4
AN GAOḊAL.
eaċ. Mar ġluaiseann gaḃaltas roiṁ
síoṫċaine 'gus árdċéim, ḃí clann n-ER
go deiṁin aig glacaḋ buaiḋ; óir ní
raiḃ annsan doṁan treuneuċt a ṡeas¬
faid ann aġaiḋ marcṡluaġ & coṁlann
ċloinn n-ER! Mar do scríoḃ a ṡean¬
aċuiḋe féin: Scarradar árdċéim a m-
buaiḋe go trócaraċ as cionn slioċtaiḃ
na cinne go h-iomláon. Súd e an t-áḋ¬
ḃar aduḃairt riġ Uleistir Euċtaċ;
Gur ó síol Eroguleis ar rugaḋ é féin,
óir buḋ ER a ċeapsinsior ṫríḋ Iaṫḃain.
B'ḟéidir is mar seo, do ċoṁainuiġ mic
n-ER an ċeud teaċ a ṫóigeaḋ, air tiġ¬
eaċt dóiḃ go tráiġ, & aig cuir a ḃád¬
fada air a ḃeul faoi, le t-iuntuġaḋ an
gaoṫ & an ḟearṫain uaṫa, facaḋ siad
gur ḃ-feud teaċ breáġ ḋeunaḋ ḋe, má
cuirfear murṫa anna faoi — Sin duit
tusaċ n-ardċloċaraċta. Ar feuċ-ṡint
reult-sluaġ na neiṁe ga corruġuḋ ċum
dian faoi ċuart, roinn siad am agus
tráṫ d'a réir — Sin duit tusaċ na
reultaraċta. Mar an g-ceudna d'ion¬
suiḋeadar ag díriuġaḋ a cúrsa ṫar
sáile d' oiḋċe le congnaṁ na ḃ-fíor-
reult — Sin duit tusaċ na luingseor¬
eaċta. Ċonnairceadar an oiread sin
le n-a súiliḃ críonna deáġ-ġorma, ann¬
os naċ dearṁainfaid, riġne siad coṁ¬
arṫa scríoḃṫa — Sin duit tusaċ litir¬
eaċta.
Maiseaḋ le ceaneoċar na Suḃáilce,
Ciall, & deáġoibre d'ḟuasgail siad faoi
seaċ, an ulsaiḃreas a ḃí d-aisce ann
uċt na talṁan. Ṫiomáin siad carbad
lonraċ na Cora o ḃun g-Cosangaḃa go
d-tí Errion Iaṫġlaise! Air an turas
ulḃuaiḋeaċ sin leag siad smaċt na n-
dliġe air gaċ ball de 'n doṁan. Arra
do ḃí a ċáil & a ċliú ga líonaḋ na
cruinne le torman a ġlóire!
Is ó'n b-pobal seo , dar run na ion¬
colnta, ṫainic an t-árd triaṫ CRÍOSD.
Ḃí foġluim iarrta-na-deise aca mar
oiḋreaċt na sinsior. Mar ġeall air
air sin ċiḋtear go ḃ-fuil searclean¬
uinġt Ċríost faoi ruċt a ceint aig
slioċtaiḃ n-ER, nuair a ḃ-fuil an drong
buiḋe, dun, & duḃ dallsasta faoi iḋo¬
laḋraḋ! Má ḋeunfaḋ cloin n-ER, an
gaċ roinn de'n doṁan atáid, CUING¬
RAḊ na SÍOṪĊÁINE eatra féin ṫig
leo gan cogaḋ a láṁa do ċuir amaċ
le trócaire os cionn na cinne!
Aċt, mo ḃrón! a ḋaoine, tá foc¬
la an ḃáird ag foillsiuġaḋ ar g-cúis go
ró-ḟírinneaċaċ, 'nuair a deir sé :
Sileaḋ deor, a's gul, a's caoiḋ,
Feasta ḋúinn a's briseaḋ croiḋe.
Óir atá teanga uasail ulcloinn n-ER,
nois tar éis beaṫa ceiṫre míle m-baal¬
aineaḋ, ann lúb & rúċt an ḃáis. Is
fíor go ḃ-fuil milliún nó ḋó de'n Ġaal
ann Éirinn & Ailpban fós ag caint í,
aċt creud is féidir le fuiġleaċ boċt
an t-sloiċt mór-uasail n-ER do ḋeun¬
aḋ? Is coṁaċta náṁadaċ atá anna
d-timċioll & anna n-aġaiḋ air gaċ
taoḃ?
Buḋ ċóir do ḋaoiniḃ de 'n t-slioċt
atá ansaiḃir do ċur air bun coṁláisd¬
iḋe air son a cosanta, nó air éigin, do
daingnuġaḋ le sarluaċ airgeid caiṫeo¬
riḋe n-Eolaḋa, 'nna n-árdscoiltiḃ atá
ann, annos go coṁeinfaid an cinne
daoineaḋ árdċéim teangan n-ULĊLOIN
n-ER!
Ann m-beiḋ nó naċ m-beiḋ mar sin,
níor ḟeud liomsa a ráḋ, aċt deirmse
gur buḋ ceart go ġeaḃfuid beulraḋ 'n
t-slioiċt a fuasgailt le ceanneoċair
na suḃáilce, ciall, & deáġoibre.
Do 'n ċinre ionṁuis talṁan & mara,
uile onóir & árdṁeas. Do ḃriġ sin
gaċ baalain air tiġeaċt ḋúinn an ḟéile
seo, laḃraim liḃ anns an teangain
uasal seo, ó 'n gráḋ atá agam air
slioċt n-ULĊLOIN n-ER Siadsan do
ḃí faiċiġ na mór-ċaile, treunfir na n-
alloide.
SEÁĠAN Ua CEARḂUIL.
OBITUARY.
It is with deep regret we record the demise of
Mr Timothy O'Regan, which sad event took place
at his residence in Williamantic, Conn. on the 7th
of February, in his 61st year. Mr O'Regan was a
native of Co. Cork, and a contributor to every fund
raised to benefit his native land ; and as to his na¬
tive speech, he could not account for why any Irish
man would neglect it. — May his soul rest in peace.
