AN GAOḊAL
297
TÁ BRÓN AIR AN MUIR.
Leis an nGaḃar Donn.
Cluinim guṫ na d-tonn ag géimnuġaḋ glóraċ air an tráiġ;
Oċ! ní ṫig lem' ċroíḋe a ṫuigsint creud a m-bíḋid ag ráḋ,
Aċt aṁáin go ḃ-fuilid brónaċ, a's ní ṫig leo d'ḟaġáil
Suaiṁneas, óir atá an doilġeas orra-san mar sgáil.
Fiú an uair a táid gan corruġaḋ, 'n uair a táid 'n a luiḋe
Ciúin mar leanḃ air uċt a ṁáṫar a g-coḋlaḋ sáṁ na h-oíḋ',
Cluinim fuaim am' ḃróin a g-cóṁnuiḋe, fuaim na d-tonn ag ráḋ —
"Tá gruaim orruinn a's ní ṫig linn suaiṁneas d'ḟaġáil go bráṫ."
Innis dam, creud fáṫ, a ṁuir ṁóir, ḃ-fuil an ġruaim seo ort?
Creud an fáṫ a m-bíḋir ag dranntuġaḋ? naċ ḃ-fuil agat port
Aċt an port uaṫḃásaċ, gruamaċ seo ó lá go lá? —
Innis dam an m-béiḋ an brón seo air do ġúṫ go bráṫ?
Éist, inneosaiḋ mé an fáṫ ḋuit, éist a's ġeuḃair uaim
Fáṫ an ḃróin ṁóir seo 'tá orm-sa, éist, éist le gaċ ḟuaim;
Muna éisteann tú go h-aireaċ, anam, inntinn, croíḋe,
Caillfiḋ tú an sgeul go cinnte, éist a's tuig gaċ níḋ.
Ní raiḃ brón a g-cóṁnuiḋe orm-sa, aċt ḃí suaiṁneas sáṁ
Orm mar ḃrat an t-soluis ġlórṁair, geal a's nuaḋ ó láiṁ
Dé a ċrúṫuiġ tre n-a neart ṁór mé a's gaċ aon níḋ,
Grian a's gealaċ, reulta, talaṁ, feuċ! naċ mór A ḃríġ!
Air an talaṁ ċuir Sé garḋa, garḋa ciúin a's deas,
Ins an garḋa seo do ċuir Sé beirt, 's buḋ mór an meas
Ċuir Sé orra 'nuair a ṡiúḃal Sé leo-san gaċ aon lá ;—
Óir dob' áil leis iad gan aṁrus, 's ċuir Sé orra gráḋ.
Aċt lá éigin ṫáinic aṫruġaḋ noċ do ṁill go léir,
Obair Dé 's a rug leis pian ṁór a's an cráḋ duḃ, geur —
Ḃris an ḃeirt seo dlíġe a n-Dé-ne, ṫáinic brón a's cráḋ;
'S déis na coire seo do fuair mé 'n ġruaim is mó go bráṫ.
Ṫáinic bás, an ríġ uaṫḃásaċ úd gan moill 'n a ḋiaiġ,
Líon sé lán de ġruaim an doṁan seo, ċuir sé orm-sa gliaṫ;
A's ó'n uair sin gus an uair seo táim faoi 'n m-brón is mó,
A's ní ṫig liom suaiṁneas d'ḟaġáil dam; sin an fáṫ gan gó.
Sin an fáṫ a m-bíḋim a g-cóṁnuiḋe lán de ḃrón ag caoi
Ó 'n ngealṁaidin gus an oíḋċe, 'nuair a táim am' luiḋe
Leis an spéir ag soillsiuġaḋ orm go glórṁar, geal a's gorm;
No 'nuair táim faoi ḟeirg ag dranntuġ' bíonn an ġruaim seo orm.
Tá a's béiḋ an brón seo orm mar ḃrat an ḃáis go bráṫ;
Oċ! ní ṫiocfaiḋ liom-sa d'ḟaġáil dam suaiṁneas suairc ó'n g-cráḋ
Noċ atá ag luiḋe go trom orm, a's air gaċ aon níḋ
Tá am' ṫimċioll-sa san doṁan seo; béiḋ gruaim orm a ċoiḋ.
Eist, a déirid ní ḃéiḋ mise air an neaṁ úd,
Óir ní ġeuḃaiḋ brón nó peacaḋ ins an áit sin clúid,
A's béiḋ aṫas fíor a g-cóṁnuiḋe ann gaċ uile croíḋe;
