(11)
10Ṁaḋ Rol. Uiṁ. 11.
DEIĊṀÍ
1894.
AN DREOILÍN.
(Ó Ṡiams an Ġeiṁriḋ.)
'San t-sean aimsir, do ḃí cruinniuġ-
aḋ ag eunlaiṫ an aeir ⁊ do ċinneadar
ar riġ do ḃeiṫ os a g-cionn Dúḃraḋ-
ar cia ar biṫ eun b' áirde d' eitleoċ-
aḋ gur b'é ḃeiḋeaḋ 'na riġ orra. An
uair i ċualaiḋ an Dreoilín é sin, d'im-
ṫiġ leis ⁊ cuir sé é ḟéin i ḃ-folaċ faoi
Sgiaṫán
an iolraiġ Mar ḃí sé beag buḋ ḟuras
folaċ a ċur air, ⁊ mar ḃí sé éadtrom
níor airiġ an t-iolraċ a ṁeáḋaċan.
Ċuadar go h-uile ag eitleaḋ, aċ buḋ é
an t-iolraċ buḋ áirde ċuaiḋ. Ann sin
sgread sé amaċ ⁊ dúḃairt, "Is mise
riġ na n-eun." Níor leis an Dreoilín
b'ḟailliġe; d'eitil sé amaċ ó sgiaṫán
an iolraiġ, ⁊ mar nár ḟeud an t-iolraċ
do ḋul níos áirde, óir ḃí sé tuirseaċ,
sáruiġṫe, ċuaiḋ sé suas níos áirde ná
an t-iolraċ, ⁊ duḃairt, "Ní ṫusa aċt
mise riġ na n-eun." Agus ó 'n lá sin
goirtear riġ na n-eun ar an Dreoilin.
'Nuair i ḃiḋeas an t-aos óg ag dul
ṫart leis Lá'l Steaṗáin, is gnáṫaċ leo
an rann do leanas a ráḋ. Áit ar biṫ
naċ ḃ-fuil eolas ar an Gaoḋailge ab-
ruiġeann siad ráiméis Beurla, aċ ní'l
sé g-comórtas leis an rann a deirtear
san Gaoḋailge: —
A ḋreoilín, dreoilín, riġ na n-eun,
Is mór do ṁuiriġin, is beag ṫú ḟéin.
Eiriġ suas a bean an tiġe
A's taḃair ḋúinn uḃ na circe buiḋe
Atá ṡiar i d-tóin an tiġe.
Ċualaiḋ sionnaċ go raḃ an Dreoilín
'n a riġ ⁊ duḃairt sé leis ḟéin, "O ṫár-
la go ḃ-fuil mise ag marḃaḋ eun, ní
stadfaiḋ mé nó go marḃóċad an rí.'
D'imṫiġ leis, ⁊ ḃí sé ag imṫeaċt gur
casaḋ nead Dreoilín leis. D'ḟiafraiḋ
sé, an raḃ an rí aca ann sin. D'ḟreag¬
