(18)
12Ṁaḋ Rol. Uiṁ. 6.
GOINḂAR,
1896.
GOILLÍS NA g-COS DUḂ.
Ḃí buaċaill i gCondae Muiġeo ná 'r
niġ a ċosa ó rugaḋ é, ⁊ mar naċ d-tiuc-
faḋ le duine ar biṫ iaċal do ċur air
a ċosa niġeaḋ, tugaḋ "Goillís na g-
Cos Duḃ" air mar ainm. Is minic a
duḃairt a aṫair leis "éiriġ a stróinse
⁊ niġ tú ḟéin," aċ diaḃal cos do ċor¬
róċaḋ sé, Ní raḃ aon ṁaiṫ ag caint
leis. Ḃiḋeaḋ h-uile ḋuine i deunaḋ
magaḋ faoi mar ġeall ar a ċosaiḃ sa-
laċa, aċ ní raḃ aon t-suim nó beann
aige orṫa D'ḟeudṫá rud ar biṫ a
ráḋ leis, aċ ḃeiḋeaḋ a ṫoil féin aige
faoi ḋeire
Aon oiḋċe aṁáin ḃí 'n ṁuiriġín go h-
uile in a suiḋe timċioll na teineaḋ, ag
innsint sgeul ⁊ ag deunaḋ grinn dóiḃ
féin, ⁊ ḃí seisean in a measg. Duḃairt
an t-aṫair leis, "A ġoillís," ar sé, "tá
tú bliaḋain 's fiċe d' aois anoċt, agus
creidim nár niġ tú do ċosa ó 'n lá a
rugaḋ tú go dti seo."
"Ṫug tú d' éiṫeaċ," arsa Goillís,
"ḃí mé ag snáṁ lá Bealtaine, ⁊ níor
ḟeud mé mo ċosa ċonġḃáil as an uisge."
"Ḃí siad ċo salaċ a's ḃí siad ariaṁ
nuair a ṫainic tú do 'n tráiġ," ars an
t-aṫair.
"Ḃí siad sin, go cinnte, ar Goillís.
"Sin é 'n rud atá mé ráḋ," ars an
t-aṫair, naċ raḃ ionnat do ċosa niġe i
riaṁ."
"Agus ní niġfead go lá mo ḃáis,"
arsa Goillís.
"A biṫeaṁnuiġ ḃradaiġ! a ḃodaiġ!
a ṫincéir! a sróinse gan ṁaiṫ! cad é
an sórt freagra é sin?" ars an t-aṫ-
