374
AN GAOḊAL
Go SAORḞAḊ DIA ÉIRE.
Go h-árd air ċrann sgaláin
Ċroċ an triúir ba ġaisge lán,
Leis an d-tíorán díoġaltaċ, buailte í n-a m-bláṫ.'
Aċd ṫeagḃuiġeadar ris go teann,
Leis an ṁisneaċ a g-clainn,
A's do ċuadar gan eagla d'a n-dian-ċráḋ.
Go saorfaḋ Dia Éire! ġáir na laoċra,
Go saorfaḋ Dia Éire! ġáir siad araon,
Bí' ar m-bás air sgalán árd
Nó i g-caṫ air ṁaġ an áir,
Ó! is cuma, má's ċum Éireann titim dúinn.
Gíḋ 'measg a naṁad cruinn,
D' éiriġ suas a misneaċ din,
Mar ḃí ċuiṁin air a g-cáirdiḃ ḃ-fad 's a n-gar;
Air na milliún' fíor is teann,
Ṫar ḃ-fairge ṁoir na d-tonn.
A's in Éirinn naoṁ air ċáirdiḃ tá is fearr.
Go saorfaḋ, Dia Éire, ġair siad go h-uaiḃreaċ, &c
Grapaid suas an staíġre garḃ,
Laḃair na n-guíḋe go h-árd, is goirid,
'Nuair ḃí curṫa teud na Sacsan uim a muin ;
A gcois sgaláin na b-pian,
Do ṗógadar go caoin,
Do Ċreideaṁ, Ṫír, is Ṡaoirse, fíor do 'n ḃ-fuin.
Go saorfaḋ, &c.
Tre gaċ am atá le teaċd
Béiḋ meaṁair ġlinn is ceart
Air íoḋḃairt na ḃ-fear g-calma ċum ar d-tír,
'S caiṫfiḋ dul air aġaiḋ an troid,
Bí' a h-imṫus mall nó grod,
Go n-déanfamuid ar n-oileán árd is saor.
Go saorṫaḋ Dia Éire! deir'mid go h-uaiḃreaċ,
Go saorfaḋ Dia Éire! deir'mid araon —
Bí' ar m-bás air sgalán árd
No i g-caṫ air ṁaġ an áir,
O! is cuma, má's ċum Éireann titim dúinn.
A Ṡaoi ḋíleas, — Aig so aistriuġaḋ an aṁráin de
T. D. O'Súileaṁáin air na mairtiriġiḃ de Ṁanchester, do
ḃí cloḃuailte i n-Amercán Éirionnaċ naoi m-blaḋana ó
ṡoin Má ṡaoilir fiú é do ċloḃualaḋ, is féidir leat. Do
riġneas malairt éigin ann, air a leas mar ṡaoilim, aig
congḃáil ċo dlúṫ mar dob ḟéidir liom leis an b-príóṁ
aṁrán i m-Béarla.
Go measaṁail,
— M. Ua C.
An ceaṫraṁaḋ lá air ḟiċid d'Abraon, 1894.
Feaċ Vol XI. l. 42.
