10Ṁaḋ Rol. Uiṁ. 4. SAṀAIN. 1893.
57 Penn St. Prov., RI.
Sept. 26, '39.
D' Fhear Eagair An Ġaoḋail:
A Ṡaoi Ḋíl,
Do laḃair tú go fírinneaċ ins an
uiḃir ḋéiġioanaċ anuair i dúḃairt tú
go m-buḋ ċóir do gaċ uile léiġṫeoir de
'n Ġaoḋal léiġṫeoir eile ḟáġail duit.
Go deiṁin is sé sin an rud buḋ lúġa
do baḋ ċóir dúinn do ḋeunaḋ ḋuit má
tá maiṫ ar biṫ ionnainn, go h-áiriġṫe ó
ṫá ḟios againn an congnaḋ & an ṁaiṫ
a ḋeunas sgapṫaḋ ⁊ meuduġaḋ an
"Ġaoḋail" do ċúis na Gaeḋilge.
Giḋ naċ n-deárnaiḋ mé ḟéin dadaiḋ
go fóil, ⁊ go ḃ-fuil mé ameasg ḟallsa,
míoṁaṫasaċ, deunfad mo ḋiṫċioll
feasda gan a ḃeiṫ cionntaċ níos fuide,
⁊, le tosúġaḋ maiṫ do ḋeunaḋ anois,
cuirim ċugat ceiṫre anmanna, le trí
dolar, ⁊ cuir an Gaoḋal aca air feaḋ
bliaḋna. — Seáġan B. Ua Moroċuġaḋ,
Seáġan Ua Moroċuġaḋ; an ḃean uas-
al, Máire ní Ḋoimsaiġ, agus mo ċara,
Risdeard Ua Donoḃáin.
A Ṡaoi Ḋíl, is feasaċ dom go ḃ-fuil
cosaṁlaċt ḃreáġ air ċúis na Gaeḋilge
go déiġionaċ léir an ċúntais ḟáġas as
an m-baile leis an oiread leaḃar agus
páipéar Gaeḋilge teaċt amaċ sgríoḃ-
ṫa le Éireannaiġiḃ, Albanaiġiḃ, Sacs-
anaiġiḃ, ⁊ Gearmánaiġiḃ (go g-cuiriḋ
Dia an t áḋ orra), ⁊ leis an t-suim
tá go leor de na daoiniḃ móra sa m-
baile ag cur anois air deireaḋ ṡiar
(basgaḋ orra, buḋ doilġe a ḃualaḋ a-
steaċ ionnta). Tá sé cinnte má ṫug-
ann siadsan congnaṁ ná meisneaċ ar
biṫ ḋó go ngaḃṫaiḋ sé air aġaiḋ go
buan; ⁊ giḋ gur dorċa 'n t-am a ċuaiḋ
ṫart d'ar d-teanga ḃoċt, tá 'n gealán
againn anois ⁊ is follus go m-béiḋ an
t-soillseaċt annso gan ṁoill.
Ċor le sgeul, saoilim go ḃ-fuil an
"Gaodhal'' ḟéin a leasuġaḋ go mór go
