do ċuaiḋ sé, & do ġearán sé ḋe d'a
ḃainċéile, air fáṫ gur feárr leis a ḃéiṫ
i g-cuideaċd eagnaiġeaḋ ná amadán.
Aċd d'innis sí ḋó, gur ní cóir é ḃeiṫ
mar so, óir dob ḟeárr le mór uaisle
go coitċean traċdaḋ le h-amadánaiḃ
& ní cóir é féin a ḃeiṫ corr.
Air an áḋḃar sin do ċuir suas leo
ċo maiṫ a's dob ḟéidir leis, & ḃí luaṫ-
ġáireaċ gur ṫaisbeán a ḃean a ḃeiṫ
sásta. Aċd ní fada do ṁair an luaṫ¬
ġáir.
Do fuair sé ro ḟeargaċ í 'nna seóm¬
ra lá éigin, & d'ḟiafruiḋ ḋí cad é do
ḃí uaiṫi anois. "Táim feargaċ leis an
síon Tá sé aig feartain ceiṫre lá, &
dob ḟeárr liom soillse gréine. Is mian
liom go m-b'ḟéidir liom earraċ, saṁ¬
raḋ, foġṁar, & geiṁre a ḋéanaḋ an
uair is mian liom. Téiḋ, & iarr air an
t-iasg beag an ċuṁaċd so a ṫaḃairt
dom," & do ṫaiṫin an smuaine le Hans
mar an g-ceudna.
Air an áḋḃar sin do ċuaiḋ do'n loċ,
do ċaiṫ a ċochal ann, & do ġáir, “A
éisg ḃeaga 'san ḃ-fairge." "Cad é atá
uait, a Impír Doodledee?" "O! náda
eile aċd dob áil le mo ḃain-ċéile gaċ
níḋ a ḋeunaḋ a d-tig le Dia a ḋeunaḋ:
ioḋon, earraċ, saṁraḋ, fóġṁar, geiṁ¬
re, fearṫain, & soillse, a ḋéanaḋ an¬
uair is áil léi. Naċ m-bronnfair an
cuṁaċd so ḋí a éisg ḃig ionṁuin?"
"So! agus náda eile," duḃairt an t-
iasg. "Ní ṡeaḋ, ní ṡeaḋ, a Impír Doo¬
dledee. Feicim gur ḋuit féin agus do
ḃain-ċéile ní ḃ-fuil leór aon níḋ, air an
áḋḃar sin ḃí arís do ḃoċd iasgaire,
Hans Doodledee. Óir air an am sin
ní raiḃ tú ċo uaiḃreaċ & ċo míoṡásuiġ¬
ṫe mar atá tú anois." Do ḋéinṁiġ an
t-iasg beag, a d'éiriġ stoirm, & giḋ is
minic go leor do ġáir Hans, "A éisg
ḃeaga 'san ḃ-fairge," níor ḟiafruiġ
iasg arís "Cad é atá uait a Hans Doo¬
dledee?" Do ṡeas sé annsin arís in
a ċulaiḋ giobogaċ, go beaċt mar do
ṡeas sé i b-príoṁ uair, & ḃí sé arís
'nna ḃoċd iasgaire Doodledee.
Anuair do ṫáinid sé i m-baile, do
fuair sé an caisleán imiġṫe, & ann a
áit an boṫ maide. Agus do ṡuiḋe a
ḃain-ċéile ann, mar roiṁe, iona sean
ċulaiḋ giobogaċ, & do ḋearc sí as an
poll mar roiṁe; & giḋ go mór do ṁia¬
naiġ, do ċiapal, & do ċráḋ sí, d'ḟan sí
do ṡíor 'nna bain-ċéile de'n ḃoċd iasg¬
aire Doodledee. Óir is níḋ fuaṫṁar
é go deiṁin an míoṡásaṁ, & iomċar¬
ann do ṡíor an cíocras & an t-uaḃar
a b-pianas féin leo, — Críoċ.
M. Ua C.
It is with sincere sorrow that we record the un¬
timely and sad death of the Rev. Father Robert
Keleher, of Grafton, W. V., as told by our friend
Dillon J. McCormick. Father Keleher was killed
while crossing the railway track.
Wheeling, Aug. 5. 1898.
A Ċara Ḋílis.
Ṫainic do leitir ag cur faisnéis fá
ḃáis an Aṫar Riobord Ceileṫir i láiṁ.
'Sé mo ċráḋ cráiḋte go ḃ-fuil an sgeul
ro ḟíor. Gearraḋ an dá ċois de air
an trí o ċlog an lá deireaḋ go Iuli, &
ní ḃ-fuair sé ḃás go lá 'r ṁáraċ Is
le brón & briseaḋ croiḋe a ċuirim an
sguel cráiḋte so ċuġad. Ba deacair
sagart d'a ṡórt do ḟáġail le n-a úr¬
laḃra & le n-a ċion air Éireannaiġiḃ &
air an teangain Ġaeḋilge. Ní ḃeiṫeá
tuirseaċ ċoiḋċe in a ċóṁluadar. Ḃí
gnaoiḋ & cion ag Pradustúin air ċo
maiṫ leis na Caitiliciḋe mar ġeall air
a ḋeáġ oibreaċaiḃ.
Ṡoillsiġ & ṫreoruiġ sé a ṗobal, mún¬
aḋ dóiḃ de réir geallaṁna an t-Slán¬
uiġṫeóra, Íosa Críost.
Ṫug sé suas anam le suḃáilce d'a
Ḋia a ṫug ḋó é, a n-diaiġ a ṡeirḃís a
ċríoċnuġaḋ go dúraċdaċ air an t-saoġ¬
al so, guiḋe air ṡon na m-beoḋaiḃ & na
marḃaiḃ.
Anois ofrálamuid suas ar b-paidir
a láṫair ar d-Tiġearna ro naoṁta Ío¬
sa Críost le grása na ḃ-flaiṫios a ṫa¬
ḃairt d'a anam.
D. J. Mc C
Also, another good Irishman, the late T V Mee¬
han, of Chicago.
May they rest in peace.
