(13)
11Ṁaḋ Rol. Uiṁ. 1.
AIḂREAN.
1895.
SEANṀÓIR ĠAOḊALGE.
Leis an Aṫair Urramaċ P. J. Ua Cui-
niḃ i d-Teampull Naoiṁ Alphonsuis,
Eoḃraċ Nuaḋ, Oiḋ' Ḟéil Páḋruic, 1895
"Má ġeur leanadar mise, ġeur lean-
adar siḃse mar an g-ceudna." Eon
XV. 20.
Is sé ciall an ḟocail seo a laḃair ar
Slánuiġeoir le na h-Aispliḃ, gur air
réir mar cuireaḋ eisean faoi leaṫ-
trom le tíoránaiġiḃ míoṫrócaraċa an
doṁain, is mar sin do ċuir an doṁan
ceudna sin iad-san ⁊ a ḋeisciobail go
h-uile faoi leaṫtrom ⁊ faoi ġeur lean-
aṁuint go deire 'n t-saoġail. Ḃí 'n
sgríḃin naoṁṫa seo cóiṁlíonta go fíor
ins na h-Aispliḃ; ⁊ mar an g-ceudna,
air réir mar ḃí sí cóiṁlíonta ins na h-
Aispliḃ, is féidir linn a ráḋ go cinnte
gur cóiṁlíonaḋ í go geur i g-cás Naoiṁ
Páḋruic, a ḃ-fuilid ag móruġaḋ a ḟéi-
le ⁊ a ḃuaiḋe a n-diu; ⁊ fós, ċiḋ sinn
fírinne na m-briaṫar m-beannuiġṫe ins
na geur leanaṁanaiḃ a d'ḟulaing a
clann spioradálta i. muintir na h-Éi-
reann, mar ġeall air a seasṁaċt agus
air a n-dílseaċt do 'n g-creideaṁ
naoṁṫa a ṫeagasg sé ḋóiḃ. 'Sé suim
mo ṡeanaċuis Gaoḋaile an ḟírinne seo
do ṫeasbeánt daoiḃ anoċt.
D' innis mé ċeana ḋaoiḃ 'san mBeur
la i d-timċioll aimsir ⁊ beaṫa Naoṁ
Páḋruic. Is mian liom anois laḃairt
liḃ 'san teanga Ġaoḋailge, teanga
ḃlasda ar d-tíre; an teanga sin in ar
ṁúin an t-Apstol mór an soisgeul
naoṁṫa d'ar sinsearaiḃ págánaċa.
'Nuair a laḃras liḃ beagán móiméint
ó ṡoin 'san teanga Ḃeurla, ṫug mé cun-
tas geárr ḋaoiḃ air laeṫiḃ óga Naoṁ
Páḋruic ag meaṁruġaḋ ḋaoiḃ an móḋ le
'r gaḃaḋ é féin ⁊ a ḃeirt deirsiúr, ⁊ mar
