428
AN GAOḊAL.
CONDAE ṀUIĠEO
Fonn — "Is Fad ó Ċuir M' Aṫair Mé air Asal ag
Iarraiġ Mná
le Martan O'Mia.
Ceud slán duit Éire, is fada go ḃ-feicfiḋ mé ṫú,
Agus leun air an tráill do ṫug go mo ġaḃaltas thú;
Tá mé 'nois dul ṫar sáile 's ní ḟillḟead aríst go deo,
Aċ fágaim ceud míle beannaċt aig Eire 's aig Condae
Ṁuiġeo.
A m-Baile na Móna ḃí boṫáinín deas agam ḟéin,
Agus ċúig acra talṁan ċo maiṫ 's ḃí 'riaṁ aig a ḃ-fian,
No gur ṫairg mo ċoṁursa punt eile no ḋó os mo ċionn,
'S gur ċuir siad amaċ mé gan cosaṁlaċt píġin ná bonn.
Gaḃfad amaċ air a g-cnoc is áirde bárr
Agus caoinḟead mo ċáirde tá sínte i ḃ-fad air lárr,
Béiḋ brón air na h-eunlaiḃ a ċluinfeas mo ġuṫ 'sa spéir,
'S d'ar m' ḟocal go sílim go g-caoinfiḋ siad liom go léir,
Aṫoraḋ go'n dliġe ċuir amaċ as mo ḃoṫáinín mé,
Giḋ gur b' anaṁ ḃí feoil agam, anḃruiṫ, arán nó tae,
Aċt go m-b'ḟeárr liom-sa fataoiġ 'gus salan in mo ḃoṫ¬
án go fíor,
Ná beoir ṁárt agus milsean sa tír údaiḋ ċoigreaċ ṡiar
Cluinim sa tír úd naċ laḃróċaiḋ siad Gaeḋilge liom,
'S a Ḋia go do ḋeunfad, ní ṫuigfiḋ siad focal uaim;
Ní'l agam aċ Gaeḋilge mur ba ṁian liom i g-coṁnuiḋe
ḃeiṫ réiḋ.
'Sa ċoṁursanaiḃ ḋílis naċ fíor gur caḋan aontraċ mé.
Caoinḟead m'aṫair, mo ḋearḃraṫair, 's mo ṁáiṫrín ċaoin,
Mo ċoṁursanna dílis, mo ṫír sein 's mo ḋeirḃṡiúr ṁín;
Tá an loing dul air sáile 's ní ċiḋfead mo ċáirde níos
mó,
Aċ fágaim ceud míle beannaċt aig Eire 's aig Condae
Ṁuiġeo.
Martan O'Mia,
Bailé Garrḋa, Condae Ṁuiġeo.
Ceaṫraṁaḋ lá mí na Nodlad, 1894.
[We would call special attention to the natural sweet¬
ness of the above verses. Mr. May is a National Teach¬
er. We have received the verses through Mr. P. F. May,
Scranton, Pa., Le buiḋeaċas mór. — Ed.]
