḋeaḋ faitċíos mo
ċroiḋe orm," ars an buaċaill.
Ní raḃ aon maiṫ ḋó ann; b'éigin dó
géilleaḋ faoi ḋeire & an ċailleaċ árd¬
uġaḋ leis. Ḃíḋeadar ag druidim leis an
uaiḋ gur ṫóig fear na g-cnóḋ a ċean.
"Ohó, fuair tú í," ar sé, ḃ-fuil sí
raṁar" ?
Do ċaiṫ an buaċaill an ċailleaċ d'a
ḋruim anuas: "Sin ḋuit í, raṁar nó
naċ raṁar," sgread sé, & as go bráċ
leis.
Ní túisce ṫuit an ċailleaċ air an
talaṁ ná ṫainic a lúṫ di; & le teann a
faitċís, níor ṁoiṫiġ sí go raḃ sé 'nna
cláiríneaċ; & as go bráċ léiṫe-si ċoṁ
maiṫ, & is túisge ḃí sí san teaċ ná 'n
buaċaill, d'a ḟeaḃus a riṫ sé. Agus
sin é úġdar an t-sean-ḟocail.
Transl.
Vol. X
p. 291
Féaċ "Siamsa
an Ġeiṁriḋ."
l. 127.
The following is one of a number of old songs re¬
ceived from Mr Dillon J McCormick, Wheeling.
AN t-SEAN ḂEAN LIAṪ.
Casaḋ 'n ċailleaċ dam as mé brúiġte
sárṫaḋ
An ceaṫraṁaḋ lá nuair ċuaiḋ an coga
siar,
D'ḟiafraiḋ sí ḋíom-sa, an balḃ tá tú,
No m-buailṫir cleaṁnus air an t-sean
ḃean liaṫ?
Ṡeas mé air mo ċois, & rinne mé gáire,
Má tá do sparán láidir, teann aniar,
Ḃéarfad bannaiḋ ḋuit sul d-ti ceann
ráiṫe
Go m-béiḋ tú sásta nó gur mór do
ḋíol.
Insin do ċuiṁne mé air mo ċeaṫar
páisde,
'Gus air a máṫair ḃí go láġaċ ariaṁ;
Ċuaiḋ mé ag a t-sagart & d' innis mé
an ċúis dó,
'Gus duḃairt gur ḟág mise maċ a ria'l;
"Fill aḃaile, a ṗeacaiḋe ġránna,
Is measa mar táir ná 'n té ḃraiṫ Dia,
Sin í 'n ḃean d'iṫ an t-úḃall san gáirdín,
Cuir cúl do láiṁe leis an t-sean-ḃean
liaṫ."
Sgríoḃṫainn leitir & léiġṫinn Biobla,
Aċ i m bréig an t-saoġail ní'lim ann;
Béiḋ mo ċulaiḋ ġeal orm go sgoiṫ an
t-síoda,
Agus mo ṫata ġeir-duḃ air daṫ na
smeur;
Béiḋ buclaiḋe airgid in mo ḃróga míne,
'Gus nár láġaċ 'n ḟéirín le mealla mé,
Go d-te 'n ṁaiṫ sin & mo ċáill faoi 'n
ríoġaċta,
Gur sean-ḃean ċríona mé ḃ-fad i éi'ṁ.
Do ḋeunfain bróga go bonn 's uaċtar
Agus do ḋeunfainn cruaċ & coca féir;
Dá d-téiḋinn i g-cumáin i measg na m-
buaċall,
An boc do ḃuailṫin molfaiḋe é;
Ní'l mé eolgaċ meid na guagaċ,
Is maiṫ mo ṁóide air gaċ uile ġleus,
Ḋá d-téiḋinn a caraiġeaċt ḃeiḋinn in
uaċtar
Is maiṫ a ṁolfainn-se mo ċailleaċ féin.
