48
AN GAOḊAL
Deas Ḃoston, an deaċṁaḋ lá de ṁí na Lúġnása, 95.
Ċum Fear-Eagair an Ġaoḋail :— A Ṡaoi Annsa, ag so dán a ċum
mé agus tá súil agam go g-cuirfiḋ tú i g-clóḋ é. Is é a ainm. —
Dán Dólásaċ Ġráinne Ṁaol. — Fonn : An Stáicín Órna.
Ḃíos ag marunna seal a n-uaigneas cois bruaċ aḃann na Sionnaine,
Agus mo smuaintiġe ar na biṫeaṁniġ ḃí deunaḋ sgrios san d-tír,
Trá do ḋearcas uaim ar stuaiḋ ċnoic bean uasal áluinn ṡonndasaċ,
Agus mná coiṁeadaċ in a cuideaċd d'a treoruġaḋ ins an t-sliġe;
Do ṫriallas faoi n-a tuairim & d'iaras uiri coṁarcaiḋ ;
Ba le briaṫra binn sarṁilise do ṫóig sí mo ċroiḋe
Oir b' í seoide fíor uaisle do réir m' eolais ar a sinsioraċt,
Sé rud duḃairt sí go mín, macánta ná biḋeaḋ buaiḋreaḋ ort a ṡaoi
D'ḟáilteas le fíor úṁalaċt do'n ṁnaoi laoiċ ṡoirċe na Banba,
A gné 's a snóḋ níor ḃ' aiṫne ḋom giḋ ba áluinn é a cruṫ,
Buḋ ṁilis, ṁaiseas, ṁeineaṁuil, deáġ-sgíaṁaċ a leaca mín,
A malaiḋ caola taiṫneaṁaċ, & ba grinn glan a rosg;
Ḃí fuilt breáġ fada, ciar-ḋuḃ go ciabaċ a casa léiṫe,
Go clannaċ, trilliseaċ, triopalaċ & é ag fás síos go crios;
Ba neaṁ-eaglaċ, treunṁar d'ḟeuċ sí go ceannasaċ —
Saṁail ċeol siġe no oragáin, buḋ sár-ḃinn é a guṫ.
Ċeisniġeas an ríoġan-ḃean an trá do leiġeaḋ mé a h-aigneaḋ,
Cia 'n ríoġaċt no tír uaiḋe i d-tainic sí no cia 'r ṡíolruiġ a traeḃ,
Nó arb' i Ḃénus an ḃean-dia Ġreugaċ, nó Deirdre ġeal na Banba,
An ḃean a ċaoin clann Uisniġ cascarṫa & iad sínte i ḃ-fuil;
"Mise bean-tiġearna ċine Máilliġ, & Gráinne Ṁaol mar ḃaisdeadar,
Mair mé go h-uasal, caiṫréimeaċ, & ḃí árd ṁeas ar mo ṡlioċd,
Aċt do ṫriall na scafairiḋ ṫar sáile le gráin ar na sladairiḋe,
Agus táimse i b-piéin ag fanaċt leo súil go léiġeasfeaḋ siad mo lot.
Ag so mar laḃair an ċúilfionn go ciuin, múinte, tláṫ, aigeannta,
Agus le fírinne d' ḟreagair sí mo ráiḋte in gaċ ceisd,
A's duḃairt go raḃ a croiḋe tinn, brónaċ fá fuar ċúis ċine Banba,
Óir tá siad i g-cóṁnuiḋe ag aṫċuinge 's gan áird ar a nguṫ;
Ní ġeaḃfuiġear Féin-Riaġal go bráṫ ó árd ċóṁairle Ṡacsanaiġ,
Mar tá siad fealltaṁuil, calgaċ mar is dual ḋíoḃ uaiḋe traeḃ,
Cuiṁniġ mar ḋíbreaḋ siad an eaglais & ḃánaiġ siad na teampuill,
Ar g-creideaṁ, ar d-tír 's ar d-teanga ṁin do ḋaor siad gan ċoir.
Is mairg atá faoi ċráḋ ag an g-cine Gallda gangaideaċ,
Naċ iomḋa cill a's mainistir do ṡlad siad 's do loisg.
Sagairt, mánaiġ 's bráiṫre d' ḟeann siad an croicionn díoḃ
Agus deaġ easpog ċreaḃṫeaċ Ċaisil Muṁan ḋéanaid luaiṫre d'a ċorp,
Is iad nár ċoigil bean na páisde na oṫar treaġdaċ aicídeaċ,
No an ṁáṫair ċlaoiḋte lagċroiḋeaċ & babán ar a h-uċt,
Aċt saṁail an ṁadra-alta no faol-ċú ciocraċ mailíseaċ
Do ḃeimeadar, do ġearradar & do ṁarḃadar gan cosg.
Is fada mise i n-dólás & air ṡólás ní cleaċdaċ mé.
Ar feaḋ seaċt g-ceud bliaḋain faoi ṫarcuisne gan faoiḋeaṁ ar biṫ,
Agus ní maoluġaḋ aċt ag geuruġaḋ tá'n sgiúrsa leunṁar ṁalluiġṫe,
