16
AN GAODAL
Aċt cluinfead í go luaṫ
Ag seinim ceoil a ċuirfiḋ 'r gcúl
Do ḃrón go bráṫ, a ṫír na nduaḋ,
Béiḋ mór, béiḋ buan do ċlú
A's béiḋ do ṡeamróg 'rís ag bláṫuġaḋ
Níos deise fós tar éis an ċráiḋ ṁóir.
Caiṫir Luḃráis, Stát Ṁass ; an ceaṫraṁaḋ lá
deug de Faḃra, 'san mbliaḋain 1895.
A Ṡaoi ionṁuin & a ḋluiṫ ḋuine ṁuintearḋa, cuirim
ċugat dréaċt beag air an gcláirsiġ. Do ċonarc mé gur
ċuir duine ó'n sean dúiṫċe a déantanas ċugat air "An
gcláirsiġ," aċt ní'l eagla ar biṫ orm aráiḋ naċ féidir
buaḋ ḋo ḃreiṫ air an tSaoi oirḋeirc, Árd Easbog Ṫua¬
ma Tá súil agam go ġaḃfaiḋ tú mo leiṫsgeul ar son
an déaċt beag so do ċur ċugat,
"An Ċláirseas Ḃinn do ċan go Ġrinn na ceolta siġe
fadó". A Ṡaoi ḋíl is mór an sgamal atá ar Éireannaiġ
go ḃ-fuil siad ċoṁ doiṁann sin a láiḃ an aineólais naċ
ḃ-fuil meas aco ar a dteanga féin. An teanga do réir
úġdar is uaisle, is binne, is brioġṁaire & is ársa ansan
doṁan anois. An uair ḟeuċaim siar ṫre duilleoga críon
loḃṫa na sean leaḃar & ná ḟeicim aon teanga ann ta ċoṁ
bog, ċoṁ binn, ċoṁ breáġ, ċoṁ cneasta léi, líonann mo
ċroiḋe le doilġeas; Nuair ċuiṁniġim ar an neaṁ-ṡuim, &
an droċ ṁeas atá aige a clann féin dí. Tá an t-am an
ġar dúinn, & buiḋeaċas mór le Dia 'na ṫaoḃ, go m-beiḋ
na daoine atá coḃaruġaḋ leis an nGaoḋailge áṫasaċ ar
a ṡon, & iad so go ḃ-fuil náire orṫa coḃair do ḋeunaḋ
ḋi nó í laḃairt, anuair is féidir leo é, go brónaċ, doil¬
ġeasaċ, mar ní raḃ a n-anmanna sgríoḃṫa a leaḃar aiṫ¬
ḃeoḋuiġṫe na Gaoḋailge. Éirġe suas os ḃur dtáṁ-néil
a ċlanna Naoṁ Pádruicc & taisbeánaiġe do náisiúin na
crinne naċ féidir le tíorántas, nó le malluiġṫeóiriḃ Sac¬
san ḃur misneaċ nó ḃur ngean do'n Ġaoḋailge do ḃrise
síos. Cuir má's féidir leat, agcomórtuis, an beannuġ¬
aḋ tirm gan ḃriġe an tSacs-Beurla leis an m-beannuġaḋ
éifeaċtaċ bog, milis, ḋiaḋa na Gaoḋailge, & ċiḋfir áirde
& an bárr buaḋ atá aige an nGaoḋailge os a cionn.
Léiġid, a Ṡaoi Ḋíl, mo ḋréaċt & má tá tú cinnte go ḃ-
fuil sé uireaṁnaċ dod' ṗáipéar, cloḋḃuailte ar son na
h-oibre go ḃ-fuil gean mo ċroiḋe.
A Ṡaoi Ui Lóċáin, gaḃ mo ḃeannaċt & mo ḃuiḋeaċas,
& guiḋim faid saoġail ċugat féin, & sonas & seun do 'n
nGaoḋal.
Do ċara,
Tomás Ua Gríoṁṫa.
[Mr Griffin is one of the few Irishmen who may speak authoritatively on
Gaelic matters. Mr Griffin had his Irish Class in Lawrence over sixteen
years ago. The Gael and its editor have the fervent prayers of Irishmen.]
