OILEÁN ÉADUIĠ.
Brian MacAoḋ ro ċan.
Fonn — Cuan Eoċaill — Mall ⁊ sollaṁanta.
Is i n-Oileán Éadaiġ atá mo ċeud ġráḋ,
Ag ar leig mé léiṫe mo rún go h-óg,
A ḃ-fuil triúr air aon ċéill ag gul n-a diaiḋ orm,
'S gan bean a ḃréagfaḋ mo ċreaċ le fáġail.
Tá mise treiṫ-lag — ní'l gar d'a ṡeunaḋ,
Agus ní'l mé air aon ċor ach mar ḃeiḋeaṁ an ceo;
'Sa stór mo ċléiḃ is tú d' ḟág liom féin mé,
'Gus ċuaiḋ tú i g-cré uaim in do ċailín óg.
A n-aois a sédéig seaḋ fuair mé féin í,
'S buḋ láġaċ an féirín í ag fear le fáġail;
Buḋ deas a beusa 's buḋ cúṁra a méin-ṁaiṫ,
'S buḋ geall le reultán í air ṁaidin ḃreáġ.
Mo ġráḋ do ḃéilín ná'r ċum na breugaḋ,
'S do ġruaiḋ ġeall, ġlégeal mar an eala ar tráiġ,
Do ḋá ċíċ ċóra le do leanḃ a ḃreugaḋ,
Ach a stór, níor ḟeud mé ṫú ṫaḃairt ó'n m-bás.
Dá b-pósainn sláimín de ċaile ġránna,
Do ṫóigfeaḋ lán orm a ḃeiṫ gul 'na diaiġ,
Aċ an ċiúin ḃean ḃán úd ar ṫug mé gráḋ ḋí,
Is gur in a páisde do fuair mé í.
B' ḟeárr liom go mór mór mo ḋiaiḋ 'san ród í,
A bleáġan mo ḃó no a g-cinn mo ṫiġe,
Ná saiḋḃreas Ṡeorsa ⁊ fáġaim fá ḋó é,
'S gur faoi na fódaiḃ a ċuir mé í.
Dá mbeoḋ fios ag na daoine ċo buaḋarṫa 's ḃiḋim-se
An tráṫ do smuainím air mo Ṡalóg ruaḋ,
Ḃiḋeaḋ in aice liom air feaḋ na h-oiḋċe,
'S ag cóṁráḋ caoin liom le h-éiriġe 'n lae.
Ní'l gar dam smuaineaḋ go ḃ-fuiġ mé ċoiḋċe
A g-cinn mo ṫiġ í, mo leanḃ bán;
Agus fuil mo ċroiḋe i teaċt 'n a taoḋmaḋ,
'S a stór, cé 'n t-iongnaḋ é, i n-diaiḋ mo ġráḋ!
We re-publish this song by request of a valued subscriber. It was
given to us first by Mr. Martin P Ward, and, with its history, appears
in No. 4, Vol. 4 of The Gael.
GLÓRIA
Leis an nGabardonn.
Glóir do Ḋia do ċruṫuiġ mé,
Glóir do Ḋia do ṡlánuiġ mé,
Glóir do Ḋia a naoṁuiġ mé,
Aṫair, Mac a's Spiorad Naoṁ.
Triúr i n-aon a's aon i d-triúr
Tugaim daoiḃ-se 'nois onóir
Molta móra, aḋraḋ, glóir
Duit, a Ḋia, mo Ċruṫuiġṫeóir.
