AN GAOḊAL
387
AN SMÓLAĊ.
Leis an nGaḃar Donn.
Cá ḃ-fuair tú d'eolas glan, a éin?
Cá ḃ-fuair tú do ṁór ḃinneas?
Atáir ċóṁ súgaċ, lán de ṡeun
Ní 'l beul faoi 'n ngréin a ṡeinneas
Tá leaṫ ċóṁ sulṫṁar, soilḃir, grinn,
Ní spiorad fraoċaṁuil, fuar ṫú;
Atáir ċóṁ greannṁar, glórṁar, glinn
Ní anam duaiḃreaċ, dúr ṫú.
Do fuaras iad ó Ḋia na n-dúl,
Do b' É ṫug dam mo ṡuairceas
Go seinniḋ mé gaċ uair go h-uṁal
A ṁolaḋ mór gan duairceas.
Is binn gaċ clúid am' aice, óir
Síor-ċluiniḋ siad mo ġuṫ-sa
'S gíḋ tá 'n macalla ar mo ṫóir —
Ní ḃéarfaiḋ sé ar mo luas-sa.
Ó ṁaidin ġil go hoíḋċe ṡáiṁ
Bíḋim 'seinim, 'seinim, 'seinim,
'Gus sgapaim áṫas ar gaċ láiṁ,
Óir 's binn an ceol a ċluinim
Ó 'n nádúir féin a laḃras liom,
Faoi 'n g-crann os cionn an t-sruṫa;
Aċ! tá mo ċroiḋe de ṡuairceas trom
Gíḋ beag é meud mo ċruṫa.
Ní ṫig liom ḃeiṫ am' ṫost, óir ċuir
An nádúir orm-sa éigean
Mo ċeol do ṫaḃairt go g-cluiniḋ fir
'S gaċ uile níḋ do ṫréigean
Air son an ċeoil ṡaiṁ ṡúgaiġ seo
A ṫáinic dam ó 'n ḃ-flaiṫeas —
Ó Ḋia na saoirse, Ḋia na m-beo;
Buḋ ṁór gan gó a ṁaiṫeas!
Nuair tá an saṁraḋ glórṁar ann,
'S na máġa lán de ḃláṫaiḃ,
Tigeann na páisdiḋe faoi mo ċrann,
D' a súgraḋ faoi mo sgáṫaiḃ,
A's cluinim ceol a ngóṫann n-óg.
Ní 'l ceol faoi neaṁ is milse
Ná fuaim ro-ṫaiṫneaṁaċ a b-póg;
'S ní 'l am nó uair is dilse.
Gaċ nóin ḃreáġ cluinim ceol na m-ḃeaċ
Nuair táid ag cruinniuġaḋ meala;
