298
AN GAOḊAL
Ruaigfiḋ Dia féin aisti peacaḋ, brón a's gaċ drocníḋ.
Aċt am' áit béiḋ aḃann na beaṫa, aḃann ġlan ag riṫ
'Maċ ó ṫeampoll naoṁṫa Dé a's ní sgaróċaiḋ sí
Fear ó ḟear mar sgaruiġ mise, óir do ḟuair siad bás
Dóiḃ go minic in a n-aisdriḃ faoi mo ṫonn ḟuar ġlas.
Cluinim gúṫ na dtonn ag géimniuġaḋ brónaċ air an tráiġ,
Tuigim nois creud fáṫ a ḃ-fuilid gruamaċ a's ag ráḋ —
"Tá gruaim orruinn a's ní ṫig linn suaiṁneas d'ḟaġáil Oċón!"
"Béiḋmíd air gaċ lá ag dranntuġ' duairc faoi ṁéid ar m bróin.
"Nó go d-tiocfaiḋ neaṁ a's talaṁ nuaḋ ó láiṁ ar nDé
"Nó go g-cluinfiḋ sinn an t-aingeal 'ráḋ — 'Tá gaċ níḋ réiḋ'."
Ní ḃéiḋ mu r le faġáil ann feasda, ní ḃéiḋ brón nó cráḋ,
Óir am' áit béiḋ aḃann na beaṫa suaimneaċ, suairc a's breáġ.
CÚL CEÁRNAIĠ.
BY P. A. DOUGHER.
I d-tús an ḟóġṁair san m-bliaḋan ċuaiḋ ṫart
Ċuaiḋ mé lá spóirtiġeaċt ṫre Raṫ-na Ḃeart;
Ṡiúḃal mé ċúig ṁíle sul a d'iompuiġ mé,
An sin fuair mé mé-ḟéin i g-Cúl Ċeárnaġ.
Air ḋroiċiod na Maiġea taoḃ Ḃeul-an áṫa,
Casaḋ liom cóṁursa gur ċraiṫ sé mo láṁ;
O ceud míle fáilte deáġ ṡláinte gus áḋ,
'Sé mo ġuiḋe ḋuit ṫeaċt go Cúl Ceárnaiġ.
Ní raḃ'mar ag caint tar momeud nó ḋó —
Nuair laḃair fear eile suas tapa 'gus beo;
"Caiṫfiḋ tú ṫeaċt linn go teaċ Raġlaiġ na m-bó —
Béiḋ cruinniuġaḋ anoċt i g-Cúl Ceárnaiġ"
Ċruinnid mo ṫimċioll, measaim ḃí scór,
Ḃí fir as cúig Bailíḋ ann 's cuid ar Drom-Ṁór,
Ḃí Rucard Giolleaspuic leo, an gaḃa 's cóir,
Ar ḃuail ord trom i g-Cúl Ċeárnaiġ.
Le leisg a ḃeiṫ dána ġeall mé ḋul leo,
Buḋ ṁaiṫ an cóṁluadar ar ċuir me spéis iona n-glór;
Ḃí P. J. Ua Seireadáin leo, sgoiṫ na ḃ-fear óg,
Buḋ é ceannfuirt na n-daoineaḋ Ċúl Ċeárnaiġ.
Ṡiúḃalmuid le ċéile go dtainic an oiḋċe,
Ó ṡráid na d-Trí Muilionn go bárr Árd-na-Ríġ,
Air na bóṫairiḃ is breáġṫa a ḃ-fuil in aon tír
Tá as sin amaċ go Cúl Ċeárnaiġ.
D teaċ Ṫomáis Ṁulláine ṡuiḋeamar síos,
Gus ḃlais muid an poitín ann 's ċaiṫmid an píp,
As sin g ti maidin ḃí an reicneáil d'a íoc —
Buḋ fiúġantaċ iad muintir Ċúil Ċeárnaiġ.
