326
AN GAOḊAL.
praised.
The Subjunctive Mood is the same
in form as the Indicative, taking how¬
ever, for present time go (that); for
past time gur (that), before its tenses.
BEAGÁN AGUS BEANNAĊT
Nó
MÓRÁN Agus MALLAĊT
(Le Pádruig Ó'Laoġaire).
Ḃí baintreaḃaċ ag a raiḃ triúr mac
mór meisneaṁail meanamnaċ. Lá ḋ'á
raḃadar go léir le cois a ċéile duḃairt
an té ba ṡine aca go raiḃ se d'am aige
fein dul & imṫeaċt leis go h-áit eigin
as baile amaċ ag iarraiḋ an áiḋ do ḃí
ag Dia i n-dán do "Beirḃ a lón dom i g¬
ċóṁair an ḃóṫair," ar se le n-a ṁáṫair;
do ḃeirḃ sí dá ḃairġion do : bairġion
beag bídeaċ b & bairġion eile lán-ṁór
leaṫan-árd. Ċuir sí gairm air & a
duḃairt "Cia aca is feárr leat an
ḃairġion ṁór & mo ṁallaċt nó an ḃair¬
ġion ḃeag & mo ḃeannaċt?" "Is feárr
liom," ar seision, "an ḃairġion ṁór &
do mallaċt, is sia a raċfaiḋ an roíḃ¬
ise c ná an gann luiġead i n-géar-am
an gaḃtair & ni ḟuil ion a g-cáṫaḋ d'
eascainiḋiḃ & iríríḋiḃ ó ṫosaċ an t¬
saoġail & a g-cáṫfar ailcis d go bruin¬
ne an bráṫa aċt amail ċnead-ġéis pos¬
ca e aḃann le línn leaċta ḋo." "Bíoḋ
agat má 'seaḋ, a ṁic," ar an ṁáṫair
leis ag taḃairt toġa a ṫoile do.
D' ḟág se slán annsan ag a ḋís
ḋearḃráṫar & do ġeall dóiḃ da m-beiḋ¬
eaḋ beó go ḃ-feicfeaḋ sé iad arís i g¬
cionn bliaḋna nó seaċtṁain da h-éis
an ċuid is luġa ḋe. Iar san do ḃog sé
an bóṫar & ḃí sé ag cur de go saoṫ¬
raċ saorálaċ no go raiḃ an
ġrian faoi & duarta f drúċta ag tuit¬
im go trom torṫaṁail ar gaċ lus lúṫ¬
mar & bláṫ béal-ċuṁarṫa do ḃí ag luiġe
riṫ an lae faoi léan-ḃruid an broṫaill g
Ċonnairc sé teaċ uaiḋ i g-ceartlár
coille & rinn aġaiḋ air. Ḃuail tiġear¬
na na h-áite leis; d' uṁluiġeadar & do
ḃeannuiġeadar d'a ċéile & tar éis bea¬
gán cainte ḃeiṫ eatorra d'ḟiafruiġ de
an tiġearna ag iarraiḋ ḃuaċalla nó
buaċaill ag iarraiḋ tiġearna é. "Tá
sé deárḃaċ h gur buaċaill boċt ar ṫóir
tiġearna mé," ar mac na baintreaḃ¬
aiġe. "Táim-se an-ṁór i n-easnaṁ i
buaċalla le fada," ar an tiġearna: riġ
na h-áite b'eaḋ é. Annsan do rinn an
riġ connarta & ciongioll leis an m-bua¬
ċaill fanamaint in éinfeaċt leis go
ceann lae & lán-ḃliaḋna & naċ m-beiḋ¬
eaḋ de ġnó ag braṫ air aċt trí ba d'
feiġil ó'n eadar-ṡuṫ j ar maidin go h-
am-crúiḋte um tráṫnona.
D' éis an eadar-ṡuiṫ duḃairt an riġ
leis an m-buaċaill na ba do ṁacuġaḋ k
& faireaċas & faire-ċoiméad do ḋéan¬
aṁ orra go feasgar. Do ḃeirim aon
ċoṁairle aṁain duit :— Na clois l a g¬
cloisfir & na feic a ḃ-feicfir.
Ṫiomáin sé na ba leis go máiġ mín-
áluinn mar a raiḃ féar fada glasgorm
gusmar go bun na g-cluas orra. Ba
ġairid go ḃ-faiciḋ se draodam m bua¬
ċailliḋ breáġa & buiḋean cailíniḋ caom¬
áilne ag rínceaḋ le ċéile do ċeól ċrui¬
te & ċlairsiġe. D'aḋan cloistin an
ceoil an oiread aitill n ion a aigne ea¬
dtrom éigcéilliḋe gur ḟág sé na ba ag
taḃairt aire doiḃ fein & don fásaċ
fiaraiġ o . Níor ċuiṁin p leis an ċoṁ¬
airle fuair se & má bu ċuiṁin féin ba
ḃeag é a ḃeann airri; d'imtiġ leis gan
deanam maċtnaṁ na moille gur sroiċ
an treó q a raiḃ an sluaġ uile cruinn¬
iġṫe le céile & gaċ aiteas & aoiḃneas
dár ṡmaoin croiḋe & dár ṡanntuiġ
dúlḃaċ r an duine ariaṁ, ḃíodar le
faġḃáil ann dar leis féin. Aċt 'nuair
ċuaiḋ an ġrian faoi 'n tuinn leaṫ-as-t¬
siar s d'imṫiġeadar go léir as a raḋ¬
arc & d' ḟagaiḃ ion a aonar é gan cóṁ¬
laċ eile aċt an smuaine sgís, nár ṫóg
se cóṁairle. Ċas se ar na buaiḃ &
fuair iad ion a luiġe ag cogaint a círe
go sásta suaiṁniosaċ. Ṫiomáin sé a
ḃaile iad. Leigeadar trí ġéimeanna
ġráineaṁla ar dteaċt go dti an maċa t
ḋóiḃ. Tainic an ḃainrioġan amaċ & do
ċrúiḋ sí trí coláin fola uaṫa. "Níor
ṫugais-se aire dóiḃ seo aniu," ar an
riġ leis an m-buaċaill noċ do ḃí ag seas¬
aṁ ar an láṫair ag criṫ le faitċíos &
