AN GAOḊAL.
399
le faġail.
Mar sin do ġlacadar cliaḃ mór, &
rópaḋ láidir, & do ċuadar do'n ċuas
ionar ṫuirling an t-aḃaċ. Ligeadar
síos Hans ar d-tús insan ċliaḃ le n-a
ḃata trom, & an uair do ráinic in íoċ¬
dar, ḋearc sé dorus noċ a d'ḟoscail
sé, & i g-cineal seomra maiġdean óg,
sgiaṁaċ, níos sgiaṁaiġe 'ná ar ḋearċ
Hans ariaṁ, & i ḃ-fogus dí an t-aḃac
ag dranntaḋ faoi mar apa.
Ḃí an ṁaiġdean óg ḃoċt ceangailte
le cuiḃreaċ, & ḋearc sí air Hans ċo
brónaċ gur móṫuiġeaḋ é le truaiġ ar
a son, & a duḃairt,
"Is éigin dom í ṡaorṫaḋ ó ċuṁaċd
an truaiġín oilc so."
D'iompuiḋ sé go luaṫ, & d'aon ḃéim
d'a ḃata siuḃalta, do léig marḃ ar an
talaṁ é. Fá ċéadóir do ṫuit na cuiḃ¬
reaċa ó'n maiġdean, agts luaġaireaḋ
Hans le n-a sgéiṁ.
D'innis sí ḋó gurab maiġdean ríoġaṁ¬
ail í, do ḃí goidṫe ó n-a baile le iarla
meangaċ do rinn bráiġ ḋí in san uaiṁ
ċarraigeaċ so faoi ċoiṁéad an aḃaic
uirṫi, noċ ṡárṫuiġ 's do ṗianuiḋ go
míoṫrócaraċ í.
Air ċlos so ḋó, do ċuir ann san g-
ċliaḃ í, & do ġáir ar a ċompánaiḃ í
ṫaraing suas. Ṫáinic an cliaḃ anuas
aris, aċd níor ṫaoḃ Hans 'nna ċoṁ-
ṫaisdiolaiḋiḃ go h-iomlán. "Oir,'
smuain sé, "raḃadar fallsa ċeana, gan
inseaḋ dom ar ċuairtiḃ an aḃaic, &
cia aiṫniġiḋ naċ ḃ-fuil miorún am'
aġaiḋ aca."
Mar sin de ċuir sé ṫrom-ḃata ins an
g-cliabh, & ba ṡónuiḋe é ḋó féin gur rinn
é, óir 'nuair ḃí an cliaḃ leaṫ-ċaoi suas
ligeadar síos an rópaḋ, & dá mbeiḋ¬
eaḋ Hans 'na ṡuiḋe ann da ríriḃ, is
deiṁin go sgóirfíḋe i míriḃ é. Giḋeaḋ
ba doċar brónaċ ḋó é do ṫeaċd amaċ
as an áit ḋoiṁin úd, & smuaineaḋ sé
mar dob ḟéidir leis, níor ṫaisbeán
ealoġ ḋó.
"Is deacair é," duḃairt sé leis féin,
"d' aiṫin gur b'éigin dom fanaċd anso
le ḃeiṫ gortuiġṫe."
Aċt mar do ṡeaċrán sé asteaċ 's
amaċ, ṫáinic sé arís do ṡeomra iona
raiḃ maiġdean óg 'na suiḋe, & ḋearc
sé ar ṁeur an aḃaic ṁairḃ fáinne
driṫleaċ, soillseaċ. Ṫarraing sé an
fáinne amaċ, & ċuir sé é ar a ṁeur
féin, & mar do ċas timċioll é, go prap,
ċluin sé ḟoṫrom 'riṫeaḋ ós a ċeann.
D'ḟeuċ sé suas, & ḋearc sé spíoraid
an aeir tairis, aduḃairt ḋó gur buḋ é
foḋantuiḋe ḋó, & d'iarr air, cad iad
a ḃí a aiṫeanta.
Ḃí mearuiġṫe Hans ar d-tús, aċd
ag ráḋ gur main leis a ḃeiṫ taraingṫe
ar an uaiġ úd, i móimid do géilleaḋ
é; dar leis gur eitil sé. Anuair ráin¬
ic an uaċdar ní raiḃ a ċompáiniġe le
faġail, & ar teaċd dó do'n sean ċais¬
leán, do fuair sé folaṁ é Do ċuaiḋ
amaċ an Castaċ-giuḃais & an Sgoilt¬
eoir-cainge & rugadar an ṁaiġdean
sgiaṁaċ amaċ leo.
Do láṫair ċas Hans a ḟáinne ar a
ṁeur, ṫaisbeán spioraid an aeir ḋó,
a d'innis ḋó go raiḃ a ḋá ċompánaċ
ar an ḃ-fairge. Riṫ Hans le luas is
mó síos do'n tráiġ na fairge, & anuair
ráinic sé do'n tráiġ, ḋearc sé bád a
gcian, iona raiḃ a ċompániġe fallsa, a
ḃí ag ráṁ amaċ ċo luaṫ a's dob ḟéid¬
ir leo, Ann a ċúṫaċ, & gan smuaineaḋ,
léim sé 'san uisge, ag breiṫ fós a ḃat¬
a trom, aċd do ṫaraing síos toṁas a
ḃata é, & ḃí ar tí le báṫaḋ 'nuair do
smuain sé ar an ḃ-fáinne. Do ċas tim¬
cioll arís é, & ṫaisbeán spioraid an
aeir ḋó, a d'iomċar le luas na tein¬
triġe é do'n m-bád. Léim sé asteaċ
'san m-bád & le dó no trí ḃéimiḃ a
ḃata ṫug dóiḃ an duais do ṫuill siad,
& do ṫeilg san uisge iad.
Raṁ sé amaċ ċo luaṫ a's dob ḟéid¬
ir leis leis an ḃain-ḟlaiṫ sgannruiġṫe,
dar ṡáḃáil sé fá ḋó, & ar teaċd do'n
tráiġ dó rug aḃaile í fá ċeudóir d'a
h-aṫair & d'a máṫair, do ḃí lán de á¬
ṫas ag a faġail beo & slán
Do ṗós Hans an ḃainflaiṫ, & do ṁair
sé do ṡíor tar éis sin i sónas is mó -
Críoċ.
Send a Dollar for the Gael
