50
AN GAOḊAL
rós-uisge do reic saor. Ċoṁaireaṁ
Abu Ċasim air ċonraḋ tairḃeaċ, & do
ċuaiḋ, & do ċeannuiġ sé an stoc iom¬
lán.
Aċt eidir Abu Casim éadaċ sméar¬
ṫa, & rós uisge deáġ-ḃolaḋaċ, créad é
an ċoimceanngal is féidir a ḃeiṫ? Go
deiṁin níor ċeannuiġ sé ḋó féin é, aċd
tá rós-uisge faoi ṁeas ṁór ins an
Óirṫear, & cuirṫear mórán ḋe ó Ḃag¬
dad go Persia. Mar sin de, mar duḃ¬
ramar, do ṡúil Abu Casim táirḃe ṁó¬
ra, & ċeannuiġ sé rós-uisge air luaċ
saor, go reicfeaḋ sé é aig deiċ uaire
a ċostuis. Ḃí sé ċo taiṫniġṫe re n a
ḋeáġ-ċonnraḋ, gur smuain sé gur ċóir
ḋó, aon uair ann a ḃeaṫa, siansa ion¬
aile d' ḟáġail.
Ní túisge gur ġlac sé amaċ a ṫróiġ¬
íne 'san seomra-ionaile & ḃí air tí é
féin do noċdaḋ, gur ṫarla isteaċ
duine eigin dá ċaidreaṁ.
Air ḟéaċain na tróiġíneaḋ cluiteaċ¬
a ḋó, d'imḋearg sé an truailleánaċ, &
duḃairt leis gur daoine go coiṫċean i
m-Bagdad ag laḃairt air a ċois-éadaċ,
& gur ċóir ḋó tróiġíne eile ċeannaċ
fad ó ṡoin. "Do ḃíḋeas féin ag smuai¬
neaḋ air," d'ḟreagair Abu Casim, "aċ
ní'l siad ċo olc sin gur ní ḟéad siad
a ḃuanuġaḋ beagán nios sia" Duḃairt
an carad, i ngut ciarsánaċ, gur b'iad
'nna náire & 'nna miocliu, & gur cóir
é ḃeiṫ cosgṫa ó dul timċiol i mó so
Ċuaiḋ an fear amaċ uim a ġró féin, ⁊
ġlac Abu Casim a ionail. I n-am ceud¬
na, ṫáinic an "Caidi" de Ḃagdad le
ionáileaḋ. 'Nuair ḃí Abu Casim aig
cur a éadaiġ air, iar ṫomaḋ glanaċ,
d' iarr sé go dioṁaoin ċum a ṫróiġín¬
eaḋ. Aċd a ḃ-fogus ḋó. ḃí beirt
eile de leaṫar dearg de Morocco,
gréasta go deas. "O"! ar sé, "Is fol¬
las go ḃ-fuil na tróiġíne deasa so 'na
ṫaḃartas ó mo ċarad, nar ab mian
leis go g-caiṫfiḋ mé mo ṫróiġíne, de
ḋeiċ m-bliaḋanaiḃ, níos mó"
Gur smuain óglaċ eigin droiċḃear¬
taċ, go mbuḋ sugraḋ maiṫ é na triġine
do ṁalairt, níor ṫáinic in aintinn. Aċ
sin é an niḋ a ḃí deunta. Ċuir Abu
Casim a ċosa leaṫana, coiṁiseala 'sna
tróigíniḃ deasa, & ċuaiḋ sé amaċ go
luṫġáireaċ.
'Nuair ġlac an "Cadi" a ionaill d'iarr
na tráille go dioṁaoin ċum na tróiġ¬
íneaḋ deasa, feámanta, & fuaradar
aṁáin beirt sean, trom giobógaċ, tor¬
oṫáraċ, noċ d'aiṫin gaċ aon mar na
tróigíne d' Abul Casim. Cuireaḋ sé
searḃḟóġantuiḋe fá céadóir a n-diaġ
an ḃiṫeaṁnaiġe, óir ḃí meas gur ṁian¬
uiġ Abu Casim an ṁalairt so mar
deáġ-ḃéim de ġno Taḃaraḋ é i ḃfiaḋ¬
nuise de 'n "Ċadi," ḃí na tróiġine dea¬
sa dearga air o ċosaiḃ 'na ṫeastas
d'a ċionta, & orduiġeaḋ go príosún é.
Le fáisgeaḋ 'n dlíġe eloġ, ṫáirg sé
a eiric do ḋíolaḋ ; & mar a ḃí sé faoi
ṁeas a ḃeit saiḋḃir, mar aon 'nna
ṫruailleánaċ, dob' éigin dó a láiṁ a
ṫomaḋ go doiṁin iona ṁálaiḃ airgid
le sásaṁ a ṫaḃairt do 'n "Cadi," ⁊
d'a ḟearaiḃ. Iar so a ḋeunaḋ, ċuaiḋ
Abu Casim aḃaile croiḋe-ḃriste. Ḃí sé
ċo feargaċ anaġaiġ na tróiġíneaḋ noċ
do riġne poll ċo mór iona a ṁálaiḃ
airgid, gur ġlac, & gur ṫeilg sé iad
'san Tigris, noċ do ṫráiġ fa a ḟuineóg.
I laeṫiḃ 'neis só, ḃí iasgairiḋe aig
tarraing a g-coċal asan aṁáin. Fuar¬
adar ceann díoḃ sár ṫrom, & ḃíḋead¬
ar luaṫġáireaċ le súil de ṫarruing
móir; aċd cad de ṫarruing a ḃí sé, ḃí
na tróiġíne d'Abu Casim gaḃṫa san g-
coċal, iona riġneadar na tairnge trom
a, garba, strocaḋa móra. Ḃí laḃairt
árd ann laḃraḋ ascaine croiḋeaṁla a
n-aġaiḋ na sean troiġíneaḋ, gur ġlac,
& gur ṫeilg iasgaire óg iad ins an t-
seomra codalta ḋ' Abu Casim, mar ḃí
an ḟuinneog fosgailte. Do lean cul¬
lóid ṁóir & foṫrum isteaċ san t-seom¬
ra. 'Néis sin doráṁ na iasgairiḋe a¬
mach 'Nuair ṫáinic Abu Casim aḃaile
uim meáḋon lae, ní túisge d'ḟosgail
sé a ḋorus tosaċ, gur fáiltiġeaḋ a
ṗolláiriḋe re bolaḋ is milse, & duḃairt
leis féin le dranntaḋ sásuiġṫe, "Má
tá aig an rós-uisge 'san mbuidéalaiḃ
balaḋ ċo maiṫ,
(Le ḃeiṫ leanta.)
