AN GAOḊAL
11
Deas Ḃoston, an Seaċtṁaḋ lá de Ṁárt, 1895.
Ċum Fear Eagair an Ġaoḋail.
A Ṡaoi Ḋílis — Ag so dán a ċum mé agus tá súil agam go g-cuirfiḋ tú i g-
clóḋ é má's fiú leat é. Is sé a ainm, "Ní Raċfainn go h-Éirinn air Cuairt."
Fáṫ agus míniuġaḋ ann seo síos le Maitias Ua Guairiam,
Fonn. — Leagaim air mo Fallaing mar déarfas mo Ċroiḋe liom.
Air uaċdar na ċruinne ní ḃ-fuil saṁail na h-Éireann,
Bíḋeann drúċd meala air an ḃ-feur ann do ló agus d' oiḋċe,
Agus an sgeaċ áluinn faoi ḃláṫ úr le dealraḋ na gréine,
Ag sgeiṫ deáġ ḃalaḋ séiṁiḋ go h-árd air an ngaoiṫ;
Tá an ċuaċ 's an ḟuiseog ag ceileaḃar le ċéile,
An londuḃ 'san ċéirseaċ ag seinm go binn,
An troġnaḋaċ go clasaċ anns an n-gort glas ag éisteaċd,
Agus an breac geal go aiéreaċ ag snáṁ anns an d-tian.
Ceud slán le díl Éirinn, tír ansa mo ṡinsir,
Naċ minic a ċuiṁniġim air an am ḃí mé óg;
Agus beannaċt le glas coillte Ḃaile-na-h-Inse,
Agus is iomaḋ lá aoiḃinn do ċaiṫ mé aig Aḃain-Ṁór;
Annsúd do ċleacht mise suaiṁneas agus siamsa,
Mo ṡuiḋe 'measg na n-gaolta gan cealg no cluain,
Nó ag triall a ḃaile ó aifrionn no aonaċ,
Le mo ċailín deas dílis agus ar g-croiḋṫe lán de ḃród.
Aċd is brónaċ le dearcaḋ mar ṡiansaṁail an t-saoġail so,
Feuċ mar ċuireann an duḃ-ġeiṁreaḋ an deáġ-ṡaṁraḋ faoi ṡuan,
Agus gaċ crann áluinn measaṁuil le toraḋ breáġ líonṁar,
Ní ṁaireann taréis críonuġaḋ aċd na geugaḋ cruaiḋ lom;
Mar súd d'eulaiġ mo spracaḋ, mo neart 's mo ċroiḋ' uaim,
Agus mo raḋarc a ḃí grinn seal tá 'nois plúċda faoi ċeo;
Táim a g-céin ó mo ċáirdiḃ, táim a g-coigriġe ó mo ġaoltaiḃ —
Oċ faraoir! táim aosda agus ní ḃéiḋead arís óg.
Aċd is buan mallaċd gaċ teaġlaċ air ṫiaráin na tíre,
Is iad a díbreaḋ na daoine soir, siar, deas agus tuaiḋ,
Agus gaċ áras a ḃí fáilteaċ rioṁ aois, óg' 's críona,
Ní ḃ-fuil anois ann mar fiaḋnuise aċd trom 's neantóg;
Gaċ coṁursa agus caraid ṁair annsúd le mo linn-se,
Táid uile lag, claoiḋte, nó sínte faoi an ḃ-fód,
Agus cad b' áill liom air ais ann, cur buaiḋreaḋ ann m'inntinn,
Oċ, ceud slán le do aoiḃneas mo ḋíl Éire go deó!
Tá sé aon ḃliaḋain deug air ḟiċead ó d'ḟág mé Condae Gaoḋlaċ na
Gailliṁe agus táim annso a g-caṫair Gallda Ḃosdon ó ṡoin.
