﻿342
AN GAOḊAL.
ar an cailín de Ḋáiḋe & do ċaiṫeadar
síos ar an urlár é féin in aice leis
an mnaoi óig.
An uair do ċonnairc a suiriḋiġ é so
ní ḋeárnaiḋ aċt breiṫ ar ṗíobán air &
is beag naċar ṫaċadar é. Aċt mar
soin féin ní ṫiuḃraḋ Dáiḋe le ráḋ gur
ḃuail ḋá luipreaċán as an ḃ-Frainc é.
Mar soin ba ġeárr go raiḃ an ḃeirt
air a d-tar-in-áirde, Dáiḋe ós a g¬
cionn & é ag ráḋ : "Nois deunaiḋ ḃur
n-diṫċioll." Do ċeistniġ an cailín ríoġ¬
aṁuil ann sin é & aduḃairt sí :—
"Cia'r a ċas in seo ṫú?'
"Na Siḋeoga." ar sesean.
"Cia 'n fáṫ?"
"'G braṫ ṫusa ḟuadaċ leo mar ḃí
cion mór ag Finḃearra ort & ba ṁian
leis a ḃean féin a ḋeunaṁ ḋíot"
"Agus cia h-é Finḃearra?" ar sise.
"Riġ na Siḋeog i g-Cnoc Meáḋa," ar
sesean, "agus munar ḋuḃairt mise
'Dia a's Muire linn' an uair sin ḃeiṫeá
sguabta anois aca."
"Mar soin atá mé an-ḃuiḋeaċ ḋuit,"
ar an cailín ríoġaṁuil, "aċt cia 'n áit
i g-coṁnuiġeann tú?"
"I g-Conae na Gailliṁe, in Éirinn."
"Deunfaḋ sin; raċaḋ mise a ḃaile
leat."
Do ċuaiḋ sí a ḃaile leis & gan aṁrus
do ḃí luaṫġáir ṁór air Ḋáiḋe ḃoċt.
Ḃí sé ag smuaineaḋ leis féin gur b'air
do ḃí 'n t-áḋ an uair do ċuaiḋ sé i n-
éinḟeaċt le Finḃearra agus go raiḃ sé
seiḃir anois le na ló.
Ḃí go maiṫ a's ní raiḃ go h-olc, aċt
ba ṁian le Finḃearra díoġaltas do
ḃaint ar Dáiḋe agus ċum so deunaṁ
fuair sé beoḋuine eile & do ġoid sé 'n
ḃean ó Ḋáiḃe ins an oiḋċe. D'éiriġ sé
air maidin ag smuaineaḋ air an óig-
bean, aċt d'éis tamaill ḃig do ḃí iong¬
antas air naċ ḃ-facaiḋ sé í, & an uair
d'airiġ sé imṫiġṫe í do smuain sé gur
b'é Finḃearra do ġoid uaiḋ í.
Faoi ḋeire do ċuir sé láiġe & pioc¬
óid ar a ġualainn ag ráḋ leis féin:
"Beiḋ sí agam fós nó fios cia 'n fáṫ."
Ċuaiḋ sé ann sin go d-tí 'n cnoc &
do ṫosuiġ sé ag baint poll ar leaṫtaoiḃ
ḋe faoi ċloċ ṁór D'ḟan sé ag obair
air feaḋ 'n lae & ċuaiḋ sé a ḃaile ar
ḋul faoi de'n ġréin. Lá 'r na ṁáraċ
d' imṫiġ sé go moċ & creud do ġeuḃaḋ
sé aċt an poll dúnta arís. Mar soin
féin níor ċaill sé a ṁeisneaċ aċt do
ṫosuiġ sé ag baint arís & d'ḟan ann
soin ar feaḋ na h-oiḋċe. D'éis ḋá lá
do ṫainic sé go d-tí 'n dorus & d'ar
leis féin go ḃ-fanfaḋ sé ann soin go
ḃ-fuiġḃeaḋ sé faill ar ḋul asteaċ.
Do ḃí na Siḋeoga ag ól go h-ain-deir¬
iannaċ mar ġeall gur Oiḋċe Shaṁna
do ḃí ann. Ḃí orra do ḋul amaċ ar
fud na g-cnoc aċt ar ṫeaċt de'n uair
do ḃíḋeadar ċoṁ bogṫa is nár ṫugad¬
ar faoi n-deara Dáiḋe do ḃí le h-ais
an doruis.
D' ḟágadar beirt ag caint leis an
mnaoi óig & ḃiḋeadar sin féin ar meis¬
ge Fa ċeann tamaill ḃig do ċuaiḋ
ceann díoḃ seo amaċ & d' ḟág sé an
dorus fosgailte. Do ċuaiḋ Dáiḋe a¬
steaċ an uair do ḃí an ḟaill aige & ní
ḋeárna sé aċt buille ḋ'a láiġe do ṫaḃ¬
airt do 'n t-Siḋeog do ḃí istiġ & é do
leagan.
Do ṫug sé 'n cailín ríoġaṁuil ann
sin a ḃaile leis & do ṗós sé í, aċt ó
ṡoin amaċ níor ċuir Finḃearra nó a
ṡluaiġte aon trioblóid orra.
M. O'R.
We prophesy Gaelic scholars from the neighbor¬
hood of Knock Moy.
'Tis funny that the Revd. Professor
of Irish in Maynooth College felt it ne¬
cessary to thank Irish editors for noti¬
cing the Gaelic movement when we
have no dearth of information about the
insolvency of Rody O'Connor, the pub¬
lican, or the manner in which Pat O'
Kelly sprained his ankle when going
home (tipsy) from the fair of Tuam.
The Irishmen of New York and vicinity can ob¬
tain gratuitous instruction in the language of Ire¬
land by calling at the rooms of the P. C. Society,
263 Bowery, on Thursday evenings from 8 to 10,
and on Sunday afternoons from 3 to 6, o’clock.
