430
AN GAOḊAL.
An leoġan tagarṫaċ do 'n teanga buḋ ṁín glór,
'S láṁ 'na spaga 'ge a sgaipe le croiḋe mór,
Ór agus airgiod. tioḋlacaḋ a's múineaḋ:
Cia ġeoḃaimíd feasda 'na ṁalairt? — mo ċúṁa!
Is cúṁa led' ḃanaltra ceanasaċ, gráḋṁar,
Do ṡeas ad' aice go ceanaṁuil, páirteaċ;
Do ċeile leapṫa 's do ċara gan speáḋaċas,
Tú ḃeiṫ marḃ agus ise ḃeiṫ fágṫa.
Fágṫa ó tá sí, go raiḃ sí a ḃ-fad beo,
'S gur gráḋṁar di cáirde a compánuiġ cóir;
An sáirḟear buḋ gnáṫaċ a sgaipe 'ċuid óir,
'S í láiṁ leis mar ṗáirtiḋe a measgaḋ 'na ġlóir.
Glóir a's gradam a's maiṫeas an t-saoġailse,
Gan ġruaim ċum banaltra ġeanaċ an tréinḟir,
Do ḃronn a ḃeaṫa air ṫeagasg na Gaoḋailge,
Guiḋim sóġ dod' anam, a ollaiṁ Ṁic Cliaḃair.
Tomás D. de Norraḋ.
By request of an old respected subscriber we re-pub¬
lish the songs Barney Mo Vourneen, Erin's Song, and
Beautiful Isle of the Sea, which appeared in Vols. I. &
II. of THE GAEL twelve years ago, the translations of
Captain Thomas D. Norris.
A ḂEIRNÁIRD A ṀÚIRNÍN ní LÉIGFEAD ṫú ASTEAĊ.
Ḃí an oiḋċe fuar Ġeiṁreaċ 's na gaeṫe ag drantuġaḋ,
An sneaċta 'na ḃrataiḃ air ċábáin 's air ṡliġe;
Ḃí Ḃeirnárd ag eitill tar ċnoiċ ċum a ġráḋ geal,
Do ċnag sé air an ḃ-fuinneoig a raḃ Cáit óg n-a luiḋe;
"A ċuisle," ar sé, ḃ-fuil tú ad' ċodlaḋ nó ad' ḋúiseaċt,
Tá 'n oiḋċe geur, fuar, 'san mo ċóta ní'l teas;
Tá 'n stoirm ag éiriġe, a's an sioc ag síor ċnagaḋ,
A Ċaitlín mo ṁúirnín! léig mise asteaċ."
"A ċuisle," deir Cáit, a's do laḃair tre an ḟuinneoig,
"Creud fáṫ mo ṁúsgailt as mo leaba ḃreáġ ṫeiṫ,
Tú ṫeaċt air an uair seo atá peaċ'ṁuil a's náireaċ —
Uisge beaṫa, a's ní gean, atá líona do ḃlaoisg:
Dá m-bioḋ do ċroiḋe fíor ar mo ċáil ḃeiṫeá ceanaṁuil,
Smuain air an am, a's ní'l aon liom 'san teaċ;
Cad tá ag cailín boċt aċt a n-ainm san t-saoġal so:
A Ḃeirnáird, mo ṁúirnín, ní leigfead ṫú asteaċ."
"A ċuisle" duḃairt sé, "sé mo ċroiḋe mar an tobar
Do ċaoiḋfeaċ do 'n doċar do leigfinn fad' ċoṁair,
Tá d'ainm níos gile ná 'n sneaċta air na sléiḃte,
A's ġeoḃfainn féin bás d'a ċoiṁeud glé, a stór;
Anois riṫfiḋ mé aḃaile 'naġaiḋ gaoiṫe na spéire;
Feadfaiḋ mé 'n fuaċt díom, mar táim cúitiġṫe go maiṫ,
A's taḃarfaiḋ focla mo ċailín dom sólás 's beannuġaḋ,
Ag ráḋ a Ḃeirnáird mo ṁúirnín, ní leigfead ṫú asteaċ."
