AN GAOḊAL
429
The following lamentation on the death of the rever¬
end Eusby D. Cleaver was composed by Captain Norris,
and delivered by him before the N. Y. P. Celtic Society.
A ċáirde, is dúḃaċ dúinn 's is cúis ar n-déara,
'S is cás ar n-doċair gan soċar 'na ḋiaiḋ sé
An sgeul teinn, torruinneaċ, donasaċ, céasda,
Ag teaċd ṫar boċna son osnaiḋ gan breug é.
Ní breug a ċana gur doċar a's diaċair,
Sgoláire a's ollaṁ a's stiúruiġṫeoir treunṁar;
Coḃair a's teasargaḋ 'gus tacaḋ na Gaoḋailge,
An tréinḟear calma, Eisebiġ Mac Cliaḃair.
s iomaḋ fear mór' le n-a ṗócaiḋe líonta,
Go baṫas le h-ór a's a ċóstaiḋe slíomṫa;
Le h-anmana Gaoḋal air a maolċnaip sgríoḃṫa,
A's gan anam 'na g-cliaḃaiḃ do,n Ġaoḋailge líoṁṫa.
Buḋ líoṁṫa, tagarṫaċ, taiṫneaṁaċ treoraċ,
Léiġeanta an teanga ḃí aguinn 's buḋ glóraċ,
A n-Éirinn ċeansa, aċd tá a tacaḋ onóraċ,
Mac Cliaḃair, marḃ, 's tá m' aigne brónaċ.
Mo ḃrón! faid ṁairfead a's m' osnaḋ 'na ḋiaiḋ sin,
Naċ beo 'na beaṫa tá an t-ollaṁ Mac Cliaḃair;
Fear óir do scaipe gan ṁairg air eudan,
'S gan smúit aigne ḃeannuiġṫe an t-séiṁḟir.
A ṡéiṁḟir, do ċéile ḃí agat a meaṁair,
Taḃairt bréaga gaċ lae ḋi le taiṫneṁ do leaḃar.
Réitiġṫe ó 'n m-Brianaċ, ar d-tacaḋ gaċ uair,
'S an nGaoḋailge buḋ ṁian leat do roċdain le coḃair.
Coḃair do ṫugais agus iomad do ċéile,
Leaḃair a's bronntanus d' ollaiṁ na Gaoḋailge;
Do ċroiḋe gan doċma 's é obann ċum réitiġ,
Is truaġ 's is doċar an sgiorrad so d' Éirinn.
Is truaġ gan taise 'nois teanga na h-Éireann,
'S is truaġ lioms' an ġasra ċeapas í ṡaora ;
Is gáḋ dóiḃ feasda cur gasta le ċéile,
Ó ċuaiḋ an t-anam as tacaḋ na féile.
Dob' ḟial 's dob' ḟarsaing é, flaiṫeaṁuil, croiḋṁór,
Ciallṁar, ceanasaċ, measaṁuil, líonṁar ;
A ṫréiṫe maṫa níor stadaḋ go d-tí so,
Gur léim a anam o ṫalaṁ go h-Iosa.
A Íosa ġil aoiḃinn! 's a ḃanaltra 'n uain,
Tá síor ġonta ċoiḋċe le feartaiḃ gan stuaim ;
Guiḋim ċugaiḃ le díogras, deifireaċ, deoin,
Sgaoile air gaċ fíorḃruid tá air anam an leoġain.
