AN GAOḊAL.
317
Níor ḃ-fiú liom freagairt do'n racaire éiṫig
Go ḃ-fuaireas aga air laḃairt leis féin seal;
Do ṁínís tapaiġ é an agair na Gaoḋailge,
A's do ċuireas ċum raṫ' é a's lasair an éadan.
Uaġ ḋá ṡíol d'easgair an falcaire fraoċṁar,
Siúcire a's falan measgaiṫe an aonfeaċt;
Cia gur blasta ḃion ceaċtar an aonar,
Ís grána an measga, ní ṫaṫnion le h-aon neaċ.
Leaṫ lán Ġallḋa agus leaṫ fíor Ġaoḋalaċ,
An síol buḋ ṁeasa air ṫalaṁ na h-Éirion, —
Cuir láir a's asal a ḃ-faraid a ċéile,
Tíġeann uaṫa speaċaire, seaċain ḃeiṫ taoḃ leis.
Measan a leiṫéid, le beag-éifeaċt cora-ṁíola,
Go n-árdaiġean an ġaoṫ 'nuair a ḋéinean feadíola —
Go g-críṫean an saoġal mór le séiġde a ṡróna,
A's go g-croṫaid na spéarṫa le tréine a ḋeóna.
Is truaġ an ḃoċt-óinṁid gan eólas ná fáṫ-ċruineas,
Aig dul a g-comórtas leis an Óllam O'Gráda anois,
A taḃairt do cóṁairle mo sgólla ! níor ġá ḋo,
Buḋ cirte go mór ḋó a ġlór féin do báḋa.
A ċeann ċeangal tíomċall le bíndiol do 'n t-súsa,
Posóid d ól a's luíġe síos a síor ṡuan gan dúiseaċt:
Buḋ ṁaiṫ an t-aḋḃar suaṁnais d'ár g-cualaċt boḋar ċrá¬
[ite
A ċeólta droċ-ḟuaimneaċ ḃeiṫ suanta no báite.
Measan an duine seo go ḃ-fuil sé léiġionta
Go h-árd suas a n-duantaiḃ Gaoḋailge,
A sgríḃin ċoitċean ní ḃ-fuil coṫrom ná ciall lé,
A's a d-taoḃ a ċuid filíḋeaċda deinean an diaḃal lé.
Aon tuaiplis aṁáin ní fuláir dom ínsint
Ṫaḃarfaig gáire d' Ó'Gráda, saoílim;
Tá ḟios aig gaċ aon — an sa Ġaoḋailge líoṁṫa,
Náċ ionan éifeaċt do riaṁ 's do ċoiḋċe.
An Gaoḋailgeóir gradamaċ ṫeagascan daoíne,
A's do ṁúineann léiġion d'ár n-éigse is caoíne,
An t-árd O'Néil Ruiséalaċ smuíniġ,
Gur iompaiġ na foclail seo toċarṫa tíomċall.
Tá so clóḋ-ḃuailte a's tá an leaḃar díolṫa,
A's tá sé agamsa taisgéṫe dílis,
Tá uiṁir basca air an d-teangain iona ṫiomċall,
Aċd é seo aṁáin is gá do ṁaoíṁ air.
"Do ḃí sé riaṁ agus béiḋ fós ċoíḋċe,"
Sin caint tá coitċean do ṗobalaiḃ daoíne,
Ár n-oide nuaḋ ṫóg coṁar coiṁiḋṫeaċ,
Ċuir ċoiḋċe a n-áit riaṁ agus riaṁ a n-áit ċoiḋċe. *
