AN GAOḊAL
63
Another valuable contributor to Gaelic lore.
CAILÍN DEAS CRUIDTE NA m-BÓ,
By P. Casey, Malden, Mass.
I
Air maidin 's mé ag taisdiol ṫar triuċa,
'Seaḋ ḋearcas an ċuilionn deas óg,
Do stadeasa tamall dá niuċaḋ —
Ḃí a mala 'sa cum mar an rós ;
Ḃí daṫ ann a leacain go h-iongantaċ —
Ḃí sí eudtrom, luṫṁar, gan ḃrón,
A saṁail ní ḟaca inn aon ḋúṫaiġ,
Mar ċailín deas cruiḋte na m-bó.
II
Do ḃeannuiġeas dí i d-teanga mo ḋuṫaiġ,
'S d'ḟreagair go uṁal mé inn anoint,
Do ṡaoileas naċ sgarfaḋ mo ṡúil dí
Mar ḃí grinn air a cúl mar an ór;
Do ċaiṫeasa seaċtṁain ṫar triúċa,
Giḋ go mór é mo ċúram 'sa ḃ-Foġṁar
Dá meallaḋ cois callaḋ air an n-driuċt liom,
Mo ċailín deas cruiḋte na m-bó.
III
Mollfad go deiṁin duit a ċuilfionn,
Mar ḃí fás ó 'na cúl go d-ti feor,
Go camarsaċ, fada, tiuġ, lubaċ,
Go taiṫneaṁaċ, plúraċ gan ċeó;
Ḃí leaṫair mín dearg 'na púmpa,
'S do ċasfaḋ sí puirt le 'na beol
Cuirfeaḋ aiteas air ṁaṫaiḃ na dúṫaiġ,
'S a cana deas cruiḋte na dóid.
IV
Do ḃí síoda ba ḋaoire 'na guna,
Do ḃí luis agus lúra 'na cló,
Ba ḃreaġa í ná Juno nó Ḃénus,
'S dá n-abaruiġinn Helen faoí ḋó,
'Na an reilṫion ba ḃreaġa ḃí n-Éirinn,
Ṫug a ḃarr léi ó 'n Gréig go Lios Mór,
Agus ṗósainn gan talaṁ 'ná spré í,
'Na córuġaḋ sean eudaiġ go deo.
V
Stadfaiḋ mé feasda ḋam ḋreuċta
Agus geallaim ní ḋéarfaḋ níos mó,
Mar ní'l agam acfuinn na éiṫfeaċt,
Agus ní ċuirfinn an t-éiṫeaċ i g-cló;
Ḃeirim bárr do ḋántaiḃ na h-Éireann,
An t-ioleán binn aeraċ na neon,
Do ḃíoḋ mná ann i m-bántaiḃ ag aoḋaireaċt
Agus laḃairt sean Ġaeḋilge 'na m-beol.
