(3)
10Ṁaḋ Rol. Uiṁ. 2.
3.
SAEĊT-ṀÍ
1893.
Wheeling, W. Va., Sept. 1893.
Cóṁoibriḋe is Cóir do Gaċ Éirannaċ
a Ḋeunaḋ.
Fiaċa ⁊ dualgas atá riaċdanaċ do
gaċ h-uile Éireannaċ iona ḃ fuil cion
no meas aige air Éirinn no air an
teanga Ġaoḋailge, congnaṁ a ṫaḃairt
do réir a ṁaoine ċum an Gaoḋal ḟóir
leaṫnuġaḋ. Ní'l gar dom mínúġ' ḋóiḃ
faoi n-a leiṫ, mar tá ḟios aca féin
níos feárr ná tá agam-sa an luaċ-sao-
ṫair ġeoḃfaḋ sinn air an t-saoġal uile
faras go d-tugamar beagán cuideaċan
leis an nGaoḋal ⁊ an teanga Ġaoḋail-
ge ċongḃáil ó'n m-bás. Cuireann sé
iongantas mór orm faoi 'n fuar-ġráḋ
atá a roinn de na h-Éireannaiġiḃ le
laiġead a meas' air an teangain Ġaeḋ-
ilge. 'Nuair a laḃaras le cuid acu
leis an nGaoḋal a ṫógḃáil, 'sé 'n leiṫ-
sgeul atá acu, "O, tá muid ró ṡean * le
aon ṗáirt a ṫógḃáil a d-taoḃ an Ġaeḋ-
ilge leaṫnuġaḋ." Cuirim a g-cás go ḃ
fuil, ach ní'l a g-clann, no clann a g-
cloinne, ró ṡean leis an teanga ḃreáġ
ṁilis a laḃair Naoṁ Páḋruic leis na
draoiḋṫiḃ, ⁊ gur iompuiḋ sé leis an
teangain áluinn sin iad ó ṗágánaiḋe
go Críosdaiḋe, ⁊, mar an g-ceudna,
gur leis an d-teangain Ġaeḋilge ḋíḃir
se na deaṁainn ⁊ na náiṫreaċa niṁe
as Éirinn
O, a Ṫiġearna! naċ sinn-ne na daoine
gan ṁaiṫ ⁊ laiġead an ṁais atá againn
uirre — an teanga ċleaċta sinn ⁊ na
h-aiṫreaċa róṁainn as sin go an tráṫ
i láṫair. An ḃ-fuil siḃ dul a ligion an
ḃáis anois air sgáṫ beagán conganta
ṫaḃrirt do'n t-aon ḟear atá caṫaḋ a
ṡaoiġil ⁊ a ṡláinte air son an teang
Ġaeḋilge ċonġḃáil ó'n m-bás : 'Sé an
fear sin M. J. Ua Lóċáin.
Má's niḋ é go ḃ-fuil sé i n-dán go ḃ-
fuiḋe Éire a Riaġail féin arís, creid
m'ḟocal go m-beiḋ diomús ag roinn de
