(6)
10Ṁaḋ Rol. Uiṁ. 6. FAḂRA. 1894.
8 Cúlḃealaċ Uaterloo, Tráiġ Ṫuaḋ
[8 Waterloo Av. North Strand,]
Baile-áṫa-Ċliaṫ,
[Dublin.]
An ceaṫraṁaḋ lá deug de ṁí
na Nodlag, 1893.
D' Eagarṫóir an Ġaoḋail,
A Ṡaoi Ḋíl,
Aṫruġaḋ (airṁiḋ aréir
seaḋ ṫugas do Ṗádruig Ó'Briain, ḃíos
in a ċoṁnuiḋe 'san gcaṫair seo, leaṫ-
ċoróin ċuirfeas seisean ag triall ort
le h-aġaiḋ an Ġaoḋail ḃeiṫ d'a ċur ċu-
gam le bliaḋain, ag tosnuġaḋ ó 'n g-
céad uiṁir de 'n imleaḃar so tá i láṫ-
air.
Is dearḃ liom go gcualais na sgeul-
ta móra, maiṫe ar ar ṫárla 'san g-
caṫraiġ seo. Go deiṁin tá biseaċ ṁór
ar ċúis na Gaeḋilge ní h-é aṁáin i m-
Baile-áṫa-cliaṫ aċt is áiteannaiḃ eile
fós taoḃ amuiġ de, in Éirinn. Tá fios
agat ċeana gur cuireaḋ ar bun annso
Cumann nuaḋ ar a dtugṫar Ċonnraḋ
na Gaeḋilge. Ní'l aon aṁras gurab
é siúd an niḋ ḃí do ḋíṫ ar ċúis na
Gaeḋilge go dtí seo. Ní'l aon sgoláire
eolgusaċ ar Ġaeḋilig i mBaile-áṫa-cliaṫ
nach mbíonn in ar ḃfoċair ⁊ in ar ḃ-
farraḋ gaċ am ṫigimíd i gceann a ċéile.
Tá súil againn go dtiuḃarṫar mórán
de ċuidiuġaḋ agus de ċongnaṁ ḋúinn
'san "móir-ṫír treasna an t-sáile" in
a gcoṁnuiġeann an ċuid is mó d'ar g-
cineaḋ, gan tráċt ar an gcaḃair ḃeiḋ-
eas d'á ṫaḃirt dúinn 'san sean-tír.
Má tá aon duine ded' léiġṫeoiriġiḃ 'g
ar mian leis caḃaruġaḋ linn ⁊ ball do
ḋéanaṁ ḋe féin, ċuirfeaḋ sé coróin ag
triall orm gan ṁoill (cuirim i gcás gur
fiosaċ duit ċeana gur mise aon de na
cisdeoiriġiḃ). Do ġeoḃaiḋ sé ar ḃárr
na litre seo an áit i mbiḋim am' ċoṁ-
nuiḋe.
Tá súil eile agam fós go gcuirfiḋ
