﻿302
AN GAOḊAL.
TULA na nDÁLA
le U. O'B.
Ag triall go Tuaim, ní beag le ráḋ
an ċoṁgáir [cóṁgar] do ḃeir acara
[aiṫġiorra — aiceara] Thula na nDála
do 'n ċoisuiḋe má ṫóigḃeann sé na
goirt Is iomaḋ caoi caiṫtear an t-
am ḃíḋeas bealaċ air biṫ ġ'a ṡiuḃal.
Biḋid daoine ag léiġeaḋ, daoine ag
caint, daoine ag smuaineaḋ; cuid ag
gaḃail aṁráin, & cuid eile ag caoineaḋ.
Saoilim féim naċ n-deaċaiḋ aon neaċ
tríd an ḟeilm seo riaṁ gan a ṡúile do
leagan air ṡean ḃallaiḋiḃ fód. Atá
sé i g-corr áit roinnte 'na ġoirtíniḋe,
& is maiṫ innseoċas sé cia 'n ċaoi riġ¬
ne luċd an ġroḋa a ngnó gránna ann.
I ḃ-fad ria teaċt an droċ-ṡaoġail,
do ḃí daoine 'na g-coṁnuiḋe ann a raiḃ
iṫe & ól a sáiṫ aca giḋ b' ḟéidir naċ
raiḃ go leor de 'na ḃeadaiġaeċd. Biḋ¬
eaḋ sin mar ḃí, atá rud aṁáin cinnte -
go raḃadar sásta Aċt mo ṫruaġ &
mo ḃrón! do ṫainig lá air ṁuintir na
h-áite so, do ċonnairc iad sgriosta le
ocrus & díbirṫe as a m-baile beag féin,
go iar g-coilltiḃ Ṁericiá — áit in a
raiḃ orra cur suas le brúideaṁlaċt
na m-beiṫeaċ & na ḃ-fear, le ain-teas an
t-Saṁraiġ & fós le fuaċt millteaċ in
san nGeiṁreaḋ. Uċ! naċ fíor do'n
ḟiliḋ a deir gur féidir le prionsaiḃ &
le tioranaiḃ do ḃeiṫ in a m-bláṫ ná gan
do ḃeiṫ, óir is é a m-boċdaineaċd an
rud is geárrṡaoġalaiġe san doṁan,
aċt má ṫéiḋeann luċd coṁnuiḋe baile
ḃig air fán, ní ḃ-fuil sé i n-dán dóiḃ a
g-cur air a n-ais. Seo í an ḟírinne
ċráiḋtiġ ḟágas de ṫráṫnóna Saṁraiġ
uain ag léimneaċ i g-comán Thula na
nDála in ionad páisdeaḋ an ḃaile. Aċ
ó ṫárla gur sgeul é seo do gniḋeas do
ċéad áit ċoṁ maiṫ le Tula na n-Dála,
uimpeoċad uaiḋ anois.
Is minic aduḃras liom féin, go m-ba
ṁaiṫ le cuid d'a léiġeann an GAOḊAL
fios do ḃeiṫ acu gur b' in san áit seo
do rugaḋ aṫair an Count de Lally úd
ag a raibh caiṫréim ċoṁ mór soin in
arm na Fraince. Do ḃí an t-aṫair é
féin in áirdċéim, óir do ḃí sé 'na ṫaois¬
eaċ san arm ar ċosain Sáiréal Luim¬
neaċ leis. Do ċuaiḋ sé annsin do'n
Fhrainc, & do ċaiṫ sé a ṡaoġal ag troid
a cúise in aenfeaċt le mór ċuid de
ṁuintir a ṫíre. Air an áḋḃar sin, tig
linn cur síos dó, go raiḃ sé faoi ṁeas
amuiġ & a m-baile
Má ba ṁór cáil an t-sean-ḟir, ba ṁó
seaċt n-uaire cáil a ṁic. Do ḃí sé i
ḃFontenoġ, & ins gaċ áit d'ar ḃuaiḋ an
Fhrainc mar ġeall air ṁuintir na h-
Éireann do ḃeiṫ in aenḟeaċt léiṫe D'
éis an meud sin oibre, ba ḃeag é buiḋ¬
eaċas muintre na Fraince air. Do
cuireaḋ i m-báis é go náireaċ "gan
cuiṁne air an t-arán do h-iṫeaḋ."
Is iomaḋ léiġṫeóir a d-tig leis sgeul¬
ta na ḃ-fear so do innseaċt níos feárr
ná mise, má ċuireann sé beagan tríob¬
lóide air ḟéin. Go deiṁin is cosaṁail
go m-bé Voltaire an fear b' ḟeárr eol¬
us in a d-taoḃ, óir do ṁol sé go ceart
iad — rud naċ n-deárna sé aċt in aġaiḋ
a ċos le aon Éireannaċ ḋ'a raiḃ ariaṁ
san ḃ-Frainc. B'é a ṁian onóir gaċ
caṫa do ṫaḃairt do na Francaiḃ. Is
mar so atá an saoġal — uile ḋuine d'a
ṫír féin.
Sul do ṫiocfad go críoċ is ceart do
ráḋ nár ċuir aon áit ariaṁ Tula na
nDála ċoṁ mór i g-cuiṁne ḋom leis 'n
t-Sráid, an áit do rugaḋ Ṁiċeál Daiḃ¬
it. Atáid i g-cosaṁalaċt air uile ċaoi
agus béiḋ go h-aṫruġaḋ saoġail, aċt
aṁáin, naċ n-dearmadóċaiḋ na h-Éir¬
eannaiġ an té do ṡeas dóiḃ in a n-an-
ṡóġ.
IRISH ECHO — GAELIC JOURNAL.
Griffin & O’Farrell, publishers.
37 Haverhill St., Boston, January, 1891.
“Old subscribers will, we are sure, have little
difficulty in recognizing the old Echo under a new,
and we trust, a more appropriate name. * *
We beg to acknowledge the following sums, to as¬
sist in defraying the cost of publication of a Gaelic
text book based on the "Natural Method” of teach¬
ing languages. All remittances for this purpose
will be duly acknowledged in the Gaelic Journal."
Here follow the names of 60 gentlemen — Arch¬
bishop Williams, 22 priests, and 37 laics, subscrib¬
ing from $5. to $25. each, amounting to $400. We
ask if our criticism in last Gael did not let Mr O’Far¬
rell down very easy in the face of this swindle ?
