AN GAOḊAL
375
The following oration was deliver¬
ed before the Philadelphia Philo-Cel¬
tic Society at its commemoration of
the 105th anniversary of the birth of
Archbishop McHale by Mr. J J Lyons
A Ṁná Uaisle & a Ḋaoine Uaisle —
Tá bliaḋain eile ṫarainn & támaoid
cruinniġṫe arís, míle buiḋeaċas & al¬
tuġaḋ le Dia. Feicim go ḃ-fuil cuid
ṁaiṫ ann seo a ḃí linn bliaḋain 'sa ta¬
ca seo, & tá súil le Dia agam go m-
béiḋmid ar fáġail bliaḋain ó 'noċt a¬
rís mar támaoid anois — 's mar raḃ¬
amar níos feárr ná raḃmaoid níos
measa — le onóir & meas a ṫaisbeáint
do ainm an té sin a ḃí 'na ċeann crei¬
diṁ i g-Connaċta, Reulta na h-Éir¬
eann & crann-seasta Ṁaiġeo, Seáġan
Mac h-Aoil, Árdeaspog Ṫuama (bual¬
aḋ bos).
De réir cur síos atá air ṡaoġal an
Áirdeaspoig 'san leaḃar a sgríoḃ an
t-Aṫair Uilliog Abúrca, a ḃí mar uaċ¬
darán i g-Coláiste Ṫuama air feaḋ
bliaḋain 's fiċe, tá sé 'nois cued agus
ċúig ḃliaḋna ó rugaḋ Seáġan Mac h-
Aoil. Deir daoine eile naċ ḃ-fuil sé
'n ḟaid sin go baileaċ — go d-tastuiġ¬
eann bliaḋain nó ḋó ḋe. Aċt ar ndóiġ
is cuma eatorra é Ní'l ceaċtar acu
mórán as bealaċ. Is cuma céard a
ḋeunas bliaḋain nó ḋó faoi nó ós a
ċionn. Aċt air aon ċor, tá sé tugṫuiġ
síos aig an Árdeaspog é féin, aig a
ġaoltaiḃ & aig a ċóṁarsanaiḃ, a ḃí a
g-cóṁ-aois & i g-cóṁ-aimsire leis, gur
i d-taca 'n earaiġ, nó mar déarṫá air
ċoṫrom na seaċtṁaine seo, a rugaḋ é
De ḋuine mar é a d-tug Dia saoġal
ċo fada a's ṫug Sé ḋó, & ag a raḃ an
oiread sin air aire 's air intinn 's le
déanaḋ aige, & do rinne 'n oiread leis,
is deocair do ḋuine seanaċus le sás¬
aṁ do ḋeunaḋ air. Rinne sé 'n oiread
sin maṫasa air feaḋ a ṡaoġail, & gaċ
gníoṁ acu níos feárr & a baint bárr
d'a ċéile, gur deocair do ḋuine mar
mise tráċtaḋ air a ċuid maṫasa mar
buḋ ċóir. Ó 'n lá rinneaḋ 'sagart de
go d-tug Dia aige Féin é, ní raḃ coṁ¬
nuiḋe air ó ṁaidin Dédóṁnaiġ go oiḋ'
Ṡaṫarna aċt ag imṫeaċt ó ḃaile go
baile & ó ṗaráisde go paráisde, ṫré
ċnoic & ṫré ġleanntaiḃ, a frioṫólaḋ
na sacramuinte do na daoiniḃ, nó aig
éisteaċt faoisdin & a ráḋ aifrinn; &
go h-anṁinic a taḃairt seanmóiriḋe
uaiḋe, & sin a g-coṁnuiḋe i nGaeḋilge.
Ní laḃaróġṫaḋ sé focal aṁáin leis na
daoiniḃ aċt Gaeḋilge; & ní leigfeaḋ
sé do aonduine ḋul faoi láiṁ easpoig
ċuige mar m-beiḋeaḋ an teagasg críos¬
taiġe aige i nGaeḋilge.
Is mór an onóir do ḋuine ar biṫ é
ḃeiṫ le ráḋ aige gur as aon tír le
Árdeaspog Mac h-Aoil é, aċt feud¬
ann condae Ṁaiġeo rud a ráḋ naċ ḃ-
feudann condae ar biṫ eile, 's sé sin
gur ann a rugaḋ, a baisdeaḋ & a tóig¬
eaḋ é. Is mór an onóir í sin; & is an
ṁór an onóir í. 'Sí 'n onóir is mó í
fuair aon ċondae ariaṁ, & 'sí an onóir
is mó í fuair condae Ṁaiġeo ó 'n lá
ṡeas Naoṁ Páḋruic air ḃárr na
Cruaiċe, gleusta ann a ċulaiḋ aifrinn;
a ċúl le fairge & a aġaiḋ soir air an
tír; a ḃaċal iona leaṫ-láiṁ, & an ċrois
'san láiṁ eile, nó gur ḃeannuiġ sé 's
gur ċoisreag sé — ní ṡé aṁáin condae
Ṁaiġeo & Connaċta, aċt Éire go léir.
Rinne Naoṁ Páḋruic altóir de 'n
Ċruaiċ mar rinne ar Slánuiġṫeoir de
Ṡliaḃ Ċalṁuire, & ċaiṫ sé ḋá ḟiċead
lá iona bárr ag urnaiġe, a trusgaḋ &
a beannuġaḋ na h-Éireann.
Is gnáṫaċ onóir ṁór do ṫaisbeáint
do ḋaoiniḃ áiriġe a ṫuillfeaḋ é; mar
déarṫá, do ṗrionnsa nó oifigeaċ airm,
do luċt eoluis, nó d'a leiṫidiḃ sin; do
ṡagart nó do easpog nó do ḋuine ua¬
sal eicín a ḃí an-t-saiḋḃir & a rinne
maiṫ ṁór air na daoiniḃ, nó ḃí ag iar¬
raiḋ maṫa do ḋeunaḋ. Aċt faoi 'gus
ṫar an doṁan níor rugaḋ & níor bea¬
ṫuiġeaḋ an mac máṫar sin leis na
ceudaiḃ bliaḋan, biḋeaḋ sé 'na ṗrionn¬
sa nó 'na oifigeaċ airm, 'na ṡagart nó
'na easpog, &, dá n-déarfainn, pápa,
do ċuirfinn i g-coṁmórtas, nó d'ḟeud¬
fainn a ċur i g-coṁmórtas, le Árd-
easpog Mac h-Aoil (an ḃualaḋ bos)
