AN GAOḊAL
27
Gorta, pláig a's eug.
20
Ní'l ionnta ar fad aċ siúcraḋ
Ḃ-faras gaeṫiḃ móra 's toirneaċ,
An talaṁ ar criċ le eagla,
'San cine 'r fad d'a g-cráḋ',
Sin é críoċ gaċ cúrsa;
Sin é críoċ gaċ sgiúrsa;
Sin é críoċ an t-saoġail-seo,
A's gan fios againn ce 'n lá.
21
Biġiḋ ar ḃur ngárda
Níos grinne feasda, a ċáirdiḃ,
Mar campaiḋe ar na n-árdaiḃ
'N aimsir caṫaiḃ a triall —
Ḃiḋeas réiḋ ar an tarrnge
Le troid anaġaiḋ a náṁaid,
A g-cuid arm in a láṁaiḃ
'S gan duine fanaċt siar.
22
Sgreadaiġiḋ-se ar Ṁáire,
Impiḋe ar Riġ na ngrása
Siḃ a ṫaḃairt sáḃáilte
Ó ġeur-ḃruid na sluaġ
Ḋiaḃala, leonṁar', ċraosaċ'
A claoiḋeaṁ leis an mnaoi sin
A's le n-a leanḃ Iosa,
Rug ar ifrionn buaiḋ.
23
Má ṫóigeann sise páirt liḃ
Is triaḋsa liḃ an la sin,
Buailfiḋ siḃ ḃur náṁaid
Is dóġa, sílim féin.
Ní ṫiocfaiḋ a's níor ṫainic
Caraid O! níos fearr díḃ
Ná bainríoġan na ngrása,
Aingeal agus naoṁ.
24
Tráṫ deunaḋ an dán seo
Seo é ṡios i rann díḃ
Ċo maiṫ a's a b'ḟéidir
Le ciall do ċur i ḃ-fuaim;
Far tiocfaiḋ fós an aimsir
Naċ mbeiḋ fios ce duḃairt 'n ċaint so
Nó ce an tír nó teampull
A g-codlóċad go suan. —
25
Míle a's oċt de ċeudaiḃ,
Naoi os cionn tri de ḋeugaiḃ,
Suim & dáta 'n téarma
Go séṁaḋ lá de 'n ṁí
Ó rugaḋ Críosd ó Ṁáire
I m-Betlehem ins a stábla,
Gur éiriġ an ġaoiṫ in áirde,
Leaṫ-uair ar éis an naoi.
An Cú & an Geirrḟiaḋ
Ṫainic Cú a ḃí leanaṁuint geirrḟiaḋ
ar feaḋ tamaill ḟada suas leis faoi
ḋeireaḋ, & ṫoisiġ sé i d-tosaċ d'a
ġreamaḋ & n-a ḋiaiġ d'a liġeaṁ. Gan
fios ag an ngeirrḟiaḋ cad do ḋeunaḋ
ḋe, duḃairt: "Má's cara ṫú, cia'n fáṫ
ḃ-fuilir do mo ġreamaḋ? aċ má's ná¬
ṁaid, cad ċuige ḃ-fuilir dom' ċadraḋ?
Is measa cara cluaine ná náṁaid
ċinnte: bioḋ duine rud éigin nó 'ċéile,
& in sin beiḋ fios againn le n-a ṫeag¬
raḋ.
Vocabulary.
ṫainic, came, hannick.
leanaṁuint, following, lhanwainth.
geirrḟiaḋ, a hare, (g hard) ger-ee-a
feaḋ, during, fah.
tamall, a while, thamull.
ṫosuiġ, began, huss-y.
tosaċ, first, tusaugh.
ḋiaiḋ, after, yee-ay.
liġeaṁ, iicking, lhee-uv.
greamaḋ biting, grammah.
cad, creud, what? kawdh.
ḋeunfaḋ ḋe, make of her, yaynfahye
cad ċuige, why, kawdh chuige
ḃ-fuilir, art thou, will-ir.
cadraḋ, caressing, kadrah.
cluaine, deceitful, klooneh.
teagraḋ, meet, oppose, thagrah.
Translation.
The Hound and the Hare.
A Hound after long chasing a Hare
at length came up to her, and kept
first biting and then licking him. The
Hare, not knowing what to make of
him, said: “If you are a friend, why
do you bite me? — but if a foe, why
caress me?”
A doubtful friend is worse than a
certain enemy: let a man be one thing
or the other, and we then know how
to meet him.
