(16)
11Ṁaḋ Rol. Uiṁ. 4. SEAĊT-ṀÍ
1895.
Do Léiġeaḋ an Ṗáipeur so leanas
Os Coṁair Ċonnarṫa na Gaeḋilge i
mB'l'a'cliaṫ, ar 4aḋ Oċtṁí, '93.
Tagraḋ air son Ċeoil na h-Éireann.
Leis an nGaḃar Donn.
as l.25.
g-cine fa leiṫ ⁊ go ḃ-fuil tírġráḋ ag-
uinn dul ṫarruinn. An cóir dúinn ar
g-ceol féin a ṫréigean ⁊ ceol na gcoiṁ-
iḋeaċ a ṫóġaḋ 'n a áit! Cad é an sórt
ceoil a ḟóġlaimeas ar n-daoine a n-diú?
Déarfaiḋ siḃ — ceol na máiġistir
mór. Aċt atá na maiġistir móra 'n
a nGearmainiġiḃ nó 'n a n-Iodálaiġiḃ
⁊ múineann gaċ n-aon díoḃ ceol a d-
tíre féin, óir ní ṫig leo niḋ eile a
ḋeunaḋ. Ní ḋeirim naċ suairc a g-
ceol; is suairc é go deiṁin; aċt ní
ceol na h-Éireann é. Ní ḋeirim naċ
ċóir dúinn a g-ceol a ḟóġlaim; aċt
deirim gur b' ḟearr dúinn ar g-ceol
féin a ḟóġlaim ⁊ é a ċur ar aġaiḋ ar
d-tús.
Cad is cóir ḋúinn a ḋeunaḋ ċum na
díoġḃála seó atá ag teaċt ar ċeol na
hÉireann a ċosg? Measaim gur cóir
ḋúinn ar n-aire féin a ṫaḃairt do ṡean-
ċeol ar g-ciniḋ ar d-tús ⁊ é a ḟóġlaim,
óir ní ṫig linn caint a ḋeunaḋ a d-
taoiḃ niḋ ar biṫ ar naċ ḃ-fuil fios ag-
ainn; tar éis sin baraṁail ċoitċinn a
ġríosaḋ ċum ar g-ceol a ċur ar bun in
ar measg arís ; 'nuair a deuntar an
niḋ seo tiocfaiḋ linn a iarraiḋ ar na
m-buiḋniḃ puibliġe é a ṫeagasg ins na
sgolaiḃ ⁊ ins na g-coláistiḃ ionnus go
n-deunfar stúideur áiriġṫe ḋe arís 'n
ar measg mar ḃí sé fad ó. Is cóir a
ráḋ naċ n-deunann na sgoile "náisún-
