Sent by Dillon J. McCormick, Wheeling, W. Va —
a rollicking medley on some of the soupers.
AḂRAN AN ḂACAIḊE.
Tá prionnsa maiṫ againn mar ċaraid
san áit so,
'Sé 's ainm in ar laeṫiḃ ḋó Mr. Laḃell;
'Sa ṁáiġistreas ṁáiseaċ láġaċ agus
fáilteaċ,
A ṫárlaḋ ó nádúr go cúrasach, fial;
Mac Muire go g-cuiduiġ dúinn lánaṁ¬
uin na páirte,
Mo ḃeannaċt go bráċ go raiḃ aig an
g-clainn,
Tá cúrṫaḋ go fearaṁuil le inneaċas
láiṁe,
'Sa máiġistreas ní ḟacais ó aimsir
ċqueen Ann.
Tá párlús ag Padiḋ, breáġ, fada geal
glégeal,
Biḋeann deoċ ag síol Aḋaṁ ann 's bio¬
táile d'a roinnt,
Máiġistir John a' seinnim go binn air
na teudaiḃ,
Molaim go h-eug é, na raḃ sé ḟéin tinn;
Tá muillte a méilt ann le tuille agus
ráiṫe,
Pota gaċ lá go síorruiḋe bruiṫ biḋ;
Luċt freastail go fearaṁuil d'a ċuir
air na plátaiḋe,
Stirabout láidir a' bár na min ḃuiḋe.
An fear a ṡiúḃal Sasanaiġ, Alabuin 's
Éire,
Sé duḃairt sé, I declare go d-tainic a'
ráḋ,
Gur aig Padiḋ ḃí tóga 'n ṗlantation,
A's fuair sé an sméġ a ḃus agus ṫáll;
Tig dealraiġ ó'n ngréin 's ó'n ngealaiġ
d'á réir,
Go soilsiġean na speura os cionn Tóin-
a-ṁáis,
Le cúram do'n aon ṁnaoi do ṫainic a'
n-éifeaċt,
'S liaċtaiḋe sin crétúr a ṫug sé ó 'n
m-bás.
Tá prionnsaiġ & iarlaiġ go síorruiḋe
d'a ḟiafraḋ,
'S guiḋe air Ḋia í ligionn slán,
Na peacaiġ do ṁaṫaṁ san aiṫriġe do
ḋeunaḋ,
A g cuiṁne air a h-aon ṁac a ceusaḋ
air an g-crann;
A Ríġ ġil na cruinne naċ claoiḋte an
cás é,
'S liaċtaiḋe fear fánaċ i teaċt in a
d-tiġe,
Seandaoine & bacaiġ, baintreaḃaiġe 's
páisdiḋe.
Taruing an a Ṁáis & fáilte rómpa ann.
Casa dam bacaċ anuas ó ḃun Néfinn,
A ṡean ḃean 'na ḋiaiḋ, 's naċ léiṫe ḃí
an riṫ,
Cuir fáisnéis a ḃealaiġ go teaċ Ṗadiḋ
Major,
Agus dúḃairt dá m-beiḋeaḋ aréir ann
naċ g-codlóċaḋ amuiġ;
An tráṫ ṫug mé dí meisneaċ do rinne
sí gáire,
Ċraiṫ di na málaiḋ & ḋaiṁsiḋ sí jig;
Bí gorra, arsa Marcus, tá macrus air
Ṁáire,
Beiḋim an amáraċ as beoḋuiġ, air do
ċois.
Ní ḟeudaim do ṡásúġ' arsa Marcus le
Máire,
Le pianta 'n mo ċnáṁa & m'iosoide lag,
Le ḃ-fuair mé go asgur amuiġ anns an
ngáirdín,
A's m'easnaċaiḋe gránna gan teagur
nó teas;
Dá m-beiḋeaḋ fios aig Padiḋ go ḃ-fuil
tú ċo fauiṫe
Ċuirfeaḋ ó'n Máis ċugad gearrán a's
cairt,
Cóta san ḃ-faisiun le dállaċ go sálaḋ
'S directsion fé'n g-cás sin as Caṫair
na Mart.
A Ṁister Dean na féile, tá gift aig
do ċéile,
Na h-úġdair do léiġiḋ é, go déiṁin deir
liom,
Tráṫ ṫurluing an peurla fé ḃroinn na
mná naoṁṫa.
Ṡoilsiġ an reulta ṫug solus do'n dáil;
Ḃéarfaḋ sí cóḃair go'n doṁan dá ḃ-
feudfaḋ sí,
'San ucras ní léigfeaḋ sé éinneaċ ċum
báis,
Le ar ndóċus go cinte, buḋ ró-ḋeas é
h-inntinn,
Féaċ ṡíos
Vol. XI.
l. 143.
