18
AN GAOḊAL.
Dallas, Tex.,
Abrán, 18, '95
A Ċara Ḋílis:
Ṫáinig do leitir Lae 'l Pádraic ċúġ¬
am, & ċuir sé áṫas mór orm an leitir
sin a ḃeiṫ ad' láiṁscríḃin féin. Tá
meas gan tóṁas agam ort ó an t-am
a fuaireas an ċeud uiṁir de 'n Ġaoḋ¬
al mar ġeall ar an obair ṁait atá tú
ag deunaṁ. Aċ tá ar d-teangaḋ Ġae¬
ḋilge ag tógaint a cinn arís, agus is
geárr go m-beiḋ sí taoḃ le taoḃ le gaċ
teanga fóġluimte eile 'san doṁan. Do
léiġeas a bpáipéar ó Éirinn a ṫagann
ċugam go ḃ fuil níos mó de ḋaoiniḃ ag
fóġluim Gaeḋilge in Éirinn anois ná ḃí
'n aon am le ḋá ċeud bliaḋain.
Do ṡílis go mb' ḟéidir go mbuḋ aon
de na Coiríniḋe as Baile-an-ṁuilinn,
Contae na Gailliṁe, mise. Ní ṡeaḋ go
deiṁin, aċ Ciarruiġe as as mé, ó ṗar¬
áiste Ċaṫairsiḃín — an paráiste in ar
rugaḋ Dóṁnall maiṫ O Connaill, "an
treun-ḟear cóir." Do ḃí mé a mBaile-
an-ṁuilinn trí nó ceaṫair d'uairiḃ.
Ċaiṫeas ceiṫre bliaḋna dom' ṡaoġal i
g-Clárṁuiris, "Contae geal Ṁaiġeó,"
& is maiṫ & is fialṁar na daoine atá
ann.
Is fíor naċ ḃ-fuil mórán de ċlann
na h-Éireann anns an g-caṫair so no
anns an stáit so fós, aċ mar an g-
ceudna is féidir leo rud maiṫ ḋeunaḋ
nuair is áil leo sin.
Tráṫnóna dialuain seo ċuaiḋ ṫarr¬
ainn, ḃí againn 'báll' anns an áit so
(under the auspices of the Irish-Ame¬
rican Benevolent Association, a most
flourishing and prosperous local organ¬
ization), nuair a ḃí timċioll ċúig ċeud
pearsa bailliġṫe i d-teannta ċéile.
Tá súil agam naċ ḃ-feuċann tú le
tarċuisne ar an droċ-Ġaeḋilge atá
anns an leitir seo; ní'l foclóir no
congnaṁ eile lem' aice.
'Sé mo ḋóċus go ḃ-fuiġir fada lae¬
ṫiḃ & lán-ṡláinte ċum tú ḃeiṫ os cionn
an Ġaoḋail air feaḋ mórán de ḃliaḋ¬
antaiḃ fós.
Le dóċus mór,
Pádraic Ua Curráin
[A ċara i Ċurráin, ní call duit a
ḃeiṫ gaḃaḋ do leiṫsgéil; taisbeáin
dúinn an meud Éireannaċ atá 'nan a
smuainte do ċur ar ṗáipéar in a d¬
teanga ḋúṫċais ċo maiṫ leat — F E G]
An Leoṁan & a Ṫrí Coṁarlaṫóiriḋe
Ġlaoḋ an Leoṁan ar an g-Caoire & d'
ḟiafruiġ ar ḃalṫaiḋ a anáil; duḃairt
si gur ḃalṫaiḋ; ġeárr sé a ceann dí
mar amadán, Ġlaoḋ sé ar an ḃFaol¬
ċú, & d'ḟiafruiġ ḋe; duḃairt sé ná'r
ḃalṫaiḋ ; sróic sé o ċéile é mar ṗlás¬
uiḋe; faoi ḋeire, ġlaoḋ sé ar an Sion¬
naċ, & d' ḟiafruiḋ ḋe. Go cinnte ḃí
slaiġdeán air & ní ḟeudfaḋ sé balṫuġ¬
aḋ.
Ní ḋeireann daoine glice faice in
aimsir ġaḃaḋ.
Vocabulary.
coṁairliġṫeoiriḋe, councillors
korliy-
horee.
ġlaoḋ, did call,
ylee-eh.
d'ḟiafruiġ, did ask,
dheefry.
balṫaiḋ, smell thou,
balhy.
anáil, breath,
unawil.
faol-ċú a wolf,
whayulchoo
duḃairt, did say,
dhoo-airt.
plásaiḋe, a flatterer,
plawsee.
slaiġdeán, a cold,
shlydhawn.
faice, anything,
fhaickeh
gaḃaḋ, danger,
gawvah.
Translation.
The Lion and His Three Councillors.
The Lion called the Sheep to ask her
if his breath smelt; she said ay; he bit
off her head for a fool. He called the
Wolf, and asked him, he said No; he
tore him to pieces for a flatterer. At
last he called the Fox and asked him.
Truly he had a cold, and could not
smell.
Wise men say nothing in dangerous
times.
