378
AN GAOḊAL
There is not, perhaps, in the histor¬
y of the Gaelic movement a more im¬
portant event than that of the Con¬
vention of the Ancient Order of Hi¬
bernians which was held in Omaha,
Neb., on May 8 — 12, at which $50,000
were voted to endow a Celtic Chair in
the Catholic University, Washington,
and before which the Rt. Rev. Bishop
Scannell delivered the following Gael¬
ic address, and declared his willing¬
ness to join the Order — the first bish¬
op of America who has done so. His
Lordship's address. —
(From the Irish Standard, Minne¬
apolis, Minn.).
A Ḋaoine Uaisle na h-Éireann :—
Ḃí áṫas mór orm an lá faoi ḋeire an
uair ṫainig litir, no sgríoḃaḋ, ó Ḋoc¬
túr O'Caṫáin, an ceann léiġeanta de'n
Ċoláisde mór Washington ag ráḋ
liom go raiḃ siḃ-se, Sean Ord na h-Éir¬
eann, ċum Caṫaoir Ġaeḋilge a ċur
suas anns an g-coláisde sin. Deirim
go raiḃ áṫas mór orm óir atá cion &
gráḋ agam air mo ṫeanga nádúrṫa
féin. Is sí 'n Ġaeḋealg ar d-teanga
ḋúṫċais — teanga ar n-aiṫreaċ agus ar
máiṫreaċ; an teanga do laḃair Pád¬
raic agus Bríġid agus Columcille; an
teanga do laḃair Pádraic Sairséal a
n-aice caṫair Luimniġ; an teanga do
laḃair Doṁnall O'Conaill ṫre talaṁ
na h-Éireann. Is teanga ḃinn, ṁilis,
teanga na Gaeḋilge. Buḋ ḃreáġ agus
buḋ ṁilis na sean rannta do ċualaḋ¬
ar ar n-aiṫreaċa fad ó ṡoin i n-Éirinn,
"Seáġan O'Duiḃir an Ġleanna"; Gráin¬
ne Ṁaol"; "Fáinne Geal an Lae";
"Bán Cnuic Éireann Óġ; "Druimḟion
Duḃ Ḋílis," agus a leiṫéid. Laḃrann
an Breaṫnaċ & an Francaċ, & an Gar¬
amanaċ a d-teanga féin. Cia 'n ċúis
na laḃramuid-ne — Clann na nGaoḋal,
teanga na nGaoḋal? Ná fuil neart
& misneaċ, & aoirgiod agaiḃ-se ċum an
ċaṫaoir so do ċuir suas, & ar d-tean¬
ga nádurṫa do coimeud 'na beaṫa?
Cuiṁniġiḋ-si air ḃur n'ainm — Sean Ord
na h-Éireann, go deiṁin, aċ Éireannaiġ
gan teanga na hÉireann. Ó seo
amaċ atá súil agam go n-deunfaiḋ siḃ
ḃur n-diṫċioll anns an g-cúis ṁór so.
Ní ḃ-fuil an Gaeḋealg tar éis ḃáis, —
ní ḃ-fuil sí marḃ fós, &, le congnaṁ
Dé, ní ḃéiḋ sí marḃ; agus, air an áḋ¬
ḃar sin, deirim ann so anois liḃ-se,
Sean Ord na h-Éireann — airgiod síos
29 Glengarriff Parade,
N C Road, B'l'a' cliaṫ, Éire,
27 Abrain, 1894.
A ċara ionṁuin, —
Do sgríoḃas na dánta ata ions
an litir seo go déiġionaċ & do ṡaoil
mé gur cóir ḋam iad do ċur ċugat-sa
is féidir go ḃ-fuil siad fiú áit 's an
"nGaoḋal."
Táim cinnte go ḃ-fuil áṫas mór ort
do ċlos go ḃ-fuil cúis na Gaeḋilge ag
dul ar aġaiḋ go mór ions an g-caṫruiġ
seo, & ar fud Éireann, mar an g-ceud¬
na. Tá na daoine óga ag oibriuġaḋ a
n-diu, & is in na daoiniḃ óga tá dóṫċus
ar d-tíre & ar d-teangan, go mórṁor
in-daoiniḃ óga Duiḃlinne, oir leanann
na daoine ar fud Éireann daoine Duiḃ¬
linne ar fad & ma ḃ-fuil baraṁail
coitċionn maiṫ ag na daoiniḃ ions an
g-catruiġ seo a d-taoiḃ teangan na
Gaeḋilge, béiḋ an ḃaraṁail ceudna ag
na daoiniḃ eile.
Na caill do ṁeisneaċ óir rinne tusa
do ḋíṫċioll, agus do ṡeas tú go cróḋa
ions an m-bearnán nuair naċ raiḃ neaċ
ar biṫ eile le fáġail an ċuid is luġa
de 'n obair ṁaiṫ seo a ḋeunaḋ-
Go m-beannuiġ Dia ṫú & do ċuid oib¬
re.
An Gaḃar Donn.
[A Ġaḃair Ḋuinn ionṁuin, ná biḋeaḋ
imníḋe ort i d-taoḃ mo ṁeisniġ-se. Ní
raḃ mo ḋóṫċas i m-buaiḋ mo ṫeangan
agus, d'a ḃriġ sin, mo ṫíre, níos dóig¬
ṫeaṁla 'riaṁ ná tá sé i n-diu. Agus, le
congnaṁ Dé, is geárr go m-beiḋead i
nan stáir oibre gaċ aon 'san g-cúis ó
cuireaḋ air bun í, os cionn fiċe bliaḋ¬
ain ó ṡoin, do ṫaisbeánaḋ do 'n ṗuibliġ¬
eaċt.
Le meas mór agus cion, mar
buḋ ċóir, táim do ḋearḃráṫair ḋílis,
M. J. Ua Lóċáin.]
