AN GAOḊAL.
341
SIDHEÓGA ĊNUIC MEÁHA.
In ar nóige ba ḋian éisteaċt le sean
sgeul ar biṫ aċt go mór ṁór le sgeul¬
taiḃ síġe. Ar ċom ar biṫ do ḃí an
spéis agam féin ionnta i g-coṁnuiḋe &
ċualas go leór díoḃ mar is geárr ó m'
áit ċoṁnuiḋe atá bruiġean ag daoiniḃ
maiṫe Ċonnaċta.
Tá 'n ḃruiġin so istiġ i g-cnoc Meá¬
ḋá i g-condae na Gailliṁe fa ṫuairim
ċúig ṁíle ḋeug ó 'n m-baile mór & ċúig
ṁíle as Tuaim,
Atá crainn ṁóra ag fás ar leaṫ
taoiḃ an ċnuic seo, aċt ní ḟuil le feic¬
sin ar an taoiḃ eile aċt carraige mó¬
ra & mion-ċloċa in a measg ḃiḋeas i g¬
corr áit cruinniġṫe 'na g-cárnánaiḃ.
Air a ḃárr atá ḋá ṡean leaċta 'na
seasaḋ, tógṫa, b'ḟéidir, do luanaiḃ
éigin naċ ḃ-fuil a ḟios againn cia hiad,
& tá aṁarc breáġ le fáġail uaṫa ar an
ḃ-fairge, Loċ Coirib, Loċ Measg, Loċ
Aicéid & ar an tír ar fad ṫart tim¬
cioll. Giḋ go ḃ-fuil crainn ag fás go
tiuġ ar taoiḃ de 'n ċnoc & ar fud na
n-gort i naice leis ní ḋeárna no préa¬
ċáin aon nead ariaṁ orra le faitċíos
roiṁ na siḋeógaiḃ.
Ag bun an ċnuic atá sean ċaisleán
ar a ḃ-fuil aiġneán ag fás taoiḃ istiġ
& amuiġ ag caidreaḋ na sean ḃalla, ḋ'á
g-congḃáil le ċéile & ag múineaḋ do gaċ
Éireannaċ ṫeiḋeas an t-sliġe an meas
is ceart dó ṫaḃairt do na neiṫiḃ seo
ḃaineas le n-a ṫír.
Is air sgáṫ an t-sean áruis seo ṡeas¬
as gaċ luċt spaisteóireaċta ṫeiḋeas
go Cnoc Meáḋa. Tar éis do ḃeiṫ sú¬
gaċ, sásta díoḃ de ḃárr a lóin, siuḃ¬
altar uċt an ċnuic ó ḃun go bárr. Fa
ṫuairim leaṫ bealaiġ suas is gnaṫaċ le
daoiniḃ ḃiḋeas claoiḋte le aois, óige
nó eitreoraċt a scíṫ do leigean ag
clais ar a d-tugtar "Poll Dáiḋe." An
uair do ċonnarcas an poll so & d'inn¬
seaḋ ḋom a ainm, do ċuiṁneas ar sgeul
do ċualas i ḃ-fad ó ṡoin agus ata mar
leanás. —
In allód do ḃí caillín ríoġaṁuil ann
ar a raibh gairm ṁór ins an ḃ-Frainc
mar ġeall ar a deiseaċt, & ar an áḋ¬
ḃar soin do ḃí go leor súireaċ aici. Ba
ceann díoḃ so Finḃearra, ríġ na siḋ¬
eóg i g-Cnoc Meáḋa, aċt ní raiḃ fios
ag an mnaoi óig go raḃ a leiṫid beó.
Ḃí gean ṁór aige uirri & ní raiḃ fios
aige cia 'n ċaoi le a n-deunfaḋ sé a
ḃean féin dí.
Is sean ċreideaḋ é naċ féidir leis
na siḋeogaiḃ duine ar d'ḟuadaċ gan
cungantóir beo do ḃeiṫ i g-cuideaċt
leo; uime sin do ċuaiḋ Finḃearra & a
ṡluaġ síġe go d-ti teaċ beag seal geárr
ó 'n g-cnoc in a raiḃ baintreaḃaċ & a
mac 'na g-coṁnuiḋe, & d'ḟiafruiġ sé de
'n ṁac an raċaḋ sé do 'n Ḟrainc leis,
gur ṫeasduiġ a ṡeirḃís uaiḋ ann sin, &
aduḃairt go n-deunaḋ sé é féin & a
ṁáṫair an-ṡeiḃir. D'ḟreagair Dáiḋe,
an mac, go raċaḋ sé leis, & ar ráḋ an
ḟocail do ṫug Finḃearra leis é go dtí
an cnoc.
Is ar éigin do ḃí sé istiġ an uair do
cuireaḋ caipín air do ḃeuraḋ ṫríd an
aer é. Ba geárr goirid go raḃadar
gleusta go h-uile & aduḃairt Finḃear¬
ra:
"Eitil leat a ċaipín."
Ní luaiṫe do ḃí an t-orduġaḋ taḃar¬
ṫa ioná as go bráṫ leo do 'n Ḟrainc.
Do ḃí 'n cailín ríoġaṁuil i n-éinfeaċt
le n-a cuid suiriḋeaċ ag fleiḋ an oiḋċe
sin ins an ḃ-Frainc. Ċuaiḋ Dáiḋe &
na Siḋeoga asteaċ & do ċuireadar é
i ḃ-falaċ ins na fraiġeaċaiḃ go díreaċ
ós cionn an ċailín ríoġaṁuil do ḃí ag
rinceaḋ 'san móimid ċeudna.
D'éis tamaill ḃig leig ceann de na
Siḋeogaiḃ caor sgeiṫe síos ar ċeann
na mná óige do ċuir sróṫfurtaċ ṁór
uirri Do leigeaḋ ceann ó ceann eile
síos, aċt do ċuir an ceann deire an
ḃean óg i rioċt gur ġlaċ Dáiḋe truáġ
uirri & gur ḋuḃairt sé;
"Dia a's Muire linn, a ṁuirnín."
Mar ġeall ar na focla soin níor ḃ'
ḟéidir leis na Siḋeogaiḃ an ḃean óg ḋo
taḃairt leo, & ar an áḋḃar soin do ḃí
an oiread feirge orra & gur ḃainead-
