14
AN GAOḊAL
AN ṀUIR.
Leis an nGaḃardonn.
1
Do ċualuiġ mé an ṁuir fa ġruaim
Ag dranntaḋ ar an tráiġ,
Do b' árd, mór, iongantaċ a guṫ,
Nuair ṫeilg sí ins an aer a cuḃar
Ag bun na g-carraig n-árd;
Nuair riṫ sí ċum na tráġa gairḃe,
Mar ṡluaġ mór saiġdíur ċum an ċaṫa.
2
Buḋ raḋarc glórṁar é gan gó,
An ṁuir fa ḟeirg ag riṫ;
Hurraṫ! hurraṫ! buḋ ḃreáġ an gleo
Nuair árduiġ sí le neart a glór;
Buḋ dil lem' ċroíḋe a sgiaṁ —
Gorm, glas a's bán fá 'n spéir ag smigeaḋ,
Tonn 'ndiaiġ tuinn gan stád ag tuisleaḋ.
3
Fara! fara! tá 'n ġaoṫ anois
Ag séideaḋ in a neart
Ar ḋruim na dtonn mór n-uaiḃreaċ nglinn.
Ag seinim ceoill go h-árd, go binn,
Ní 'l ceol is feárr fá neaṁ.
Fara! fara! ar feaḋ na h-oíḋċeaḋ
Tá 'n ġaoṫ ag seinim a ceoil go fíoċṁar.
4
Nuair ḟeicim bád beag ar an muir
Fá ṡeoltaiḃ geala 'g triall;
Naċ deas an raḋarc é ar ċrios
Na teoran 'gluasaċt ċum na friṫ'
Fa ṡolus buiḋe na gréin'
"Ċum Éireann! ċum ar m-baile ḋílis"
Sin gáir na mbádóiriḋ dtreun gcliste.
5
Os cionn na mara tá an speur
Ag lonnraḋ gan aon smúit;
'S é Parṫas geal, teaċ órḋa Dé;
'S é árus glórṁar, glinn na naoṁ
Gan peacaḋ, pian no gruaim.
'Na doiṁneaċt ġoirm, ġlain tá na reulta,
An rae, an ġrian ag riṫ go gléigeal.
6
Oċón-e-eo! tá 'n brón is mó
A gcóṁnuiḋe ort, a ṁuir,
A's béiḋ, go m-béarfaiġ bás a ḟáġail
Ar ċum Dé idir sean a's óg
A ḃfuair bás fad ó ṡoin
I ndoiṁneaċt ṁóir do ṫonn ndobrónaċ —
Seinneóċaiḋ tú annsin go glórṁar.
7
Aċt, O! is dil liom tú, a ṁuir
Is áil liom ḃeiṫ led' ṫaoiḃ
