316
AN GAOḊAL.
The following matter was sent to the Irish-American for publication by
Mr. O’Shea in March last in reply to T O’N Russell’s unfriendly criticism
on Standish O’Grady's book, and as that paper did not publish it (and for what
reason we cannot understand), Mr. O’Shea sent a copy of it to us with a re¬
quest to publish it, which we do with pleasure not only because of the excel¬
lence of the composition but because it is an act of justice to Mr. O’Grady.
Do ḃí again sealad fear laḃarta Gaoḋailge ċóir
Aċt ḃí sé breabaiṫe aig Sacsain chum éiṫiġ ṁóir,
Do sgéiḋ a's do leaṫa air ṁaṫaiḃ a's uaisle Gaoḋal,
An bárd ruaḋ ainim, níor ṁaṫ a's níor ḃuan a ṡaoġal.
B'í a ṡlíġe siúd tarcuisne teangan buḋ ḋéine neart,
Gan ċlúd do ṫaḃairt do ḟlaṫaiḃ na n-Gaoḋal gan ċeart,
Ċum mórḋail ċeanḟais a's ġaisge as gaċ croíḋe do ṡlad,
Agus náire a's aiṫis do ṫarang air Gaoíġil air ḟad
Tá duine anois aguinn d'á ṡaṁailt a méin 'sa g-croíḋe
'Nar béus leis aiṫis do ṫaḃairt ḋ'ár n-éigse grínn,
Gaċ aon is feárr ainim a's acfuin a léiġiontaċt ḃínn,
Tá cáinte aig stracaire cealagaċ, táir mar ċím
Nuair ṫriall sé ċúġain buḋ ionġona an t-saoġail liom
A leiṫéid d' ḟoṫoram ḟollaṁ gan éifeaċt,
Air fuaid na tíre sgaoílṫe am éisteaċt
Aig siullaire gaoíṫe air díṫ deiġ-léiġeantaċt.
Do sgaoíleas ṫarm é, ṁeasas go m-b' ḟéidir
An tóirneaċ glugair 'sa stoirm ṁór-ḃéiceaċ
Go n-dúiseóċ suas mór-ṡluaġ na h-Éirionn,
A's go d-taḃarfaḋ preaba d'a g-craṫaċaiḃ Ġaoḋalaċ.
Buḋ ġeárr gur aṫaraiġ agair Emmét-aiġ
Uaġ Ḃéurla blasta go teangain na h-Éirion,
Go beárnaċ, basgaiṫe, scainileaċ d' aon neaċ
Do laḃair an teanga mar ċanaid luċd léiġin í.
An uair sin fós níor ṁeón liom sgéiḋ air,
Ní toil liom aċaran sparaineaċ gaodaċ,
Ḃí buairt a n-dóċain ṁór idir Ġaoḋalaiḃ,
Do sgaoíleas a ṡrian leis, ciaċ a's caoċa air.
Buḋ ḃeag an ṁaṫas do'n Aiṫir ṁac Éagáin
Cóṁairle a leasa do ṫaḃairt do'n daol so,
Má éist sé sealad, buḋ ġearaid an trémse é,
Créim a's gearra, sé beaṫa an Ruiséalaig.
Anois ní ḃ-fuil fearaire aibiġ, deiġ-léiġeanta
Ionn sa Ġaoḋailge acfuineaċ, ṫaiṫnioṁaċ, aoraċ
'Na ḃéul na taraingean trasna an Ruiséalaċ
Go taodṁaċ, tarcuisneaċ, asmuilteaċ, éadṁar.
An scoláirṫe álain O'Gráda, tréiṫeaċ;
An Pléimionaċ suairc, fear stuama, aosda,
An stócaċ doiṁin a ḃ-feiḋim sean-léiġiontaċt,
Agus ṫug sé fúġamsa a g-cúrsa a ṡaoṫair.
