286
AN GAOḊAL
TÁ OBAIR ROṀAT LE DEANAḊ.
By Anthony Lally.
(As a large number of our readars may not be a¬
ware that the ibh of the dative plural is never pro¬
nounced by the practical Gaelic speaker, it has been
omitted in some instances. The poem — a near rel¬
ative of the "Deserted Village" — is one of the best
and most natural Gaelic productions we have yet
seen. — Ed. G).
Oiḋċe an teiṫ i d-tús an Ḟóġṁair,
Do ḃí mé claoiḋte, tuirseaċ,
Ṫoisiġ mé smuaineaḋ air luċt 'n uaḃair
'San fáṫ d-tainic áḋ orṫa d-tosaċ;
'Nois, má's mo codlaḋ nó mo ḋúsaċd,
Is cumaḋ go d-te acu,
Aċt sciorr mé a ḃaile go h-Éirnn
Go ḃ-feicfin cia 'n ċaoi a raḃ
An saoġal in sin d'a ċaiṫeaḋ.
Ḃuail mé calaḋ m-Baile na Bainríġin,
Deiċ míle i n-deas uaḋ Ċorcaiġ,
'S ṫóig mé train na h-oiḋċe
As sin síos go caṫair Luimniġ.
San seo ṫroid na mná faoi Ṡarsfield
Air ṡon creideaṁ, tír a's teaġlaiġ,
Ṫroid siad mar ṫroidfeaḋ laoċra
Air ḃár báḃḋúin ḋaingeana,
Gur meallaḋ iad le conraḋ
Ċuir náire in ifrionn ar ḋeaṁanaiḃ.
As seo ġeárr mé treas na tíre,
Siúḃal ṫré ġrianáin ḃáin 's gleanntaiḃ,
Go ḃ-feicfinn na bailte tuaiṫe deas'
I g-coṁnuiḋeaċ mo ṡinsear ionnta.
Tráṫ ṫarr mé i n-gar do 'n áit
D' ḟás no ċroiḋe 's m' inntinn fuar,
Óir ní ḟacaiḋ mé fear a siúḃal ann
Aċt maor na n-eun 'gus an bairseoir;
'Gus ḃí cineál aṁarc ann a ṡúiliḃ
Naċ raḃ cairdeaṁuil nó fáilteaṁuil,
Aṁail 'sdá m-beiṫ am' cúṁaċt 'n-díbre.
Deunaḋ bróin ann a n-geur-ġuil,
Ní ḟacaiḋ mé mar buḋ ġnáṫaċ liom,
Ann aon ḟal fear ag obair,
Nó cailín óg nó geárr-ċaile
Teaċt le mias nó pigín uisge ó'n tobar.
Ḃi an aitinn ḃuiḋe faoi ḃláṫ
Congḃáil fascuiḋ do na tuláin,
Agus ḃí driseaċa dearg' in aiṁréiḋ
Fás treasna na g-cosán.
A n-aon teaċ ní raḃ fáilte róṁam,
Gáirdeaċus nó cóirtiuġaḋ,
Óir ní raḃ de na bailtiḃ fágṫaḋ
Aċ beanna árd' buala n-aġaiḋ na stoir-
[me.
Ḃí an t-aiġean glas le claon
Ag clúduġaḋ na sean ḃallaiḋe,
'Gus ḃí neanntóg ġorm a fás
Taoḃ astiġ air leacaiḃ na d-teaġlaċ:
Ḃí an easóg air an g-cloiḋe ann,
Ionann 's dá m-beiḋeaḋ sí 'na codlaḋ,
Óir ní raḃ garsúin le n-a dúiseaċt
Ag ráḋ "Ḃeanín-uasal" le n-a meallaḋ.
Annsin ṡiúḃal mé síos an boṫairín,
Agus ṡiar le h-ais na h-aiḃne,
Agus d' ḟacaiḋ mise arís an t-sraiṫ
Nár ḟág a riaṁ mo ċuiṁne;
Ḃí ċaoiriġ raṁra san g-cluan taoḃ ṫáll
'Gus uain óga ag rinc' air na cnocáin,
'S ḃí bric ġeala a léimneaḋ ann
Ag beul gaċ h-uile ṡruṫán;
Do ṡin mé anns an móin-ḟeur
Seal, aig éisdeaċt leis an traġan,
'S le ḟeaḃuis ċuirfinn a ġrág
An aġaiḋ aon eun eile san doṁan.
An balaḋ ḃí air na luiḃiḃ ann seo,
'S féasta ceoil ḃí aig na m-beaċaiḃ,
Ní ḃeiḋeaḋ sé ann mo ċuṁaċt a ṁíniúġ'
Dá m-béiḋinn d'a sgríoḃ le mo ṁairṫin.
Air feaḋ mo raḋairc anns na falta,
Ḃí boláin ṁór' le feoil ag criṫe,
D'a m-beaṫuġaḋ le ḋul ṫair ṫír amaċ
Go clann na nGall le n-a n-iṫe;
Do ṫainic air m' inntinn dólás,
Nó, mar déarṫá, cineál mearḃuil,
'Gus do ṫosuiġ mé arís a smuainiuġaḋ
'S caint liom féin mar so go fear'ṁuil,
Duḃairt mé "O! Ḋé 's Aṫair na ngrása
An Uait-se ṫigeas gaċ uile ċúmaċta,
Nó an Tú ṫug na talta breáġ seo,
Go ṫíoránaiḃ mar ḋúiṫċe?
Más dóiḃ ċruṫaiḋ Tú eunla 'n aeir,
'Gus an t-iasg atá san uisge,
Buḋ ro-ḋona é d'obair lae i d-tús,
Óir is beag an buiḋeaċus tá acu ortsa.
Gaċ h-uile lá san t-seaċtṁain —
Má ċóṁaireamaoid an Aoine —
Tá mairt-ḟeoil rósta air ḃord acu,
'Gus fíon d'a ól air feaḋ na h-oiḋċe
Co ḟaid is tá na basaoile boċt'
Ag roṁar, treaḃaḋ, gus a foirseaḋ,
'S a g-cuid mná cneasda 's páisdiḋe
Caṫaḋ leaṫ a saoġail 'na d-trusgaḋ.
Aċt maiṫ daṁ-sa an ċáin
