AN GAOḊAL
401
Cá h-uair m-béiḋ ár dteanga mar ṫaitneaṁ na gréine
Ag sgapaḋ a sóláis 'n ar d-timċioll gaċ lá,
'S ar n-daoine d'a laḃairt, — caint naoṁṫa ar nDé-ne,
Ag líonaḋ le ceol binn ar g-croíḋṫe go bráṫ.
No go laḃramaoid í ní ḃéiḋ meas orruinn ċoíḋċe
'Measg daoineaḋ an doṁain tá d'ar m-breaṫnuġaḋ
[anois,
Béiḋ ar d-tír ḋil, sean Éire, mar "leanḃán 's an oíḋċe
"Ag gul ar an t-solus," no mar "fáiġ tá gan fis."
Óir muna ḃ-fuil meas orruinn féin ins an am seo,
Ní ḃéiḋ meas orruinn féin measg na náisiún go deo,
Óir déirfid — is daoine míoċróḋa an dream seo
Ní fiú iad 'n a náisiún 'n ar measg-ne ḃeiṫ beo.
Táir claoiḋte a's cráiḋte a's brúiḋte sean Éire
Faoi ċosaiḃ do náṁad, an t-Sacsanaiġ ċaim,
Aċt, A! ma raiḃ 'lonnraḋ ort lóċrann do spéire —
An t-saoirse — béiḋ dóċusaċ, meisneaṁail do ḋream
Aċt sguirfead-sa nois ó mo ċaoineaḋ, ní'l féiḋm ann,
Ní marḃ tusa fós giḋ go ḃ-fuilir 'do luiḋe;
Éireóċair go glórṁar i g-culaiḋ gan béim ann
A's geuḃaiḋ tú buaiḋ ar do náṁaid le d' ḃríġ.
Táim cinnte go m-beiḋ teanga Éireann d'a laḃairt linn,
'S go ruaigfear an Beurla as Éirinn go deó.
Ní'l neaċ ann aċt sinn féin ar saoirse do ṫaḃairt dúinn,
'S is cóir linn ár n-díṫċioll do ḋeunaḋ gan gó.
AN CAILÍN DEAS RÍOĠAṀAÍL.
le A. Mulalla.
Tá Cailín deas ríoġaṁail le pósaḋ i Sasanaiġ,
'S go cinnte béiḋ áḋ ar an m-buaċaill a ġeoḃfas i,
Béiḋ sí cineálta, claonmar, ceiġfeasaċ, cuingḃealaċ,
'S réiḋteoċaiḋ sí biaḋ uile lá san am ḟoileaṁnaċ;
Ṫainic máiṫreaċa róṁaimpi a raḃ fios a n-gnóṫ' acu,
Ḃíḋeadar tíoġḃusaċ, críonna — go deiṁin tá 'ḃail orṫu,
Le n-a n-inġeanaiḃ óga ḃí siad árdalaċ, fad-ċeannaċ,
Ag deunaḋ dóiḃ cleaṁnais le impíriġiḃ borḃulaċ.
Seinn — Tá cailín deas ríoġaṁail le pósaḋ i Sasanaiġ,
'S béiḋ sgiorta de 'n áḋ ar an stócaċ a ġeoḃfas í,
A d-taoḃ bisiġe as líonraḋ léir dúiṫċeas ní ṫeipiḋ sí,
As ní ḃéiḋ ganntan tuiseaḋ i n-aon am i Sasanaiġ.
Ní'l dada le ráḋ le roinn d'a sean aiṫreaċaiḃ,
Aċt go m-bídís ag sgriosṫa ar ċuantaiḃ na fairrge,
'S ag aċtuġaḋ dliġe geur ar ṡuiḋṫiḃ báid umarṫa,
Ag cruinniuġaḋ cís ar riġṫiḃ borbaċa,
