292
AN GAOḊAL
AN t-IASGAIRE & A ḂAIN-ĊÉILE.
Sgeul-Síġe Gearmanaċ.
(Le M. Ua C.)
Am do ḃí, is cosaṁail iomḋa céad¬
ta bliaḋain ó ṡoin, do ṁair a ḃ-fogus
do loċ ṁór iasgaire & a ḃain-ċéile, da¬
rab anma Hans & Máire Doodledee.
Ḃí siad ċo boċt sin gur ní raiḃ teaċ
fíor acu, aċd do ṁaireadar i m-boṫ
maide gan fuineogaiḃ ann. Fós ḃí sás¬
ta Hans, aċd ní raiḃ sásta a ḃainċéile.
Do ṁianaiġ sí anois aon níḋ & anois
níḋ eile. D'ḟan Hans 'nna ṫosd doġnáṫ,
& do smaoin leis féin. "Dá m-beiḋinn-
sí sáiḋḃir, no dá m-beiḋeaḋ aṁáin gaċ
niḋ annso, ċo luaṫ a's dob áil liom é."
Feasgar n-aon do ṡeasadar roiṁ an
dorus a m-boṫa, & do ċoncadar ṫart
timċíoll 'san ḃ-foigseaċd, mar a raiḃ
iomḋa tíġṫe breáġḋa gaḃaltiḋeaḋ.
Duḃairt a ḃainċéile, "Seaḋ, dá m-
beiḋeaḋ teaċ ċo maiṫ againn le teaċ is
boiċte ar g-coṁarsan! Is féidir
dúinn teaċ d' ḟaġail fós, aċd is ro
leisgeaṁuil ṫú, & ní ṫig leat oiḃriuġaḋ
mar do ḋeanann dream eile."
"Naċ n-oibriġim mar oibriġeann
dream eile? Naċ seasaim an lá iom¬
lán & iasgairim?" a d'ḟreagair Hans.
"Ní ṡeaḋ," do ḟreagair a ḃean, "dob
ḟéidir leat éiriġ níos moiċe, agus ċo h-
iomḋa eisg do ġaḃail roiṁ ló a's is
ġnáṫaċ leat do ġaḃáil air an lá iomlán.
Aċd is leisgeaṁail tú, ní áil leat ob¬
air."
Iar an g-coṁráḋ sin do ċlos d'éiriġ
Hans air maidin a ṁáraċ roiṁ ló, & do
ċuaiḋ sé síos do'n loċ le n-iasgaireaḋ.
Do ḋearc sé an luċd oibre aig teaċd
do'n máġ le n-oibriuġaḋ, aċd níor ġaḃ
sé iasg. Do ṫáinic an t-am proinn tim¬
ċiol, & do ṡuiḋe na gearradóiriġe áḋ¬
muid 'san sgáil & d'iṫeadar a bproinn,
aċd níor ġaḃ Hans iasg. Do ṡuiḋ síos
é féin, & do ṫarraing sé as a ṗóca a
arán dreóite, & do ṡlug é. D'iasgair¬
iḋ sé arís gur raiḃ an ġrian 'nna
suiḋe & do ċuaiḋ i m-báile 'na gearra¬
dóiriġe áḋmuid & an luċd oibre, & ḃí
sé níos ciúine air an máġ, aċd ġaḃ
Hans náda fós. Mar ṫeastuġaḋ déiġ¬
eanaċ do ṫeilg sé a ċochal, & mar do
cluainfeaḋ sé na h-éisg, do ġáir sé, —
"A éisg ḃeaga, a éisg ḃeaga 'san ḃfair-
ge!" "Cad é tá uait a Hans ionnṁuin
Doodledee?" a d'ḟiafruiḋ iasg beag
do ṫáinic a ḃ-fogus ḋó, & a d'árduiḋ a
ċeann as an uisge. Ḃí iongnaḋ mór air
Hans is féidir leat go maiṫ a ċreid¬
eaṁain.
Aċd fós do smuain sé. "Ma's é
riaċdanaċ aṁáin aon níḋ a ṁianuġaḋ
le n-a ḟáġail, ní fada congḃálóċad ṫú
a' fuireaċ." Do ċonnairc sé ṫart tim¬
ċiol, le níḋ éigin ḟeicsin dob áil leis a
ṁianuġaḋ. Air an taoiḃ eile de'n loċ
do ṡeas ríoġlann áluin agus cuideaċd
breáġ aig cóṁráḋ ceoil is draoiġeaċd¬
aiġe innte, & do ċuiḃniġ sé mian a ḃean-
ċéile, darab áil teaċ níos ḟeárr a ḃeiṫ
aici. Air an áḋḃar sin duḃairt,
"Dob áil liom rioġlann áluin a ḃeiṫ
agam i n-áit mo ḃoṫ maide."
"Téiḋ aṁáin i m-baile & béiḋ an saṁ¬
ail sin de ríoġlann agad," duḃairt an
t-iasg beag. do riṫ Hans i m-baile le
luaḋas is mó, & ní cian do ċuaiḋ gur
ḋearc sé ríoġlann áluin le fuineógaiḃ
soillseaċa insan áit mar ar ṡeas a ḃoṫ
roiṁe. Agus an uair do ċuaiḋ sé as¬
teaċ 'san ríoġlann, ḃí gaċ ní ċo óir-
ḋeirc sin, gur ni raiḃ ḟios aige air an
mo do ḋéanaḋ. Ḃí casán do'n teaċ
foġlaiġṫe le marmur, & ḃí urláir na
seomraḋeaḋ gaisdiġṫe agus soilsiġṫe le
céir, ḃí na ballaiḋ deasuiġṫe le páip¬
éir óir, do ċroċ coinnealḃraḋa mór¬
ḋálaċa i seomraḋaiḃ árda, agus ḃí gaċ
níḋ ċo solusda, gur ḟeud sé air éigin
léigean é féin do ṡiuḃal timċíol inte.
Ní ḟeud sé creideaṁain gur leis féin
ḃí an sgiaṁaċd uile so anois. Do smuain
é féin a ḃeiṫ air mearḃall, & ḃí sé air
tí le n-imṫeaċd as an áit munaḋ g-cas¬
aḋ a ḃean leis. Ċo luaṫ a's do ċonn¬
airc sé í, d'ḟiafraiḋ sé. "Maiseaḋ a
Ṁáire an ḃ-fuil tú sásta anois?" &
d'áirisiḋ ḋí an mó air ar gaḃ sé an
mórḋaċt so. "Créad," do ḟreagair a
ḃean, "smuainir, & tá iongnaḋ mór ort
