(15)
11Ṁaḋ Rol. Uiṁ. 3.
IUIL,
1895.
Do Léiġeaḋ an Páipeur so leanas,
Os Coṁair Connarṫa na Gaeḋilge i
mB'l'a'cliaṫ, ar 4aḋ Oċtṁí, '93.
Tagraḋ air son Ċeoil na h-Éireann.
Leis an nGaḃar Donn.
aig 136.
agus go ḃ-fuil diṫfir ṁór eadrainn ⁊
gaċ cine eile atá ar ḋruim an doṁain.
Má's fíor so, creud fáṫ naċ ḃ-fuil an
ṁéid sin tírġráḋa aguinn ⁊ atá ag
gaċ pobal eile 'san doṁan? Congḃ-
uiġeann ar m-bráiṫre i n-Albain a g-
ceol ⁊ tá uaḃar aca as. Ċongḃuiġeann
na Breaṫnaiġe ⁊ na Sasanaiġe a g-ceol
mar an g-ceudna, ⁊ deunann gaċ cine
eile ar fud an doṁain an niḋ ceudna.
Aċt measaim gur rún le cuid ṁór de
n-ar n-daoiniḃ a d-tíoraṁlaċt a ṫeilg¬
ean ar leiṫ, ⁊ a n-diṫċioll a ḋeunaḋ
ċum nós ciniḋ eile ċur umpa. Naċ é
seo cuid de 'n obair atá ag Connraḋ
na Gaeḋilge a ḋeunaḋ — an niḋ náireaċ
seo a ċosg ċóṁ luaṫ ⁊ ċóṁ h-éifeaċtaċ
⁊ ṫig leo é, ⁊ teanga, ceol ⁊ nós na h-
Éireann a ċur ar bun ⁊ ar aġaiḋ arís
'n ar measg.
Do léiġeas tráċt ar Ṁúraiḃ na
Spáinnne in a duḃairt duine, ċuim
fear-ċeoil éigin fonn ag a raiḃ an cú¬
ṁaċt so — gul nó gáire a ċur ar na
daoiniḃ gaċ am a b'áil leis. Buḋ ion-
gantaċ, dar liom, an niḋ seo. Agus
nuair do ḃiḋeas ag léiġeaḋ leaḃar Ui
h-Argadáin do ṫárluiġ mé le niḋ an-
ċosaṁúil leis an niḋ seo, is é seo é
— 'Do ġaiḃ an Cearnaċ cláirseaċ árd
"ġuṫaċ ṡuairc-ṫeudaċ ċuige, ⁊ nuair a
d'imir sé uirri, do ċualaiḋ na macal¬
'laiḋe úd ṡíos ameasg na g-carraig é,
