(14)
11Ṁaḋ Rol. Uiṁ. 2
BEALTAINE,
1895.
Do Léiġeaḋ an Páipeur so leanas
Os Coṁair Ċonnarṫa na Gaeḋilge i
mB'l'a'cliaṫ, ar 4aḋ Oċtṁí, '93.
Tagraḋ air son Ċeoil na h-Éireann.
Leis an nGaḃar Donn.
Is mian liom ḃur n-inntinne a ḃros-
tuġaḋ ċum gráḋa a ṫaḃairt d' ar g-
ceol ársaiġe féin, ceol bríoġṁr na m-
bárd, do ċeol blasta ar sinsear; is
iongantaċ liom go ḃ-fuil riaċtanas ar
biṫ orrainn so a ḋeunaḋ, aċ is cosṁuil
an niḋ seo le gaċ uile niḋ eile ḃaineas
le beaṫa fíor ar d-tíre; naċ ḃ-fuil
riaċtanas orrainn — an Cunnraḋ na
Gaeḋilge seo — a ċur air bun ċum ar
d-teangan a ċongḃáil ó ḃás? Naċ
raiḃ riaċtanas air ḋaoiniḃ eile cumann
a ċur air bun go déiġeanaċ ċum feasa
ar sgéil ⁊ litriḋeaċta a ċongḃáil a-
guinn. Is mar sin atá sé le niḋ a
ḃaineas le n-ár d-tír féin, is éigin
dúinn a ḃeiṫ a g-cóṁnuiḋe ⁊ go bráṫ
ag brostuġaḋ ar n-daoineaḋ ċum na
néiṫeann úd a ḋeunaḋ buḋ ċóir ḋóiḃ a
ḋeunaḋ gan focal ar biṫ a ráḋ d'a d-
taoiḃ. Aċt tá cuid díoḃ leisgeaṁail,
⁊ cuid díoḃ neaṁċúramaċ ⁊ cuid eile
díoḃ aineolaċ ⁊ mar sin ní'l niḋ ar biṫ
deunta aguinn, aċt tá beagnaċ gaċ
uile niḋ ag dul a muġa.
Bíḋeann brón mór orm nuair a
ċluinim beagnaċ gaċ uile ḋuine ag sein-
im no ag feadaiġil fonn déiġeanaċ na
n-alla-ċeol, na foinn is measa, dar-
liom, atá le faġáil faoi neaṁ. Má ḃ¬
fuil na sgoile tíoraṁla uaiġ na teang-
ain dúṫċasaiġe, tá na h-allaiḋe ceoil
⁊ na tiġṫe imirte uaiġ ar g-ceol dúṫ-
ċasaiġ. Is anaṁ cluinimíd aḃráin Ui
Mórḋa no Dáiḃis no aḃráin "Spioraid
an Ċiniḋ" a n-diú, ⁊ gíḋ go ḃ-fuil fios
